Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Fisic agus Ceimic na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Fisic agus Ceimic na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
Céim reatha
Céim 7
Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim idir an 9 Feabhra agus an 17 Aibreán.Amlíne an Ábhair
Taispeánann an amlíne seo na céimeanna atá i gceist le forbairt na sonraíochta. Léiríonn sé na céimeanna atá críochnaithe cheana féin, na céimeanna atá le déanamh fós, agus an chéim ghníomhach reatha.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Rinneadh cuairteanna scoile
Tá CNCM tar éis cuairt a thabhairt ar roinnt scoileanna mar chuid den obair chun aiseolas a bhailiú ar an gcuraclam reatha agus ar fhorbairtí féideartha amach anseo.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Tionóladh an Mheitheal Forbartha
Tionóladh an Mheitheal Forbartha ar an 30 Meán Fómhair agus tá a cuid oibre le críochnú faoin Meán Fómhair, 2027.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Cáipéis Eolais agus Treoir le foilsiú
Foilsítear an Cháipéis Eolais agus Treoir ar líne tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle. Cuireann sí bonn faoi obair na Meithle Forbartha agus cuimsítear taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta inti lena n-áirítear agallaimh le bainistíocht scoile, múinteoirí ábhair agus scoláirí ó roinnt scoileanna.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir idir an 6 Eanáir agus an 28 Feabhra, 2024.
10 DFómh 2025 - 30 Samh 2025
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Foilsítear an tuarascáil ar an gCáipéis Eolais agus Treoir tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle agus foilsítear ar líne í.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Forbairt agus foilsiú na Dréachtsonraíochta Curaclaim
Agus iad faoi threoir ag an Treoir maidir lena cuid oibre agus aiseolas ón gcomhairliúchán ar an gCáipéis Eolais, ullmhaíonn an Mheitheal Forbartha dréachtsonraíocht churaclaim. Foilsítear an Dréachtsonraíocht Churaclaim tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim idir an 9 Feabhra agus an 17 Aibreán.
9 Feabh 2026 - 17 Aib 2026
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Tá an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim faofa ag an mBord agus ag an gComhairle araon agus foilsíodh ar líne í. Baineann an Mheitheal Forbartha úsáid as na torthaí ón Tuarascáil ar an Dréachtsonraíocht leis an tSonraíocht a thabhairt i gcrích.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
An tSonraíocht Churaclaim deiridh faofa ag an gComhairle
Ní mór don Bhord plé a dhéanamh ar an tSonraíocht Churaclaim deiridh agus faomhadh a fháil ón gComhairle sular féidir í a chur ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Óige lena faomhadh don uair dheireanach.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Faomhadh agus foilsiú an Aire
Tá faomhadh déanta ag an Aire ar an tsonraíocht agus tá sí ar fáil ar curriculumonline.ie
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Foilsíodh treoirlínte chun tacú leis an gComhpháirt Mheasúnaithe sa Bhreis
Forbraíonn CNCM treoirlínte CMB i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus tacaíonn an Roinn Oideachais agus Óige, Oide agus fócasghrúpaí múinteoirí leo.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Tá an Dréachtsonraíocht le haghaidh Eolaíocht Fhisiceach (ar a dtugaí Fisic agus Ceimic) ceadaithe le haghaidh comhairliúchán poiblí. Mairfidh tréimhse an chomhairliúcháin ón Luan, an 9 Feabhra 2026 go dtí an Aoine, an 17 Aibreán, 2026.
Tá rannpháirtíocht dhomhain i gceist leis an gcomhairliúchán le réimse leathan de pháirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá CNCM tar éis dul i dteagmháil le scoileanna chomh maith le páirt a ghlacadh i ngrúpaí fócais scoilbhunaithe a mbeidh múinteoirí, scoláirí, agus ceannairí scoile páirteach iontu.
Cuirimid fáilte romhat páirt a ghlacadh agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht.
Má tá tú ag freagairt mar dhuine aonair (múinteoir/tuismitheoir/scoláire/ceannaire/oideoir múinteora/léachtóir/taighdeoir), iarrtar ort an suirbhé ar líne a chomhlánú.
Má tá tú ag freagairt thar ceann eagraíochta, iarrtar ort an fhoirm thaisce ar líne a chomhlánú foirm thaiscthe ar líne agus í a chur ar ais chuig scconsultations@ncca.ie roimh an 17 Aibreán ar 5in.
Freastal ar an imeacht comhairliúcháin. Cuir isteach ar áit ag an imeacht comhairliúcháin in Luimneach Dé Déardaoin, an 20 Márta 2026. Dúnfar na hiarratais ar an 5 Márta 2026 ar 5i.n., agus tá teorainn ar an líon áiteanna. Rachfar i dteagmháil leo siúd ag bheidh ag freastal trí ríomhphost tar éis an spriocdháta.
Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán sin le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha Eolaíocht Fhisiceach (ar a dtugaí Fisic agus Ceimic) maidir le beachtú a dhéanamh ar an dréachtsonraíocht roimh an bhfaomhadh agus an foilsiú deiridh.
Draft LC Physical Science (formerly known as Physics and Chemistry)
Tháinig an mheitheal forbartha do Fisice agus Ceimice na hArdteistiméireachta le chéile ar an 30 Meán Fómhair 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.
Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus treoir don athbhreithniú ar Fisic agus Ceimic na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt Fisic agus Ceimic na hArdteistiméireachta de.
Cáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Fisic agus Ceimic na hArdteistiméireachta
Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 6ú Eanáir go dtí an 28ú Feabhra 2025 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Bhealtaine 2025.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.
Cruinniú 1: 30 Meán Fómhair 2024
Cruinniú 7 & 8: 13 & 14 Bealtaine 2025
Cruinniú 9: 2 Meán Fómhair 2025
Cruinniú 10: 2 Deireadh Fómhair 2025
Cruinniú 11 & 12: 3 & 4 Samhain 2025
Cruinniu 14: 9 Eanáir 2026