Rinne CNCM Fóram Scoileanna a bhunú, rud a chuimsigh gréasán de bhunscoileanna, scoileanna speisialta, iar-bhunscoileanna agus réamhscoileanna as gach cearn den tír. Táthar tar éis é seo a shíniú anois go dtí 60 scoil agus, le chéile, léiríonn siad seo an éagsúlacht shaibhir de comhthéacsanna scoileanna in Éirinn. Tagann múinteoirí, ceannairí scoile agus cleachtóirí réamhscoile le chéile san Fhóram d’fhonn athbhreithniú agus athfhorbairt an churaclaim bunscoile a threorú agus chun cabhrú lena mhúnlú. Mar a dúirt múinteoir ainmnithe amháin, is ionann an Fóram Scoileanna agus spás inar féidir machnamh a dhéanamh ar cheisteanna móra, mar shampla, cé na rudaí san oideachas a measaimid iad a bheith luachmhar, cad é an cuspóir atá leo, cén chaoi ar cheart páistí a theagasc agus cad é ba cheart a theagasc dóibh, cé na nithe atá tábhachtach sa chomhthéacs reatha againn agus cén sórt riachtanas a bheadh ann sa todhchaí?
-
Tugann an Fóram Scoileanna deiseanna do CNCM chun:
- Bheith ag oibriú le múinteoirí/cleachtóirí agus scoileanna/réamhscoileanna mar ghníomhairí lárnacha san fhorbairt curaclaim
- Cur leis an taighde, leis na seimineáir churaclaim, agus seimineáir agus próisis inmheánacha CNCM a threorú ag leibhéal an ‘chleachtais’
- Bheith ag foghlaim ó scoileanna/réamhscoileanna mar shuíomhanna ina dtarlaíonn forbairt curaclaim
- Bheith ag glacadh le haiseolas dearfach faoin taighde i riocht ‘braistintí’ daoine
- Tuairimíocht agus aiseolas a ghiniúint ar athbhreithniú agus athfhorbairt churaclam na bunscoile.


-
Soláthraíonn an Fóram Scoileanna deiseanna do scoileanna / réamhscoileanna chun:
- Bheith ag foghlaim faoi na próisis a bhaineann leis an athbhreithniú agus athfhorbairt ar churaclam na bunscoile
- Bheith ag comhoibriú agus a gcuid smaointe, eispéireas agus moltaí i dtaca le treonna todhchaí le haghaidh curaclam bunscoile athfhorbartha a roinnt
- Taighde a neadú sa chleachtas trí aiseolas a chur chun tosaigh i dtaca le Dréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
- Obair an Fhóraim a roinnt ag an leibhéal áitiúil, mar shampla, trí na Boird Bhainistíochta, trí Chumainn Tuismitheoirí agus trí líonraí áitiúla eile.

