Freagracht chomhroinnte idir teaghlaigh, réamhscoileanna agus scoileanna is ea tacú leis an aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil. Seo chugat cúpla smaoineamh ar an gcaoi le páirt a thabhairt do thuismitheoirí maidir le tacú leis an aistriú sin.
Tacaíonn ábhair an Phas Oideachais le heolas na ndaltaí a aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Gheobhaidh tú anseo ábhair an Phas Oideachais a mbainfidh bunscoil do pháiste úsáid astu chun tacú le comhroinnt cuid den eolas faoina fhoghlaim/foghlaim leis an iar-bhunscoil. Comhroinnfidh an bhunscoil an fhaisnéis seo ach amháin tar éis dearbhú a fháil ón iar-bhunscoil go bhfuil do pháiste cláraithe.