Corpoideachas na hArdteistiméireachta

Cuireadh tús le forbairt sonraíochta nua le haghaidh Chorpoideachas na hArdteistiméireachta.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Chorpoideachas (CO) na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag Development Group for Leaving Certificate PE san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha thíos lena n-áirítear an treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.

Bhí an Dréachtsonraíocht do Corpoideachas na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí ón 24.02.25 - 25.04.25.  

Dréachtsonraíocht Corpoideachas na hArdteistiméireachta

Is éard a bhí i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Rinne CNCM teagmháil le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe ina raibh múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu. 

Chabhraigh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Mheiatheal Forbartha Corpoideachas na hArdteistiméireachta  chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar go críochnaitheach í agus sula bhfoilseofar í. 

 Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán seo foilsithe anois. 

Tuarascáil ar an gcomhairliúcháin ar dhréachtsonraíocht Chorpoideachas na hArdteistiméireachta 

Sceidealaíodh go dtabharfadh CNCM faoi athbhreithniú luath ar an gcur i bhfeidhm nuair a bheadh an cúrsa curtha i gcrích ag an gcéad chohórt de scoláirí ach cuireadh an plean sin ar fionraí i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar an bpaindéim Covid-19. Níorbh fhéidir tús a chur leis an athbhreithniú go dtí scoilbhliain 2022 - 2023, nuair a bheadh na socruithe curaclaim agus measúnaithe comhlánaithe ag scoláirí mar atá leagtha amach sa tsonraíocht churaclaim.
Cuireadh an t‑athbhreithniú seo ar chur i bhfeidhm luath Chorpoideachas na hArdteistiméireachta i gcrích in 2023 chun aiseolas a bhailiú agus fiosrú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • mar atá an curaclam á chur i bhfeidhm agus mar a d’fhéadfaí é a fheabhsú
  • taithí an scoláire ar fhoghlaim agus measúnú
  • mar a bhíonn múinteoirí ag obair leis an gcuraclam.


Brief for the Review of Leaving Certificate Physical Educationtugtar forléargas ar an gcomhairliúchán a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú agus ansin tugtar achoimre ar na torthaí. Bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe, tá leagtha amach ag deireadh na tuarascála croí-léargais agus croí-mholtaí i dtaca le mionathruithe ar an tsonraíocht.


Nóta don Léitheoir:

D’fhaomh an Chomhairle an tuarascáil seo i mí Bealtaine 2023. Cuimsítear léi freagairtí molta do thorthaí an athbhreithnithe, a leagtar amach i dtáblaí 3 agus 4 (leathanaigh 14 agus 15). Bhí na moltaí i dTábla 3 le cur i bhfeidhm ar an bpointe boise, ach leagtar amach moltaí i dTábla 4 atá le meas ag Meitheal Forbartha Chorpoideachas na hArdteistiméireachta.

De bharr luasghéarú maidir le hathfhorbairt na sraithe sinsearaí, a d’fhógair an tAire Oideachais i mí Mheán Fómhair in 2023, chuir Corpoideachas na hArdteistiméireachta tús lena chuid oibre i mí Feabhra 2024 mar aon leis na hábhair eile i dTráinse 2. Cinntíonn an cur chuige seo go ndéanfar nuashonrú an churaclaim a ailíniú de réir athfhorbairt níos leithne na sraithe sinsearaí.

An Mheitheal Forbartha, mar chuid dá machnaimh níos leithne, déanfaidh sí machnamh ar an moladh i dTábla 3 chun Aclaíocht agus Corpacmhainn Phearsanta a bhaint mar rogha don Mheasúnú Feidhmíochta. Déanfar machnamh ar na moltaí i dTábla 4 i bhfianaise athfhorbairt níos leithne sa tsraith shinsearach lena n‑áirítear na paraiméadair le haghaidh an dearaidh de Chomhpháirteanna Measúnaithe Breise maidir le forbairt na sonraíochtaí le haghaidh gach ábhair i dTráinse 2.

Tabharfar isteach an curaclam nuashonraithe do Chorpoideachais na hArdteistiméireachta i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2026.

An early enactment review was scheduled to be undertaken by NCCA when the first cohort of students had completed the course but this plan was suspended in March 2020 due to the Covid-19 pandemic. It was not possible to commence the review until the 2022 - 2023 school year, when students had completed the curriculum and assessment arrangements as set out in the curriculum specification.
This early enactment review of LCPE was completed in 2023 to gather feedback and explore:

  • how the curriculum is being enacted and how it could be improved
  • the student experience of learning and assessment
  • how teachers are working with the curriculum.


The report on the early enactment review presents an overview of the consultation conducted as part of the review, followed by a summary of the findings. Based on the findings from the review, the report concludes with key insights and recommendations for modifications to the specification.


Reader’s note:

This report was approved by the Council in May 2023. It contains recommended responses to the findings of the review, which are outlined in tables 3 and 4 (pages 14 and 15). The recommendations in Table 3 were for immediate implementation, while Table 4 outlines recommendations for consideration by the Leaving Certificate PE Development Group.

Due to the acceleration of the redevelopment of senior cycle, announced by the Minister for Education in September 2023, the Leaving Certificate PE commenced its work in February 2024 alongside the other Tranche 2 subjects. This approach ensures that the updating of the curriculum will be aligned to the broader redevelopment of senior cycle.

The recommendation in Table 3 to remove Personal Exercise and Fitness as an option for the Performance Assessment will now be considered by the Development Group as part of its broader considerations. The recommendations in Table 4 will be considered in light of the broader redevelopment in senior cycle including the parameters for the design of Additional Assessment Components in the development of specifications for all Tranche 2 subjects.

The updated LC PE curriculum will be introduced in schools in September 2026.