-
Cuimsítear an méid seo a leanas le Ballraíocht Fhóram na Scoileanna:
Réamhscoileanna
Creative Kids, Baile Bhailcín, Co. Bhaile Átha CliathKidz@Play, Maigh Nuad, Co. Chill DaraLuathbhlianta Carraigbriste agus Chill Éignigh, Inis Córthaidh, Co. Loch GarmanYoung World, Baile Átha Í, Co. Chill DaraBunscoileanna
Scoil Náisiúnta Belgrove na mBuachaillí Sinsearacha, Cluain Tarbh, Co. Bhaile Átha CliathBunscoil Rís Shinsearach, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch GarmanSN Bhéal Átha Conaill, an Tulach, Co. CheatharlachSN an Bhaile Mhóir, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGallScoil Naíonán Central Model Sráid Maoilbhríde, Co. Bhaile Átha CliathSN Chúirte, Guaire, Co. Loch GarmanSN an Chraoslaigh, an Craoslach, Co. Dhún na nGallSN Dalkey School Project, Gleann na gCaorach, Co. Bhaile Átha CliathSN Impir, Baile na Carraige, Co. na hIarmhíSN an Lána Ghlais, Cluain Tarbh, Baile Átha CliathScoil na Corónach Muire Naofa, Baile Chill Mhantáin, Co. Chill MhantáinSN na hInse, Inis, Co. an ChláirSN Phobail Leamhcáin, Leamhcán, Co. Bhaile Átha CliathBunscoil Chlochar na Trócaire, an Nás, Co. Chill DaraScoil Náisiúnta ‘Milford Grange’, Caisleán an Treoigh, Co. LuimnighSN Mhaigh Oirthir, Lios Tuathail, Co. ChiarraíScoil Shóisearach an Bhaile Nua, Bóthar Íochtarach an Bhaile Nua, Co. Phort LáirgeSN Ag Foghlaim le Chéile Bhaile an Phaoraigh, Baile an Phaoraigh, Co. Bhaile Átha CliathScoil Il-Sainchreidmheach Raghnallach, Raghnallach, Co. Baile Átha CliathSN Pharóiste Ráth Fearnáin, Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha CliathSNS Scoil Bhríde, Domhnach Míde, Baile Átha CliathScoil Bhríde, Bun an Tábhairne, Co. ChorcaíScoil Chlann Naofa, Béal an Átha Móir, Co. LiatromaSN Scoil Mhuire agus Eoin, Baile na mBocht, Co. ChorcaíScoil Mhuire Shinsearach, Baile an Bhlácaigh, Co. Bhaile Átha CliathScoil Mhuire, Ceanannas, Co. na MíScoil Naomh Eoin, Coill an Aird, Co. LaoiseScoil Naomh Iósaf Bealach Conglais, Co. Chill MhantáinSN Etchen Naofa, Cionn Átha Gad, Co. na hIarmhíSN St Maries of the Isle, Sráid an Easpaig, Co. ChorcaíBunscoil Pharóiste Naomh Muire Droichead Átha, Co. LúBunscoil Naomh Muire, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhíSN Lárnach Naomh Muire, Durlas, Co. Thiobraid ÁrannSN Naomh Muire, an Teampall Mór, Co. Thiobraid ÁrannSN Naomh Muire, Muine Bheag, Co. CheatharlachSNC Bhríde, Glas Naíon, Co. Bhaile Átha CliathBunscoil Naomh Claire, Cnoc an Choiligh, Co. an ChabháinSN Choill Naomh Comán, Baile Ros Comáin, Co. Ros ComáinSN Thobar an Léinn, Maighean Rátha, Co. LaoiseBunscoil Ursalach, Baile Throcail, Co. Phort LáirgeSN Wandesford, Caisleán an Chomair, Co. Chill ChainnighGaelscoileanna
Scoil Fhursa, Lóiste na Níle, Co. na GaillimheGaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh, Co. ChorcaíScoil Uí Ghramhnaigh, Áth Buí, Co. na MíGaelscoil Ruairí, Maigh Nuad, Co. Chill DaraGaelscoil Mhachan, an Dúcharraig, Co. ChorcaíScoileanna Speisialta
Scoil Speisialta Naomh Cecilia, an Chreig, Co. ShligighScoil Speisialta an Teaghlaigh Naofa, Muinchille, Co. an ChabháinScoil Speisialta Naomh Caitríona, na Clocha Liatha, Co. Chill MhantáinScoil Speisialta Mhíchíl, an Caisleán Riabhach, Co. Ros ComáinScoil Speisialta Naomh Antaine, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh EoIar-Bhunscoileanna
Pobalscoil Mhullach Íde, Mullach Íde, Co. Bhaile Átha CliathColáiste Pobail an Bhóthair Bhuí, an Bóthar Buí, Co. na MíColáiste Pobail Thuamhan, Páirc Radharc na Coille, Co. Luimnigh -
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar chruinnithe a reáchtáladh go dtí seo thíos:
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna - Ar líne ar an ardán Zoom, an 18 Samhain 2021
- Fáilte roimh na scoileanna agus réamhscoileanna úra a bhí ag teacht isteach san fhóram
- Forléargas ar obair CNCM i dtaca le comhairle a chur ar an Aire Oideachais faoi churaclam agus faoi mheasúnú don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
- Forléargas ar obair an Fóraim Scoileanna ó bunaíodh é i mí na Bealtaine, 2018, i dtaca leis na moltaí i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile a mhúnlú
- Forléargas ar phróiseas athbhreithnithe agus athfhorbartha an Churaclaim Bunscoile
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna - Ar líne ar an ardán Zoom, an 8 Nollaig 2021
- Forléargas ar na moltaí i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
- Plé ar na príomhtheachtaireachtaí i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
- Forléargas ar fhormáid an chomhairliúcháin
- Aiseolas ó chomhaltaí ainmnithe an fhóraim i dtaca le formáid an chomhairliúcháin
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna - Ar líne ar an ardán Zoom, an 17 Eanáir 2022
- Ionchur ón Dr Joan Kiely i dtaca le Snáithe Ghuth an Pháiste de chuid an Chomhairliúcháin ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile a bhfuil Institiúid Oideachais Marino ag tabhairt faoi.
