Tá an t-eagrán nua de Churaclam Matamaitice na Bunscoile foilsithe
Tar éis sheoladh Chreatchuraclam na Bunscoile i mí an Mhárta i mbliana, táthar anois tar éis an Curaclam Mhatamaitice Bunscoile nua a fhoilsiú. Tá leagtha amach leis an gcuraclam fís úr d’fhoghlaim mhatamaiticiúil páistí a bhfuil de shaintréithe inti spraíúlacht, cruthaitheacht, dúshlán, dul sa seans, comhoibriú agus deiseanna le haghaidh réasúnaíochta agus chun fadhbanna fíorshaoil a réiteach.
Mar bhonn agus mar thaca faoi fhorbairt an churaclaim, tá taighde, comhairliúchán, cur agus cúiteamh agus dlúth-chomhoibriú le scoileanna.
Chun tacú le múinteoirí an curaclam nua a chur i bhfeidhm, tá réimse tacaíochtaí sa Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile, lena n-áirítear coincheapa matamaitice, contanaim dul chun cinn, ábhair thacaíochta agus samplaí d’fhoghlaim na bpáistí. Táthar tar éis an tsonraíocht churaclaim nua, mar aon le Tacar Uirlisí na Matamaitice Bunscoile a fhoilsiú ar https://www.curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Mathematics/.
Foilsiú tuarascálacha comhairliúcháin
Reáchtáladh comhairliúchán ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile idir Márta agus Meitheamh 2022. I gcaitheamh an ama sin, chuala CNCM tuairimí múinteoirí, ceannairí scoile, páistí, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile i dtaobh mhatamaitic na bunscoile.
Táthar tar éis dhá thuarascáil chomhairliúcháin a fhoilsiú anois lenar scaipeadh an méid a bhí le rá ag páistí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile faoin dréachtchuraclam.
Report on the Consultation on the Draft Primary Mathematics Curriculum
Sa chéad tuarascáil chomhairliúcháin, tá torthaí a d’eascair as sonraí a tiomsaíodh trí na ceistneoirí ar líne d’oideoirí agus do thuismitheoirí, aighneachtaí scríofa, agus an Líonra Scoileanna.
Tuarascáil ar an gComhairliúchán le Páistí ar Dhréachtchuraclam matamaitice na Bunscoile
Sa dara tuarascáil chomhairliúcháin, tá torthaí a bailíodh ó pháistí thar roinnt scoileanna. Rinne foireann taighde as Coláiste Mhuire Gan Smál an píosa taighde seo a riar agus ba dheis thábhachtach é do na páistí a gcuid tuairimí maidir lena dtaithí ar fhoghlaim na matamaitice a chomhroinnt. Féach ar an bhfíseán thíos den Dr Aisling Leavy (Coláiste Mhuire gan Smál) ina gcomhroinneann sí léargas a d’eascair as an gcomhairliúchán le páistí.
Baineadh feidhm as torthaí an chomhairliúcháin mar bhonn fiúntach chun tacú le cur i gcrích Churaclam Matamaitice na Bunscoile, a fhoilseofar níos déanaí i mbliana. Déanfar nuashonruithe ar fhoilsiú an churaclaim nua a chomhroinnt ar an leathanach gréasáin seo.
Comhairliúchán 2022
Reáchtáladh an comhairliúchán ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile ina iomláine idir 24 Márta agus 30 Meitheamh 2022.
Dréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile
Dréacht‑Fhorléargas ar Thacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile
Dréachtábhair Thacaíochta
1. Réamhrá maidir le Tascanna atá Dúshlánach go Cognaíoch a úsáid
2. Tacú leis an gcleachtas ionchuimsitheach agus Am á mhúineadh
4. Mata-Chaint a Chur Chun Cinn chun tacú le foghlaim na bpáistí
ar Ionadluach i gCéim 1 & 2
5. Timpeallachtaí saibhre foghlama a chruthú
6. Tacú le Forbairt Súile Mata sa Bhaile agus sa Phobal
7. Ullmhúchán i gcomhair teagaisc agus foghlama i matamaitic na bunscoile
8. Súile Mata a fhorbairt sa seomra ranga
9. Réamhrá maidir leis an Samhaltú Matamaiticiúil
10. Tacú leis an Samhaltú Matamaiticiúil sa seomra ranga
11. Gníomhaíochtaí, tascanna agus fadhbanna a dhearadh le haghaidh Samhaltú Matamaiticiúil
Taighde breise maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim i ranganna sinsearacha na bunscoile
Anuas ar an taighde cuimsitheach a rinneadh maidir leis an matamaitic a theagasc agus a fhoghlaim i gcás páistí idir 4-8 mbliana d’aois, choimisiúnaigh CNCM tacar nua taighde a théann i ngleic le teagasc agus foghlaim i gcás na bpáistí atá i ranganna sinsearacha na bunscoile. Áirítear na nithe seo a leanas leis an taighde:
Aguisín taighde leis na Buntuarascálacha Taighde 17 & 18 dar teideal 'Learning and Teaching Primary Mathematics'. Sa pháipéar cuimsitheach taighde seo, a scríobh an Dr Therese Dooley (2019), dírítear ar mheánbhlianta agus ar bhlianta deireanacha na bunscolaíochta chun príomhsmaointe agus breathnuithe don teagasc agus don fhoghlaim a fhiosrú.
