Mar thuismitheoir, tá ról ríthábhachtach agat in oideachas do pháiste. Tá roinnt acmhainní forbartha ag CNCM chun faisnéis a chur ar fáil duit faoin gcuraclam agus chun cabhrú leat tacú le foghlaim do pháiste sa bhunscoil. Tá roinnt díobh ar fáil i dteangacha éagsúla. Caith súil ar na hacmhainní anseo thíos.
Faisnéis faoi fhoghlaim na bpáistí sa bhunscoil
Tacú le foghlaim agus forbairt do pháiste
- Foghlaim agus forbairt trí mheán an tsúgartha
- Na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann le súgradh rioscach do do pháiste
- Tacú le foghlaim agus forbairt páistí idir 4 agus 8 mbliana d’aois: Príomhtheachtaireacht do thuismitheoirí
Foghlaim na Matamaitice sa Bhaile
In 2023, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais leagan nua de Primary Mathematics Curriculum do pháistí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.
Thíos, gheobhaidh tú eolas, moltaí agus leideanna chun cabhrú le do pháiste leis an Matamaitic sa bhaile. Dearadh na tacaíochtaí seo le bheith spraíúil agus spórtúil duit féin agus do do pháiste.
- Físeán Tosaigh do Churaclam Matamaitice na Bunscoile
-
Ag tacú le foghlaim do pháiste ar fud an churaclaim sa bhaile
Moltaí don fhoghlaim sa bhaile
Is féidir teacht ar thacaíocht thíos atá dírithe ar gach topaic mhatamaitice ar leith a dtabharfaidh páistí fúithi sa Bhunscoil.
Is féidir úsáid a bhaint as na tacaíochtaí seo sa bhaile chun na heispéiris spraíúla tharraingteacha a bhíonn ag do pháiste ar scoil a neartú agus a dhaingniú. I measc na dtacaíochtaí tá: smaointe agus gníomhaíochtaí praiticiúla, moltaí do chluichí, ealaíona agus ceardaíocht, moltaí leabhar agus acmhainní áisiúla ar líne. -
Machnamh a Dhéanamh ar fhoghlaim na Matamaitice
Dírítear sa churaclam Matamaitice nua ar ‘conas’ a fhoghlaimíonn páistí chomh maith le ‘céard’ a fhoghlaimíonn siad. Tugtar roinnt moltaí san acmhainn seo, is féidir le múinteoirí a úsáid ar scoil, le labhairt le do pháiste maidir lena fhoghlaim sa Mhatamaitic.
-
Bealaí chun tacú le do pháiste sa Mhatamaitic ó lá go lá
Áirítear ar an leidbhileog seo gníomhaíochtaí laethúla ar féidir leo tacú le foghlaim Matamaitice do pháiste sa bhaile.
- Faisnéis maidir le Curaclam Matamaitice na Bunscoile
Foghlaim na Gaeilge sa Bhaile
Ar scoil, tá do pháiste ag foghlaim na Gaeilge mar chuid de Churaclam Teanga na Bunscoile. Forbraíodh na ceithre leidbhileog thíos chun cabhrú le tuismitheoirí tacú lena bpáistí agus iad i mbun fhoghlaim na Gaeilge. Ar gach leidbhileog cuirtear síos ar raon gníomhaíochtaí is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh lena bpáistí i nGaeilge sa bhaile. Ceapadh na hábhair seo le bheith spraíúil agus tarraingteach do thuismitheoirí agus do pháistí araon.