- Seisiún Ceisteanna agus Freagraí ar Chomhairliúchán Ghuth an Pháiste.
- Cur síos ar ábhair na gceardlann comhairliúcháin ar líne lena n-úsáid ag scoileanna agus réamhscoileanna an fhóraim chun aiseolas a sholáthar ar na moltaí atá i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
- Cur in aithne chomhaltaí an Phainéil Chomhairligh (Bunscolaíocht) – an tOll. Jim Spillane, Ollscoil Northwestern; an tOll. Louise Hayward, Ollscoil Ghlaschú; an tOll. Dominic Wyse, Coláiste na hOllscoile, Londain; an Dr Thomas Walsh, Ollscoil Mhá Nuad.
- Cur i láthair le comhaltaí an Phainéil agus, ina dhiaidh sin, plé ar: – Polasaí a Ailíniú, Cleachtas agus Taighde - na Naisc idir an Curaclam, Oideolaíocht agus Measúnú - Leibhéal reatha chumas gníomhúcháin an fhoghlaimeora i mbunscoileanna - Cleachtais reatha i scoileanna lena gcuirtear ar chumas páistí a bheith ina bhfoghlaimeoirí machnamhacha agus ina smaointeoirí criticiúla
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna - Cruinniú aghaidh ar aghaidh, an 2 Márta 2022
- Cur i láthair ar úsáid Microsoft Teams mar uirlis le haghaidh cumarsáid rialta le comhaltaí ainmnithe an fhóraim
- Cuir i láthair le comhaltaí den Phainéal Comhairleach agus ansin comhphlé agus aiseolas ó chomhaltaí ainmnithe an fhóraim ar: Cumas Gníomhúcháin Linbh - Curaclam, Oideolaíocht agus Measúnú - Ceannasaíocht - Coinníollacha fabhracha chun tacú le curaclam bunscoile athfhorbartha
- Plé painéil ina mbeidh deis ag comhaltaí ainmnithe an phainéil ceisteanna a chur ar an bPainéal Comhairleach i dtaca le ceisteanna a tháinig aníos níos luaithe sa chruinniú.
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna - Cruinniú aghaidh ar aghaidh, Baile Átha Cliath, an 19 Bealtaine 2022
- Aiseolas ó chomhaltaí ainmnithe an fhóraim i dtaca leis an eispéireas comhairliúcháin sa suíomh acu féin
- Comhphlé ar an aiseolas i dtaca leis na moltaí i nDréachtchreat Curaclaim na Bunscoile.
- Cur i láthair ar obair an Phainéil Chomhairligh (Bunscolaíocht) agus na gcomhaltaí ainmnithe den fhóram go dtí seo, agus plé ar chur i bhfeidhm an churaclaim ag leibhéal scoile ina dhiaidh sin.
