Fostaímid cineálacha éagsúla cur chuige maidir le líonrú agus comhoibrímid le hoideoirí luath-óige, múinteoirí, daoine óga, ceannairí suímh/scoile, agus tuismitheoirí chun forbairtí curaclaim agus measúnaithe a athbhreithniú, a phlé agus a mhúnlú. Leis an ngné sin de ghníomhaíocht CNCM cuirtear malartú faisnéise agus ardinniúlachta chun cinn i measc gairmithe oideachais. Tríd sin, cuirtear lenár gcuid eolais, éifeachtúlachta agus éifeachtachta i dtaobh forbairtí curaclaim a dhéanamh. Léigh faoi chuid de na gníomhaíochtaí líonraithe a rinneadh mar chuid d’athfhorbairt churaclam na bunscoile sna cluaisíní thíos.
- An tSraith Seimineár Ag Treorú Amach
- Seimineáir Churaclaim
- Curaclam á Athshamhlú – Seimineáir
- Painéal Comhairleach
- BEACONS
- Fóram Scoile
Dearadh an tSraith Seimineár Leading Out chun tacú le heagraíochtaí páirtithe leasmhara na coinníollacha riachtanacha chun tacú le tabhairt isteach agus le hachtú Churaclam athfhorbartha na Bunscoile a shainaithint agus chun tosú á gcothú. Bhí seacht seimineár ann go dtí seo inar díríodh ar ‘Na dálaí fabhracha le haghaidh athrú curaclaim’, ‘Cumas gníomhúcháin agus solúbthacht’, ‘Ailíniú agus comhleanúnachas beartais’, ‘Ceannaireacht ar fud an chórais’, ‘Foghlaim ar fud an chórais’ agus ‘Cumas gníomhúcháin agus féiniúlacht múinteoirí’.
Is féidir leat tuairisc ghearr agus ábhar gaolmhar a fháil ar imeachtaí gach seimineáir thíos.
Seimineár 1: Report agus Presentation.
Seimineár 2: Report agus Presentation.
Seimineár 3: Report, Cur i Láthair agus Podchraoladh.
Seimineár 4: Tuarascáil, Cur i Láthair agus Podchraoladh.
Seimineár 5: Tuarascáil agus Cur i Láthair.
Seimineár 6: Tuarascáil agus Cur i Láthair.
Seimineár 7: Tuarascáil, Cur i láthair agus Físeán 1, Físeán 2.
Seimineár 8: Tuarascáil, Cur i láthair agus Físeán 1, Físeán 2, Fiseán 3
Gheobhaidh tú liosta anseo freisin de na heagraíochtaí páirtithe leasmhara a bhí ag gabháil don tsraith go dtí seo.
Reáchtáil CNCM cúig sheimineár idir Márta 2018 agus Eanáir 2019. Rinneadh an freastal trí chuireadh a thabhairt do na comhpháirtithe oideachais agus do pháirtithe leasmhara níos leithne agus bhí go leor de na múinteoirí, ceannairí scoile agus cleachtóirí luathbhlianta a bhí ag freastal ina mbaill den Fhóram Scoileanna. Tugadh deiseanna sna seimineáir chun breith a thabhairt ar na príomhphointí a bhí ag teacht ó na páipéir thaighde, agus chun plé agus cíoradh a dhéanamh ar na pointí seo ó dhearcthaí éagsúla. I ngach seimineár bhí príomhchainteanna ag díriú ar ghnéithe tábhachtacha de churaclam bunscoile. This report seacht dtéama a tháinig chun cinn sna cúig sheimineár curaclaim. Bhí na cúig sheimineár leagtha amach mar a leanas.
Seimineár 1 - Cuspóir an Churaclaim
Reáchtáladh an chéad seimineár, ‘Cuspóir an Churaclaim’, an 21 Márta 2018 agus rinne os cionn céad duine a bhí i láthair, múinteoirí, príomhoidí agus páirtithe leasmhara eile san oideachas ina measc, plé ar chuspóir curaclaim bunscoile agus d’fhiosraigh siad a luachanna agus a phrionsabail.
