Fáilte chuig podchraoladh bunscoile CNCM, podchraoladh ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Is cuid thábhachtach dár ról in CNCM é guthanna éagsúla a bhailiú, dearcthaí leathana a mheas agus comhdhearcadh a fhorbairt ar ábhair a bhaineann le foghlaim, teagasc agus measúnú i scoileanna. Labhraímid le múinteoirí, príomhoidí, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile, ag soláthar spás inar féidir linn smaointe agus peirspictíochtaí éagsúla a thabhairt le chéile agus a roinnt. Agus é sin á dhéanamh againn, oibrímid le chéile chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcuraclam agus ar an measúnú inár gcóras oideachais. Is leo féin na tuairimí a chuireann na haíonna in iúl sa phodchraoladh seo agus ní gá go léiríonn siad tuairimí CNCM ná go ndéanann siad ionadaíocht orthu.
Tá súil againn go spreagfaidh sé seo do chomhráite féin faoin gcuraclam agus cuirimid fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an bpodchraoladh trí ríomhphost a chur chugainn ag podcast@ncca.ie nó tríd an haischlib #nccapodcast a úsáid chun leanúint leis an gcomhrá ar na meáin shóisialta. Tá Podchraoladh Bunscoile CNCM ar fáil ar Shuíomh Gréasáin CNCM, Spotify, Apple Podcasts agus ardáin óstála podchraoltaí eile.