Is é cuspóir na tuarascála seo ná an próiseas a ghlac an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) chun curaclam na bunscoile a athfhorbairt a leagan amach agus a dhoiciméadú, suas go dtí an tráth gur tugadh na sonraíochtaí do na cúig réimse curaclaim chun críche i Márta 2025.
Go bunúsach, is ionann é seo agus buaicphointe phróiseas athfhorbartha an churaclaim, próiseas a chuirfidh bonn eolais faoi chomhairle an CNCM don Aire Oideachais maidir le curaclam na bunscoile agus le measúnú. Tá sé tábhachtach taifead a dhéanamh ar aistear na hathfhorbartha curaclaim chun a chinntiú go bhfuil an próiseas trédhearcach agus gur féidir le daoine in Éirinn, agus go hidirnáisiúnta, na céimeanna aonair agus comhchoiteanna a tugadh a thuiscint – don chomhthéacs comhaimseartha agus do staraithe oideachais amach anseo.
Tá an doiciméad deartha freisin chun tacú le CNCM mar eagraíocht foghlama lena cuid próiseas féin a léirmheas thar am. Cé go bhfuil cuid mhór de na próisis seo le feiceáil trí go leor foilseachan CNCM, is é aidhm an doiciméid seo ná na forbairtí sin a shintéisiú.
