Plean Straitéiseach

Dréachtphlean Straitéiseach 2026-2029 

Tá Dréachtphlean Straitéiseach CNCM don tréimhse 2026 go 2029 ar fáil anois. Cuirimid fáilte roimh aiseolas agus moltaí chun cabhrú leis an bplean a thabhairt chun críche, plean a threoróidh obair na Comhairle sna ceithre bliana amach romhainn agus í ag cur comhairle ar fáil don Aire Oideachais agus Óige maidir le curaclam agus measúnú.

Is féidir leat d’aiseolas a roinnt linn trí ríomhphost a sheoladh chuig ceo@ncca.ie faoi mheán lae, Dé Luain, an 16 Feabhra.

Phlean Straitéiseach, 2022–2025

D’fhoilsigh CNCM a Phlean Straitéiseach 2022-2025. Is í fís an Chomhairle forbairtí a stiúradh agus a choinneáil sa tsúil maidir le curaclam agus measúnú atá sách forleathan ionas go mbeidh páistí agus scoláirí in ann eispéiris thaitneamhacha, rannpháirtíochta, ábhartha agus dhúshlánacha go cuí a bheith acu chomh maith le tairbhe a bhaint astu, chun tacú le foghlaim, maireachtáil, cúnamh, cúram, agus obair ar an saol a bhíonn ag athrú i gcónaí.

Sonraíonn an Plean Straitéiseach 2022-2025 trí sprioc straitéiseacha agus ceithre chumasóir a threoraíonn oibre na Comhairle le linn an ama sin.