- Cur i láthair agus comhphlé ina dhiaidh ar an Treoir maidir le hUllmhúchán i gcomhair Teagaisc agus Foghlama
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna - Cruinniú aghaidh ar aghaidh, an 6 Deireadh Fómhair 2022
- Cur i láthair agus comhphlé boird ar na príomhthéamaí atá ag eascairt as an aiseolas ón gcomhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
- Comhphlé boird agus aiseolas a fuarthas ó chomhaltaí ainmnithe an fhóraim i dtaca le téacs agus íomhánna sonracha ó Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
- Cur i láthair leis an Lárionad Ceannaireachta Scoile (CSL) agus comhphlé boird ar cheannaireacht, comhthéacs, cultúr, luachanna agus creidimh ag leibhéal scoile aonair.
- Cur i láthair agus comhphlé boird ar Chumas Gníomhúcháin Múinteoirí agus ar shamplaí de agus ar choinníollacha fabhracha le haghaidh cumais gníomhúcháin múinteoirí i gcomhthéacs scoile na gcomhaltaí ainmnithe fóraim féin.
-
Comhroinneadh faisnéis faoin seimineár Leading Out agus scaipeadh cuireadh chun freastal ar an seimineár céanna ar an 25 Deireadh Fómhair 2022
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna - Cruinniú aghaidh ar aghaidh, an 1 Nollaig 2022
-
Athbhreithniú ar aiseolas ó chruinniú an 22 Márta 2022 maidir leis an méid seo a leanas: Cumas Gníomhúcháin Múinteoirí; Cumas Gníomhúcháin Linbh; Foghlaim Ghairmiúil; Coinníollacha Fabhracha chun Tacú le hAthruithe
-
Cuir i láthair le comhaltaí den Phainéal Comhairleach (Bunscoil) agus, ina dhiaidh sin, comhphlé ar an méid seo a leanas: Sainmhíniú agus Beartú Teoirice maidir le Cumas Gníomhúcháin; Ceannaireacht á Cleachtadh; Ag Bogadh ar Aghaidh, Ag Díriú ar an Scoil Áitiúil
-
Comhphlé ar na príomhtheachtaireachtaí atá le cur in iúl do scoileanna faoi Churaclam athfhorbartha na Bunscoile
- Ceardlann maidir leis an bhfís do na réimsí curaclaim – Oideachas Ealaíon; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice; agus Folláine
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna, an 18 Eanáir 2023
- Nuashonrú agus cur i láthair Chreatchuraclam na Bunscoile, agus ansin, plé ar an gcaoi ar féidir leis na scoileanna tosú ag dul i dtaithí ar an gcreat.
- Cur i láthair agus ceardlann faoi dhréachtpháipéar taighde faoi ‘Chomhtháthú’ le foireann taighde Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun tacú le hAthbhreithniú agus Athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile.
- Comhphlé Ceardlainne agus Boird maidir leis an mbunús a bhaineann leis na réimsí curaclaim – Oideachas Ealaíon; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM); agus Folláine.
- Ionchur ó Lárionad Ceannaireachta Scoile faoi fhoirne agus faoi athrú a stiúradh; agus faoi chaidrimh a chruthú i scoileanna.
Cruinniú de chuid an Fhóraim Scoileanna, an 28ú Márta, 2023
- Machnamh ar sheoladh an Chreatchuraclaim Bunscoile ar an 9 Márta 2023 leis an Aire Foley, TD
- Cur i láthair ar Churaclam nua Matamaitice na Bunscoile agus ceardlann ina dhiaidh sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtábhair thacaíochta nua. Comhphlé boird faoi shaincheisteanna maidir le muinín múinteoirí agus an mhatamaitic.
- Cur i láthair ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI). Comhphlé boird agus aiseolas maidir leis an ráiteas réasúnaíochta don OSI sa churaclam athfhorbartha.
