Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
Céim reatha
Céim 7
Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim idir an 9 Feabhra agus an 17 Aibreán.Amlíne an Ábhair
Taispeánann an amlíne seo na céimeanna atá i gceist le forbairt na sonraíochta. Léiríonn sé na céimeanna atá críochnaithe cheana féin, na céimeanna atá le déanamh fós, agus an chéim ghníomhach reatha.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Rinneadh cuairteanna scoile
Tá CNCM tar éis cuairt a thabhairt ar roinnt scoileanna mar chuid den obair chun aiseolas a bhailiú ar an gcuraclam reatha agus ar fhorbairtí féideartha amach anseo.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Tionóladh an Mheitheal Forbartha
Tionóladh an Mheitheal Forbartha ar an 30 Meán Fómhair agus tá a cuid oibre le críochnú faoin Meán Fómhair, 2027.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Cáipéis Eolais agus Treoir le foilsiú
Foilsítear an Cháipéis Eolais agus Treoir ar líne tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle. Cuireann sí bonn faoi obair na Meithle Forbartha agus cuimsítear taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta inti lena n-áirítear agallaimh le bainistíocht scoile, múinteoirí ábhair agus scoláirí ó roinnt scoileanna.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir idir an 6 Eanáir agus an 28 Feabhra, 2024.
10 DFómh 2025 - 30 Samh 2025
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Foilsítear an tuarascáil ar an gCáipéis Eolais agus Treoir tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle agus foilsítear ar líne í.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Forbairt agus foilsiú na Dréachtsonraíochta Curaclaim
Agus iad faoi threoir ag an Treoir maidir lena cuid oibre agus aiseolas ón gcomhairliúchán ar an gCáipéis Eolais, ullmhaíonn an Mheitheal Forbartha dréachtsonraíocht churaclaim. Foilsítear an Dréachtsonraíocht Churaclaim tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim idir an 9 Feabhra agus an 17 Aibreán.
9 Feabh 2026 - 17 Aib 2026
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Tá an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim faofa ag an mBord agus ag an gComhairle araon agus foilsíodh ar líne í. Baineann an Mheitheal Forbartha úsáid as na torthaí ón Tuarascáil ar an Dréachtsonraíocht leis an tSonraíocht a thabhairt i gcrích.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
An tSonraíocht Churaclaim deiridh faofa ag an gComhairle
Ní mór don Bhord plé a dhéanamh ar an tSonraíocht Churaclaim deiridh agus faomhadh a fháil ón gComhairle sular féidir í a chur ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Óige lena faomhadh don uair dheireanach.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Faomhadh agus foilsiú an Aire
Tá faomhadh déanta ag an Aire ar an tsonraíocht agus tá sí ar fáil ar curriculumonline.ie
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Amlíne an Ábhair
Foilsíodh treoirlínte chun tacú leis an gComhpháirt Mheasúnaithe sa Bhreis
Forbraíonn CNCM treoirlínte CMB i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus tacaíonn an Roinn Oideachais agus Óige, Oide agus fócasghrúpaí múinteoirí leo.
Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Tá an Dreáchtsonraíocht le haghaidh Eolaíocht Talmhaíochtana hArdteistiméireachta ceadaithe le haghaidh comhairliúchán poiblí.
Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ón Luan an 9 Feabhra go dtí Dé hAoine an 17 Aibreán 2026.
Tá rannpháirtíocht dhomhain i gceist leis an gcomhairliúchán le réimse leathan de pháirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá CNCM tar éis dul i dteagmháil le scoileanna chomh maith le páirt a ghlacadh i ngrúpaí fócais scoilbhunaithe a mbeidh múinteoirí, scoláirí, agus ceannairí scoile páirteach iontu.
Cuirimid fáilte romhat páirt a ghlacadh agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht.
Má tá tú ag freagairt mar dhuine aonair (múinteoir/tuismitheoir/scoláire/ceannaire/oideoir múinteora/léachtóir/ taighdeoir), iarrtar ort an suirbhé ar líne a chomhlánú.
Má tá tú ag freagairt thar ceann eagraíochta, iarrtar ort an fhoirm aighneachta ar líne a chomhlánú agus í a chur ar ais chuig scconsultations@ncca.ie faoin Dé hAoine an 17 Aibreán ar 5pm.
Freastal ar an imeacht comhairliúcháin
Cuir iarratas isteach chun freastal ar an imeacht comhairliúcháin Dé hAoine 20 Márta 2026 in Óstan an Limerick Strand, Luimneach. Dúnfar na hiarratais Déardaoin 5 Márta agus beidh teorainn ar líon na rannpháirtithe. Seolfar ríomhphost chucu siúd a bheidh ag freastal ar an imeacht comhairliúcháin tar éis an spriocdháta.
Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán sin le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha Eolaíocht Talmhaíochtana hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a mhionchoigeartú roimh an bhfaomhadh agus an foilsiú deiridh.
Dréachtsonraíocht Churaclaim d’Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta
Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus treoir don athbhreithniú ar Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt Eolaíocht Talmhaíochtana hArdteistiméireachta de.
Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 6ú Eanáir go dtí an 28ú Feabhra 2025 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Bhealtaine 2025.
Tháinig an mheitheal forbartha d'Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta le chéile ar an 30 Meán Fómhair 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.
- Cruinniú 1 – 30 Meán Fómhair 2024
- Cruinniú 2 - 16 Deireadh Fómhair 2024
- Cruinniú 3 - 08 Samhain 2024
- Cruinniú 4 – 4 Nollaig 2024
- Cruinniú 5 - 13 Eanáir 2025
- Cruinniú 6 - 11 Feabhra 2025
- Cruinniú 7 - 12 Márta 2025
- Cruinniú 8 - 8 Aibreán 2025
- Cruinniú 11 – 9 Deireadh Fómhair 2025
- Cruinniú 12 – 4 Samhain 2025
-
Cruinniú 13 – 3 agus 4 Nollaig 2025
I ndiaidh comhairliúchán tosaigh ar Pháipéar Cúlra i Samhain-Nollaig 2014 agus Tuarascáil Chomhairliúcháin i Márta 2015, forbraíodh dréachtsonraíocht d’Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta.
Is é is aidhm le hEolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta ná go mbeidh an foghlaimeoir in ann:
- léirthuiscint a fháil ar an gcomhshaol nádúrtha agus ar an idirbheartaíocht idir an duine agus é agus le húsáid oiriúnach a bhaint as a chuid acmhainní, agus é ag aithint an ghá le cur chuige réasúnach agus cothrom maidir le mí-úsáid na n-acmhainní seo i gcomhthéacs áitiúil agus domhanda.
- an gá le straitéisí ábhartha agus polasaithe don tionscadal agraibhia a aithint, agus an tábhacht dhomhanda a bhaineann leo agus deiseanna le haghaidh nuálaíochta agus fiontraíochta a aithint i gcomhthéacs margaí áitiúla, réigiúnacha agus domhanda.
- a chuid eolais agus scileanna eolaíochta a fhorbairt, i gcomhthéacs cleachtais talmhaíochta, agus an tuiscint atá aige ar cheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis na cleachtais seo a mhéadú.
Is féidir teacht ar an tuarascáil chomhairliúcháin agus ar an doiciméad eolais tríd na naisc seo a leanas:
Tá ionadaithe i nGrúpa Forbartha Eolaíocht Talmhaíochta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit.