Creatchuraclam na Bunscoile agus Réimsí Curaclaim

San áireamh leis an gcuraclam tá Creatchuraclam na Bunscoile agus sonraíochtaí le haghaidh cúig réimse curaclaim.

Curaclam na Bunscoile

Timthriall ocht mbliana atá sa bhunoideachas: naíonáin shóisearacha, naíonáin shinsearacha, agus rang a haon go rang a sé. Tá Curaclam athfhorbartha na Bunscoile anois foilsithe agus tabharfar isteach é i ngach bunscoil agus i ngach scoil speisialta sna blianta amach romhainn.

Creatchuraclam na Bunscoile

Is é Creatchuraclam na Bunscoile an bonn le haghaidh foghlaim, teagasc agus measúnú ar ardchaighdeán do gach páiste atá ag freastal ar bhunscoileanna agus ar scoileanna speisialta. Léiríonn sé an tuiscint chomhroinnte atá againn ar na gnéithe dearfacha iomadúla den oideachas inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta, agus an mhuinín atá againn astu, agus ag an am céanna cuireann sé treoirphlean ar fáil chun feabhsú an bhunoideachais agus an oideachais speisialta a threorú do na blianta amach romhainn. Bain úsáid as na cluaisíní thíos chun gnéithe de Chreat Curaclaim na Bunscoile a fhiosrú nó rochtain a fháil ar an doiciméad iomlán agus ar cheisteanna coitianta. 

 

Fís

Tá sé mar aidhm leis an gcuraclam bunchloch láidir a leagan síos do gach páiste chun go mbeidh siad faoi bhláth agus faoi rath, ag tacú leo chun a gcumas iomlán a chomhlíonadh mar dhaoine aonair agus mar bhaill de phobail agus den tsochaí i gcaitheamh a n-óige, de réir mar a théann siad ar aghaidh tríd an mbunoideachas agus an t-oideachas speisialta, agus tríd an iar-bhunoideachas. Agus é ag tógáil ar an taithí a bhí acu roimhe seo, féachtar ar pháistí sa churaclam mar dhaoine uathúla, ábalta agus comhbhácha, agus ar mhúinteoirí mar ghairmithe tiomanta, sciliúla agus gníomhaíocha

Prionsabail na Foghlama, an Teagaisc agus an Mheasúnaithe 

Tá ocht bprionsabal uileghabhálacha nach mór do scoileanna a bhreithniú agus fís an churaclaim á saothrú acu. Cuireann na prionsabail in iúl céard iad na nithe san oideachas bunscoile agus speisialta a gcuirimid luach orthu agus céard atá i gcroílár na foghlama, an teagaisc agus an mheasúnaithe ardchaighdeáin i gcuraclam na bunscoile. Léigh tuilleadh faoi gach ceann de na prionsabail thíos. 

Prionsabail na Foghlama, an Teagaisc agus an Mheasúnaithe

Príomhinniúlachtaí

Tá seacht bPríomhinniúlacht do pháistí leabaithe chun an domhainfhoghlaim a chothú agus chun cur leis an bhforbairt iomlánaíoch. Tacaíonn na seacht bpríomhinniúlacht, mar gheall ar a nádúr idirnasctha, le fís an churaclaim cumhacht a thabhairt do páistí gníomhú agus cinntí a dhéanamh maidir le heispéiris, imeachtaí agus cásanna foghlama ar leith.  

Réimsí agus Ábhair Churaclaim

Cuirtear an curaclam i láthair i gcúig réimse leathana curaclaim:

  1.  Teanga
  2. Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus
    Matamaitice (ETIM)
  3. Folláine
  4.  Oideachas Ealaíon
  5. Oideachas Sóisialta agus Imshaoil.

Tugtar níos mó idirdhealaithe, ó thaobh ábhar de, isteach sna réimsí curaclaim de réir mar a théann na páistí trí na ranganna bunscoile. Chomh maith leis na cúig cheantar, tá sé de cheart dlíthiúil ag pátrúin scoile a gclár féin a dhearadh de réir éiteas a scoile. Bain úsáid as na cluaisíní thíos chun níos mó a fhoghlaim faoi gach réimse curaclaim nó tabhair cuairt ar www.curriculumonline.ie chun na sonraíochtaí iomlána a fheiceáil. 

Reimsi agus abhair churaclaim

Cuireann foghlaim teangacha ar chumas pháistí an domhan mórthimpeall orthu a thuiscint agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine eile. Is iomaí cineál cumarsáide atá ann is minic go mbíonn sí ilmhódach. Ach éagsúlacht mhór téacsanna a léamh, cothaítear tuiscint páistí do litríocht ó chultúir éagsúla agus an taitneamh a bhaineann siad aisti. Cuireann teanga ar chumas páistí a bheith rannpháirteach ó thaobh na mothúchán de, go sóisialta, go cognaíoch, go samhlaíoch agus go haeistéitiúil i gcaidrimh agus in eispéiris chultúrtha. Ach deiseanna a chur ar fáil do pháistí a bheith cruthaitheach trí theanga, is mó seans a bheidh ann go mbainfidh siad taitneamh as a bheith ag foghlaim teanga. Aithnítear sa churaclam na haistir foghlama teanga ar a bhfuil gach páiste sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Lena chois sin tugann sé aitheantas d'éagsúlacht teangacha, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann san áireamh, a úsáidtear i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na hÉireann agus baintear leas as an éagsúlacht chéanna. Tacaítear le nuatheangacha iasachta a thabhairt isteach i gcéimeanna 3 agus 4, ag tógáil diaidh ar ndiaidh ar an eolas agus feasacht ar theanga atá ag páistí cheana féin agus ag dul ar aghaidh ó shamhail feasachta teanga go samhail inniúlachta i gcéim 4.

Tacaíonn Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) le hacmhainn na bpáistí tuiscint a fháil ar an domhan mórthimpeall orthu agus dul i ngleic leis go hiomlán. Is í an Mhatamaitic is bonn leis an eolaíocht, teicneolaíocht agus innealtóireacht agus is é atá inti ná staidéar ar na gaolta, ar na ceangail agus ar na patrúin atá timpeall orainn. Tá dlúthcheangal idir an eolaíocht agus an teicneolaíocht agus innealtóireacht agus cuireann siad ar chumas páistí tairbhe a bhaint as a bheith ag foghlaim faoi theicneolaíochtaí traidisiúnta, faoi theicneolaíochtaí comhaimseartha agus faoi theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, agus as a bheith ag obair leo. Agus próiseas deartha innealtóireachta á úsáid acu, faigheann páistí deiseanna chun réitigh ar fhadhbanna san fhíorshaol a spreagadh trí thurgnamhaíocht agus imscrúdú spraíúil. Cuireann fiosrú eolaíochta ar chumas páistí freisin suim a chur sa domhan bitheolaíoch, ábharach agus fisiciúil, agus tuiscint air a fhorbairt, ach coincheapa agus próisis eolaíochta a chíoradh agus a fhiosrú.

Tacaíonn folláine le forbairt shóisialta, mhothúchánach agus fhisiciúil na bpáistí anois agus amach anseo. Cuireann sí ar chumas páistí féinfheasacht agus féineolas a fhorbairt, scileanna saoil a thógáil agus braistint láidir a fhorbairt go bhfuil dlúthbhaint acu lena scoil, lena bpobal agus leis an tsochaí níos leithne. Chun na scileanna agus na meonta sin a fhorbairt, tá sé tábhachtach do pháistí a dtuiscint eiticiúil féin ar an domhan a fhorbairt. Spreagann oideachas luachanna machnamh ar roghanna, deiseanna a iniúchadh, agus tiomantas do fhreagrachtaí. Spreagfar páistí le luach a chur ar a bhfuil i gceist le bheith i do shaoránach gníomhach, le cearta agus freagrachtaí i gcomhthéacsanna áitiúla agus níos leithne. Tugann folláine deiseanna struchtúrtha do pháistí a bheith chomh folláin agus is féidir, go fisiciúil agus go mothúchánach. Tarlaíonn sé sin ach iad a spreagadh le tabhairt faoi ghníomhaíocht choirp agus roghanna a bhfuil bonn eolais fúthu a dhéanamh i dtaca le slí mhaireachtála shláintiúil. Ina theannta sin, tacaíonn folláine le páistí chun luach a chur ar chaidrimh dhearfacha agus shláintiúla le daoine eile. Cuid de sin is ea tuiscint a fháil ar ghnéasacht an duine atá cothrom agus ceangailte leis na gnéithe caidreamhacha agus mothúchánacha.