- Cur i láthair ar an Tuarascáil ar an imeacht comhairliúcháin ETIM le páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí (pobail scoile), Réamhrá ar an réasúnaíocht d'Oideachas ETIM chomh maith le hionchur ar an tSonraíocht ETIM. Comhphlé boird agus aiseolas maidir leis an ráiteas réasúnaíochta d'Oideachas ETIM sa churaclam athfhorbartha
Cruinniú de chuid an Fhóraim Scoileanna, an 25ú Bealtaine, 2023
-
Cur i láthair ar Nuatheangacha Iasachta, lena n-áirítear an réasúnaíocht agus cur síos ar an tsamhail atá beartaithe ag Céimeanna 3 agus 4 (Rang 3 – Rang 6) le heiseamláirí. Comhphlé boird agus aiseolas maidir leis an nasc idir Nuatheangacha Iasachta agus na torthaí foghlama i gCreatchuraclam na Bunscoile.
-
Cur i láthair ar an Súgradh lena n-áirítear iniúchadh ar na tréithe a bhaineann leis agus léargais ó ‘Saol Scoile Páistí’, Tuarascáil 5. Comhphlé boird agus aiseolas ar chroí-cheisteanna maidir leis an súgradh agus le foghlaim tríd an súgradh sa Churaclam Bunscoile athfhorbartha.
-
Cur i láthair ar an Tuarascáil ar imeacht comhairliúcháin an Oideachais Ealaíon le páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí (pobail scoile). Comhphlé boird agus aiseolas maidir leis an ráiteas ar an Oideachas Ealaíon i gCreatchuraclam na Bunscoile agus cleachtas reatha maidir leis an Oideachas Ealaíon i scoileanna de chuid an Fhóraim Scoileanna.
-
Machnamh ar rannpháirtíocht, comhoibriú agus obair an Fhóraim Scoileanna sa scoilbhliain seo atá tar éis dul isteach.
Cruinniú de chuid an Fhóraim Scoileanna, an 5 Deireadh Fómhair 2023
-
Cur i láthair ar Thorthaí Foghlama agus comhphlé boird ina dhiaidh sin maidir le leanúnachas agus ailíniú idir spriocanna foghlama in Aistear, na Príomhinniúlachtaí i gCreatchuraclam na Bunscoile (CCB) agus na Príomhscileanna sa tSraith Shóisearach. Deis d’ainmnithe aiseolas a sholáthar ar na chéad dhréachtaí de thorthaí foghlama.
-
Cur i láthair le comhaltaí den Phainéal Comhairleach (Bunscoil) ar Chumas Gníomhúcháin Múinteoirí, Cumas Gníomhúcháin Linbh, Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú le comhphlé boird ina dhiaidh sin.
-
Cur i láthair le hOide ar Chur chun cinn Athrú Curaclaim le plé ina dhiaidh sin.
-
Cur i láthair ar an dréacht-shonraíocht ar churaclam folláine. Comhphlé boird, aiseolas agus ionchur maidir leis na hábhair a cuireadh i láthair.
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna, an 6 Nollaig 2023
- Cur i láthair faoin tábhacht le hailíniú agus soiléire curaclaim laistigh den churaclam bunscoile athfhorbartha agus laistigh de struchtúr teicniúil na sonraíochtaí curaclaim.
- Achoimre ghairid ar na forbairtí go nuige seo leis na dréachtsonraíochtaí le haghaidh Oideachas Ealaíon; na Nuatheangacha Iasachta mar chuid de Churaclam Teanga na Bunscoile; an tOideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); Oideachas ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus ar an bhFolláine.
- Ceardlanna ina gcuirtear deiseanna ar fáil d’ainmnithe chun aiseolas a chur ar fáil ar na dréachtsonraíochtaí lena n‑áirítear na Torthaí Foghlama do gach réimse curaclaim.
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna, an 16 Eanáir 2024
- Achoimre ar an gcomhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí curaclaim na bunscoile lena n‑áirítear píolótú na gceistiúchán.
- Achoimre ar an bplean maidir le dul i gcomhairle le páistí ar dhréachtsonraíochtaí curaclaim na bunscoile agus ar chuireadh do scoileanna chun spéis a léiriú maidir le páirt a ghlacadh ann.
