Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic

Cuireann an roinn seo sonraí ar fáil maidir le forbairt churaclaim san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic.

Baineann cuid thábhachtach d’oideachas páiste le foghlaim faoi, agus tuiscint a fháil ar shaoil, luachanna agus traidisiúin a chairde, a chomhscoláirí agus baill phobail níos fairsinge. Tá cuid mhaith den fhoghlaim seo ar siúl cheana féin i seomraí ranga Éireannacha, ina gcothaítear mhothúcháin an pháiste féin maidir le haitheantas agus leis an áit is dual agus ina dtugtar meas ar na mothúcháin sin. Lena chinntiú go bhfuil an deis do gach páiste tabhairt faoina leithead d’fhoghlaim agus lena chinntiú go n-aithnítear dea-chleachtais atá ann cheana féin i scoileanna, tá an CNCM ag forbairt curaclaim san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic.

  • Gheobhaidh tú athbhreithniú agus taighde a bhaineann le hORC agus Eitic anseo. 

D’oibrigh an CNCM le líonra scoileanna chun a gcleachtais uilechuimsitheacha a roinnt le scoileanna eile. Baineann na cleachtais uilechuimsitheacha leis an éagsúlacht in ár scoileanna. Baineann siad freisin le cúrsaí eitice agus luachanna. Tá go leor acu bunaithe ar na Treoirlínte Idirchultúir do Bhunscoileanna agus baineann cuid acu leis an múinteoireacht agus leis an bhfoghlaim a ndearnadh cur síos orthu sna moltaí do churaclam san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh agus Eitic.  D'fhorbair cleachtais eile as comhthéacsanna agus riachtanais shonracha scoile. 

Sharing Inclusive Practice: Introduction Video Play Sharing Inclusive Practice: Introduction Video Sharing Inclusive Practice: Introduction Video

Sharing Inclusive Practice: Introduction Video

Balbriggan Educate Together

Fealsúnacht do Pháistí Play Fealsúnacht do Pháistí Fealsúnacht do Pháistí

Fealsúnacht do Pháistí (P4C) is ea cur chuige i leith foghlama agus teagaisc a thugann tacaíocht do pháistí lena smaointeoireacht, lena réasúnaíocht agus lena gceistiúchán. Tugann sé tacaíocht do pháistí freisin chun a gcreidimh agus a luachanna pearsanta a chur in iúl agus chun éisteacht le creidimh agus le luachanna daoine eile.

Mí Chearta an Duine Play Mí Chearta an Duine Mí Chearta an Duine

Cur chuige sa scoil uile maidir le tuiscint, le heolas agus le feasacht níos fearr a fhorbairt ar chearta an duine a roinnimid.

Eglish National School

Deasghnáth na Maidine Play Deasghnáth na Maidine Deasghnáth na Maidine

Cleachtas arb é is aidhm leis tacú le páistí spiorad réamhghníomhach a fhorbairt chun iad féin a chumhachtú agus chun páirt a ghlacadh ina saolta féin.

Tionól faoi threoir an phaiste Play Tionól faoi threoir an phaiste Tionól faoi threoir an phaiste

Cleachtas a thacaíonn le páistí a mbraistint freagrachta agus féinmheasa a fhorbairt ach rólanna ceannaireachta a ghlacadh ina dtionóil féin.

Gaelscoil Riabhach

Croí na Scoile Play Croí na Scoile Croí na Scoile

Cur chuige sa scoil uile maidir le foghlaim faoi reiligiúin agus faoi chreidimh éagsúla bunaithe ar éiteas scoile.

Kilcoskan National School

Reiligiúin agus Creidimh: Tionscadal ranga Play Reiligiúin agus Creidimh: Tionscadal ranga Reiligiúin agus Creidimh: Tionscadal ranga

Tionscadal ilghnéitheach le ranganna sinsearacha ina ndearna páistí iniúchadh ar reiligiúin agus ar chreidimh éagsúla trí fhiosrúchán agus trí fhoghlaim ó thaithí.

Cód scoile a chruthú Play Cód scoile a chruthú Cód scoile a chruthú

Guthanna páistí a chur san áireamh i bhforbairt rialacha na scoile.

St. Thomas’ Junior National School

Seachtain Idirchultúir Play Seachtain Idirchultúir Seachtain Idirchultúir

Cur chuige chun an oidhreacht chultúrtha, theangeolaíoch agus reiligiúnach laistigh de phobal scoile a roinnt agus a fheabhsú.

Leabhair Phictiúr a Úsáid Play Leabhair Phictiúr a Úsáid Leabhair Phictiúr a Úsáid

Úsáid a bhaint as leabhair phictiúr chun iniúchadh a dhéanamh ar théama na comhthuisceana sna ranganna sóisearacha

Naas Community National School

The Respect Project Play The Respect Project The Respect Project

Description of a whole school project

Socratic Questioning Play Socratic Questioning Socratic Questioning

The use of socratic questioning to challenge stereotypes

Restorative Practice Play Restorative Practice Restorative Practice

Teachers discuss Restorative Practice, an approach to dealing with challenging situations in the school

Student Council Play Student Council Student Council

The establishment of a school council

Seimineár Cleachtais Uilechuimsitheacha 

Tháinig an líonra scoileanna le chéile ar an 19ú Aibreán 2018 i Marino chun an obair a tharlaíonn sna scoileanna a cheiliúradh agus a roinnt le pobal níos leithne. Thug an tOllamh Aislinn O’Donnell (Ollscoil Mhá Nuad) agus an Dr Patricia Kieran (Coláiste Mhuire gan Smál) eochairchaint an spéisiúl. Tá na buaicphointí le feiceáil anseo.

Going Visiting Play Going Visiting Going Visiting

The Enquiring Classroom project