Sraith de chúig pháipéar ghearra taighde a bhaineann le cúig phríomhréimse na foghlama matamaiticiúla ina bpléitear na príomhchoincheapa foghlama, na próisis mhatamaiticiúla agus na príomhtheachtaireachtaí don chur chun feidhme sa seomra ranga.
- Ailgéabar i ranganna sinsearacha na bunscoile - An Dr Aisling Twohill (2020)
- Sonraí agus Seans i ranganna sinsearacha na bunscoile - An Dr Aisling Leavy (2020)
- Tomhais i ranganna sinsearacha na bunscoile - Dr Siún Nic Mhuirí (2020)
- Uimhreas i ranganna sinsearacha na bunscoile - An Dr Seán Delaney (2020)
- Cruth agus Spás i ranganna sinsearacha na bunscoile - An Dr Siún Nic Mhuirí (2020)
Tuarascáil Chomhairliúcháin 2018
Cuirfear tús le comhairliúchán ar Churaclam Matamaitice nua na Bunscoile ó rang na Naíonán Sóisearach go Rang a Dó idir Deireadh Fómhair 2017 agus Márta 2018. Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán seo foilsithe anois. Forbraíodh físeán atá in éineacht leis an tuarascáil chun an comhairliúchán a achoimriú agus is féidir féachaint air thíos. Arís eile, gabhaimid buíochas libh ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán.
Tá an dréachtsonraíocht do rang na naíonán sóisearach go rang a dó ar fáil anseo. I ndiaidh tréimhse chomhairliúcháin, tá an tsonraíocht seo á leasú agus á leathnú faoi láthair do rang na naíonán sóisearach go rang a sé.
Páipéir Thaighde
Aguisín taighde
Foilsíodh aguisín taighde leis na buntuarascálacha thíos i mí Mheán Fómhair 2019. Fiosraíonn sé teagasc agus foghlaim mhatamaiticiúil i mblianta lárnacha agus blianta deireanacha an bhunoideachais.
Tuarascálacha taighde
An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana - 8 mbliana): Achoimrí Feidhmeacha
An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana - 8 mbliana): Sainmhínithe, teoiricí, forbairt agus dul chun cinn. TUARASCÁIL TAIGHDE Uimh. 17
An Mhatamaitic sa Luath-óige agus san Oideachas Bunscoile (3 bliana - 8 mbliana): Teagasc agus foghlaim. TUARASCÁIL TAIGHDE Uimh. 18
Bloic Thógála na Luathmhatamaitice
Cad iad bloic thógála na matamaitice? Cé chomh tábhachtach is atá siad? Freagraíonn Doug Clements na ceisteanna seo trí achoimre a dhéanamh ar thaighde agus ar obair forbartha le déanaí. Cur chuige teagaisc éifeachtach amháin atá i ngach ceann díobh seo ná teagasc a bhunú ar chonairí foghlama. Léireofar an cur chuige seo trí thacar tionscadal taighde a úsáideann conairí foghlama go rathúil.
Reáchtáladh comhdháil ar fhorbairt smaointe matamaitice le páistí (3 bliana-8 mbliana) ar an Luan, 24 Samhain 2014 san Ionad Comhdhála i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Chuala toscairí eochairnótaí ón Ollamh Douglas Clements (Ollscoil Denver) agus ón Ollamh Elizabeth Wood (Ollscoil Sheffield) agus ghlac siad páirt i gceardlanna ag díriú aird ar obair mhatamaitice nuálach i scoileanna agus i seirbhísí luath-óige. Cuireadh clabhsúr leis an gcomhdháil nuair a sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, dhá thuarascáil taighde:
- Mathematics in Early Childhood and Primary Education (3-8 years): Definitions, Theories, Development and Progression. NCCA Research Report No. 17
- Mathematics in Early Childhood and Primary Education (3-8 years): Teaching and Learning. NCCA Research Report No. 18
- Details of the conference, including video recordings of conference, two research reports and information on the workshops