- Ceardlanna ina gcuirtear deiseanna ar fáil d’ainmnithe chun aiseolas a chur ar fáil ar Chaibidil 6 de dhréachtsonraíochtaí curaclaim na bunscoile lena n‑áirítear an Fhoghlaim, Teagasc agus Measúnú le haghaidh gach réimse curaclaim.
Cruinniú d’Fhóram na Scoileanna, 17 Deireadh Fómhair 2024
- Forbhreathnú ar an leagan nuashonraithe de Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige.
- Cur i láthair ar an gcomhairliúchán le páistí ar chúig Dhréachtsonraíocht Churaclaim na Bunscoile.
- Cur i láthair ar an mbaint atá ag Líonraí Scoileanna leis an gcomhairliúchán a bhí ann le déanaí agus a n-aiseolas ar chúig Dhréachtsonraíocht Churaclaim na Bunscoile.
- Ceardlanna ina gcuirtear deiseanna ar fáil d’ainmnithe le haiseolas a chur ar fáil ar thorthaí an chomhairliúcháin ar na dréachtsonraíochtaí.
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna, an 4 Nollaig 2024
- Cur i láthair ar fhorbairtí laistigh de réimse curaclaim na Folláine ó bhí an comhairliúchán ann. Comhcheardlann agus comhphlé boird, le haiseolas roinnte maidir leis na forbairtí is déanaí i gCaibidil 5 den tsonraíocht.
- Cur i láthair ar fhorbairtí laistigh de réimse curaclaim na hEolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI) ó bhí an comhairliúchán ann. Comhcheardlann agus comhphlé boird, le haiseolas roinnte maidir leis na forbairtí is déanaí i gCaibidil 5 den tsonraíocht.
- Cur i láthair ar fhorbairtí laistigh de réimse curaclaim an Oideachais Shóisialta agus Imshaoil (OSI) ó bhí an comhairliúchán ann. Comhcheardlann agus comhphlé boird, le haiseolas roinnte maidir leis na forbairtí is déanaí i gCaibidil 5 den tsonraíocht.
- Cur i láthair ar fhorbairtí laistigh de Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile ó bhí an comhairliúchán ann. Comhcheardlann agus comhphlé boird, le haiseolas roinnte maidir leis na forbairtí is déanaí i gCaibidil 5 den tsonraíocht.
- Cur i láthair ar fhorbairtí laistigh de réimse curaclaim an Oideachais Ealaíon ó bhí an comhairliúchán ann. Comhcheardlann agus comhphlé boird, le haiseolas roinnte maidir leis na forbairtí is déanaí i gCaibidil 5 den tsonraíocht.
Cruinniú an Fhóraim Scoileanna, an 14 Eanáir 2025
- Cur i láthair ar na príomhréimsí a chuimsítear laistigh de Chaibidil 5 de na sonraíochtaí: Oideachas Ealaíon, NTI i gCuraclam Teanga na Bunscoile, Oideachas Sóisialta agus Imshaoil, Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta, agus Folláine. Comhcheardlann ag díriú ar struchtúr, teanga, soiléireacht agus inrochtaineacht Chaibidil 5 de gach sonraíocht.
- Cur i láthair ar na príomhréimsí a chuimsítear laistigh de Chaibidil 6a de na sonraíochtaí: Oideachas Ealaíon, Oideachas Sóisialta agus Imshaoil, Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta, agus Folláine. Comhcheardlann ag díriú ar struchtúr, teanga, soiléireacht agus inrochtaineacht Chaibidil 6a de gach sonraíocht.
- Cur i láthair ar na príomhréimsí a chuimsítear laistigh de Chaibidil 6b de na sonraíochtaí: Oideachas Ealaíon, Oideachas Sóisialta agus Imshaoil, Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta, agus Folláine. Comhcheardlann ag díriú ar struchtúr, teanga, soiléireacht agus inrochtaineacht Chaibidil 6b de gach sonraíocht.
