Measúnú

Is próiseas é measúnú a bhaineann le gineadh, bailiú, taifeadadh, léirmhíniú, úsáid agus tuairisciú fianaise ar fhoghlaim i ndaoine aonair, i ngrúpaí nó i gcórais, agus braitheann sé ar roinnt uirlisí agus modhanna. Cuireann measúnú oideachais faisnéis ar fáil maidir le dul chun cinn foghlama. Ag cur le taithí mhúinteoirí, phríomhoidí, thuismitheoirí agus pháistí an Churaclaim Bhunscoile, cuireann an CNCM réimse tacaíochtaí ar fáil do scoileanna in úsáid measúnaithe mar chuid de chleachtadh laethúil an tseomra ranga.

Baineann an measúnú sa bhunscoil le pictiúr a fhorbairt le himeacht ama ar dhul chun cinn foghlama an pháiste ar fud an churaclaim. Úsáideann an múinteoir bealaí éagsúla chun fianaise a bhailiú faoi conas agus cad a fhoghlaimíonn an páiste ar bhonn leanúnach. Úsáidtear an fhaisnéis sin chun foghlaim reatha an pháiste a cheiliúradh, agus chun cabhrú le cinntí a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna eile don fhoghlaim amach anseo.

 

Bunaíodh Grúpa Oibre Teicniúil don Mheasúnú Bunscoile chun treoir agus tacaíochtaí measúnaithe a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta. Is iad seo a leanas na comhaltaí:

  • Eugene Wall, Coláiste Mhuire Gan Smál
  • Zita Lysaght, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Paula Lehane, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Damien Murchan, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Alan Sheehan, SNAFLC Dúglas Baile an Róistigh
  • Pádraig Fahey, An Roinn Oideachais

Cinntigh, le do thoil, go bhfuil an leagan is déanaí de Adobe Reader suiteáilte chun an comhad idirghníomhach seo a íoslódáil agus a léamh as líne.