Tá taithí leathan ar na healaíona ina bunchuid do pháistí i rith na bunscolaíochta ar fad. Léiríonn agus síneann na hEalaíona tuiscint na bpáistí, a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht trí réimse leathan eispéireas. Is féidir le heispéiris den sórt sin aird gach páiste a tharraingt, inspioráid a thabhairt dóibh agus iad a shaibhriú, ag gríosú na samhlaíochta agus á spreagadh lena gcumas cruthaitheach agus a gcumas chun iad féin a chur in iúl a bhaint amach. Cuireann Ealaín, Drámaíocht agus Ceol deiseanna ar fáil d’éispéiris leathana sna healaíona, lena n-áirítear na hamharcealaíona, ealaíona na meán agus damhsa, a bhfuil ról luachmhar acu in eispéireas páistí ar óige. Cuidíonn eispéiris den sórt sin leo páirt iomlán a ghlacadh ina bpobal agus sa tsochaí trí chéile. Cé go bhfuil comhphróiseas cruthaitheach ag Ealaín, Drámaíocht agus Ceol, tá a chuid eolais, a choincheapa agus a scileanna féin ag gach ceann acu agus tá luach ann féin ag gach ceann acu. Trí leas a bhaint as níos mó ná ábhar amháin, is féidir foghlaim i bhfoirmeacha ealaíne eile a fheabhsú agus a fhorbairt trí chur chuige comhtháite maidir le hOideachas Ealaíon.

Cuireann Oideachas Sóisialta agus Imshaoil le tuiscint agus le forbairt na bpáistí ar na gnéithe agus próisis stairiúla, thíreolaíocha agus sochaí den saol, gnéithe agus próisis atá ceangailte le chéile. Tacaíonn sé le feasacht na bpáistí ar an domhan, lena léirthuiscint dó agus lena dtuiscint air trí bheith ag foghlaim faoi éagsúlacht shaibhir pobal: a n-eispéiris, a gcultúir, a reiligiún, a gcreidimh agus a dtimpeallachtaí ag amanna éagsúla, in áiteanna éagsúla agus i gcúinsí éagsúla. Cabhraíonn sé le páiste tuiscint a fhorbairt ar na timpeallachtaí daonna agus nádúrtha agus an caidreamh idir eatarthu. Trí Oideachas Sóisialta agus Imshaoil, forbraíonn páistí na dearcthaí, na coincheapa, na meonta, an t-eolas, na scileanna, agus na luachanna a spreagann iad agus a chumasaíonn iad le bheith ina saoránaigh eolacha agus ghníomhacha a chuireann todhchaí níos inbhuanaithe chun cinn. Déantar é seo ar bhealach níos fiúntaí agus níos cumhachtaithe trí shainaithint, fiosrú agus iniúchadh gníomhach na bpáistí ar dhúshláin agus ar dheiseanna áitiúla, náisiúnta agus domhanda, san am atá thart agus san am i láthair. Dá réir sin, tagann páistí ar thuiscint agus ar léirthuiscint ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí bunúsacha mar chaomhnóirí an phláinéid seo.

Leagadh amach i gCreatchuraclam na Bunscoile leithdháiltí ama molta do gach réimse agus ábhar curaclaim.  Tá dhá chatagóir sna leithdháiltí ama: Íos-Am Curaclaim (seachtainiúil agus míosúil) agus Am Solúbtha (míosúil). Soláthraíonn Íos-Am Curaclaim leithdháileadh ama seachtainiúil don Teanga, don Mhatamaitic agus don Fholláine agus leithdháileadh ama míosúil (bunaithe ar thréimhse ceithre seachtaine) d'oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; agus Oideachas Ealaíon. Tá sé beartaithe go n-úsáidfear leithdháiltí ama go solúbtha, ar mhaithe le foghlaim chomhtháite a chuimsiú, leas a bhaint as deiseanna foghlama nach rabhthas ag súil leo, luas na foghlama a shocrú mar fhreagairt ar riachtanais na bpáistí, agus tacú le heispéiris foghlama thumthacha agus tharraingteacha.