Eacnamaíocht Bhaile

Thug CNCM faoi athbhreithniú agus athfhorbairt ar Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta le déanaí.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.

Amlíne an Ábhair

Céim reatha

Céim 7

Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim idir an 9 Feabhra agus an 17 Aibreán.
Curtha i gcrích
Téacs reatha
Téacs todhchaí
Eochair Eolais
Meán Fómhair 2024 - Meán Fómhair 2027

Cáipéis Eolais agus Meitheal Forbartha

Céim 1
Céim 2
Céim 3
Céim 4
10 DFómh 2025 - 30 Samh 2025
Céim 5

Dréachtsonraíocht Churaclaim

Céim 6
Céim 7
9 Feabh 2026 - 17 Aib 2026
Céim 8
Céim 9
Céim 10

Treoirlínte CMB

Céim 11

Amlíne an Ábhair

Taispeánann an amlíne seo na céimeanna atá i gceist le forbairt na sonraíochta. Léiríonn sé na céimeanna atá críochnaithe cheana féin, na céimeanna atá le déanamh fós, agus an chéim ghníomhach reatha.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 1

Rinneadh cuairteanna scoile

Tá CNCM tar éis cuairt a thabhairt ar roinnt scoileanna mar chuid den obair chun aiseolas a bhailiú ar an gcuraclam reatha agus ar fhorbairtí féideartha amach anseo.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 2

Tionóladh an Mheitheal Forbartha

Tionóladh an Mheitheal Forbartha ar an 30 Meán Fómhair agus tá a cuid oibre le críochnú faoin Meán Fómhair, 2027.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 3

Cáipéis Eolais agus Treoir le foilsiú

Foilsítear an Cháipéis Eolais agus Treoir ar líne tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle. Cuireann sí bonn faoi obair na Meithle Forbartha agus cuimsítear taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta inti lena n-áirítear agallaimh le bainistíocht scoile, múinteoirí ábhair agus scoláirí ó roinnt scoileanna.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 4

Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir

Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir idir an 6 Eanáir agus an 28 Feabhra, 2024.

10 DFómh 2025 - 30 Samh 2025

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 5

Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir

Foilsítear an tuarascáil ar an gCáipéis Eolais agus Treoir tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle agus foilsítear ar líne í.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 6

Forbairt agus foilsiú na Dréachtsonraíochta Curaclaim

Agus iad faoi threoir ag an Treoir maidir lena cuid oibre agus aiseolas ón gcomhairliúchán ar an gCáipéis Eolais, ullmhaíonn an Mheitheal Forbartha dréachtsonraíocht churaclaim. Foilsítear an Dréachtsonraíocht Churaclaim tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 7

Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim idir an 9 Feabhra agus an 17 Aibreán.

9 Feabh 2026 - 17 Aib 2026

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 8

Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Tá an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim faofa ag an mBord agus ag an gComhairle araon agus foilsíodh ar líne í. Baineann an Mheitheal Forbartha úsáid as na torthaí ón Tuarascáil ar an Dréachtsonraíocht leis an tSonraíocht a thabhairt i gcrích.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 9

An tSonraíocht Churaclaim deiridh faofa ag an gComhairle

Ní mór don Bhord plé a dhéanamh ar an tSonraíocht Churaclaim deiridh agus faomhadh a fháil ón gComhairle sular féidir í a chur ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Óige lena faomhadh don uair dheireanach.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 10

Faomhadh agus foilsiú an Aire

Tá faomhadh déanta ag an Aire ar an tsonraíocht agus tá sí ar fáil ar curriculumonline.ie

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Amlíne an Ábhair

Céim 11

Foilsíodh treoirlínte chun tacú leis an gComhpháirt Mheasúnaithe sa Bhreis

Forbraíonn CNCM treoirlínte CMB i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus tacaíonn an Roinn Oideachais agus Óige, Oide agus fócasghrúpaí múinteoirí leo.

Céim reatha:

Céim 7 - Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim

Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht

Tá an Dréachtsonraíocht do Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí.

Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ón 9 Feabhra go dtí an 17 Aibreán 2026.

Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá teagmháil déanta ag CNCM le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe a bhfuil múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu.

Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht.


Freagra Aonair

Má tá tú ag freagairt mar dhuine aonair (múinteoir / tuismitheoir / mac léinn / ceannaire scoile / oideachasóir múinteora / léachtóir/ taighdeoir) comhlánaigh an suirbhé ar líne le do thoil.


Freagra na hEagraíochta

Má tá tú ag freagairt thar ceann eagraíochta, comhlánaigh an fhoirm aighneachta ar líne le do thoil agus seol chuig scconsultations@ncca.ie  roimh 25 Aibréan ag 5in.


Freastal ar an imeacht chomhairliúcháin

Déan iarratas chun freastal ar an imeacht chomhairliúcháin ar 9 Feabhra. 

Dúnann na hiarratais ar 27 Feabhra 2026 agus tá líon teoranta áiteanna. Déanfar teagmháil le lucht freastail ar ríomhphost tar éis an spriocdháta.


 

Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair an meitheal forbartha ar son Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar go críochnaitheach í, agus sula bhfoilseofar í.

Dréacht: Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta

Tháinig an Meitheal Forbartha Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta le chéile ar an 30 Meán Fómhair 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn. 

Cáipéis eolais agus treoir don athbhreithniú ar Eacnamaíocht Bhaile

Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus treoir don athbhreithniú ar Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta de.

Cáipéis eolais agus treoir don athbhreithniú ar Eacnamaíocht Bhaile – Siollabas Eolaíoch agus Sóisialta na hArdteistiméireachta

Comhairliúchán Poiblí

Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 6ú Eanáir go dtí an 28ú Feabhra 2025 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Bhealtaine 2025.

Tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar na cáipéisí eolais agus treoracha don athbhreithniú ar na hábhair i dTráinse 3