- Cur i láthair ar na príomhréimsí a chuimsítear laistigh de Chaibidil 6c de na sonraíochtaí: Oideachas Ealaíon, Oideachas Sóisialta agus Imshaoil, Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta, agus Folláine. Comhcheardlann ag díriú ar struchtúr, teanga, soiléireacht agus inrochtaineacht Chaibidil 6c de gach sonraíocht.
- Ionchur ar struchtúr reatha tacar uirlisí ar líne d’fhonn na rudaí a bheadh fiúntach i dtacair uirlisí amach anseo a shainaithint chun tacú leis an bhfoghlaim agus an teagasc do gach réimse curaclaim. Ina dhiaidh sin bhí seisiún tobsmaointeoireachta ann, agus a smaointí á roinnt ag na rannpháirtithe.
Cruinniú den Fhóram Scoileanna, an 8 Bealtaine 2025
- Cur i láthair ar na dréacht-Ráitis Threoracha chun tacú le cur i bhfeidhm Churaclam athfhorbartha na Bunscoile. Bhí comhphlé boird ann ina dhiaidh sin chomh maith le haiseolas ó ainmnithe an Fhóraim Scoileanna.
- Cur i láthair ar an bpáipéar ‘Fostering Teacher Agency - Insights from the DCU Changemaker Schools Network’ leis an Dr John White, OCBÁC, agus ceisteanna agus plé ina dhiaidh.
- Ceardlann leis an deis a chur ar fáil d’ainmnithe an Fhóraim Scoileanna machnamh a dhéanamh ar chumas gníomhúcháin agus athrú i gcomhthéacs a scoile féin, go háirithe roimh fhoilsiú agus cur i bhfeidhm an churaclaim bunscoile athfhorbartha iomláin.
- Réamhrá agus cur síos ar na réimsí tosaíochtaí don spás Tacair Uirlisí ar líne. Aiseolas ó ainmnithe an Fhóraim Scoileanna ar ullmhúchán acmhainní tacaíochta i réimsí an Mheasúnaithe, Forbhreathnuithe agus Treoracha Curaclaim, agus an Ionchuimsithe.
- Machnamh ó ainmnithe ar aistear an Fhóraim Scoileanna agus ionchur ar athfhorbairt churaclam na bunscoile go dtí seo. Ina dhiaidh sin, rinneadh suirbhé ar na hainmnithe lena n-aiseolas ar a n-eispéiris san Fhóram Scoileanna go dtí seo a bhailiú chomh maith le smaointí a chabhródh leo cur lena rannpháirteachas amach anseo.
Cruinniú den Fhóram Scoileanna, an 8 Deireadh Fómhair, 2025
- Cuireadh achoimre ar sheoladh churaclam athfhorbartha na bunscoile agus ábhair ghaolmhara atá le fáil ar curriculumonline.ie/ga-ie/ ar fáil d’ainmnithe.
- Cuireadh cur i láthair ar fáil ar thacair uirlisí na bunscoile ar líne atá á bhforbairt agus thug a raibh i láthair aiseolas trí phlé comhchéime ar dhréachtábhair sna réimsí oideolaíochta agus pleanála curaclaim.
- Roinneadh torthaí ó sheansuirbhé glactha ag baill an fhóraim scoile i réimse an mheasúnaithe. Ansin éascaíodh plé agus aiseolas ar chomhdhéanamh na dtreoirlínte measúnaithe nuashonraithe amach anseo.
- Thug Gillian Corbally cur i láthair ar ‘Súgradh, Foghlaim agus Teagasc sa Churaclam Athfhorbartha’ chomh maith. Roinn Gillian léargais óna seomra ranga féin agus óna cuid oibre mar chomhpháirtí foghlama leis na húdair an tOllamh Emer Ring agus an Dr Lisha O’Sullivan ó Choláiste Mhuire gan Smál ar an bpáipéar taighde coimisiúnaithe le déanaí den teideal céanna.
- Roinneadh aiseolas lena raibh i láthair ó shuirbhé samhraidh ar eispéiris rannpháirtithe a bheith rannpháirteach san fhóram scoile.