Seimineár 2 - Sineirgí Cumhachtacha
Tharla an dara ceann, 'Sineirgí Cumhachtacha', an 17 Bealtaine 2018 nuair a phléigh os cionn céad páirtí leasmhar oideolaíochtaí cumhachtacha, léirithe comhtháthaithe agus ról na n-inniúlachtaí agus an eolais i gcuraclam athfhorbartha.
Seimineár 3 - Léargais Nua
Reáchtáladh an tríú seimineár dar teideal ‘Léargais Nua’, ar an 3 Deireadh Fómhair 2018. Rinneadh breithniú ann ar an gcaoi a bhféadfadh curaclam athfhorbartha bunscoile leanúnachas agus dul chun cinn a sholáthar d’fhoghlaim leanaí idir an dá bhliain den réamhscoil agus blianta tosaigh na bunscoile.
Seimineár 4 - Foghlaim a Fheabhsú
Reáchtáladh Seimineár 4 ‘Turais Foghlama a Fheabhsú’ ar an 29 Samhain 2018. Díríodh sa chéad chuid den seimineár ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn leanaí agus ar na himpleachtaí do chleachtas sa seomra ranga. Díríodh sa dara cuid den seimineár ar dhearcthaí tuismitheoirí ar churaclam bunscoile athfhorbartha. Cuireadh torthaí i láthair ó chruinnithe fócasghrúpa CNCM le tuismitheoirí ar fud na tíre (Deireadh Fómhair 2018).
Seimineár 5 - An Turas ar Aghaidh a Rianú
Reáchtáladh an cúigiú seimineár agus an seimineár deiridh ‘an Turas ar Aghaidh a Rianú’ an 31 Eanáir 2019 agus tháinig os cionn 120 páirtí leasmhar le haghaidh tuilleadh plé agus machnaimh ar an gcuma a bheadh ar churaclam athfhorbartha bunscoile. Sa chéad chuid den seimineár rinneadh fiosrú ar ábhar curaclaim athfhorbartha bunscoile agus sa dara cuid den seimineár díríodh ar mheasúnú. D'fhiosraigh na rannpháirtithe conas a d’fhéadfadh curaclam athfhorbartha smaointeoireacht nua maidir le measúnú sa bhunscoil a chur san áireamh.
Tá sraith seimineár curaclaim á reáchtáil ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun tacú le forbairt sonraíochtaí curaclaim bunscoile. Is deis iad na seimineáir do na comhpháirtithe oideachais agus na páirtithe leasmhara machnamh a dhéanamh ar na príomhphointí a eascraíonn as na páipéir thaighde agus na pointí seo ó dhearcthaí éagsúla a phlé agus a chíoradh. Áirítear i ngach seimineár cur i láthair spreagaithisc agus plé painéil atá dírithe ar ghnéithe tábhachtacha d’fhorbairt sonraíochtaí curaclaim bunscoile.
Seimineár 1
Reáchtáladh an chéad Seimineár: Curaclam á Athshamhlú ar an 22 Márta 2023 nuair a phléigh na comhpháirtithe oideachais agus na páirtithe leasmhara réimsí curaclaim an Oideachais Shóisialta agus Imshaoil amach anseo agus; Oideachas Ealaíon i gCuraclam Bunscoile athfhorbartha.
Seimineár 2
Reáchtáladh an dara Seimineár: Curaclaim á Athshamhlú ar an 17 Bealtaine 2023 nuair a phléigh na comhpháirtithe oideachais agus na páirtithe leasmhara réimsí curaclaim Folláine amach anseo agus; Oideachas ETIM i gCuraclam Bunscoile athfhorbartha.
Seimineár 3
Bhí an tríú Seimineár don Churaclam á Athshamhlú ar siúl an 4 Deireadh Fómhair 2023. Áiríodh leis sin cuir i láthair ón Dr Patrick Burke agus ón Dr Paula Lehane, Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar na tuarascálacha maidir le Comhtháthú, Oideolaíocht agus Measúnú agus ón Ollamh Dympna Devine, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, an Scoil Oideachais ar an Staidéar maidir le Saol Scoile Páistí.
Chun tacú le hathfhorbairt Churaclam na Bunscoile, bunaíodh Painéal Comhairleach. Roghnaíodh baill an phainéil go cúramach agus aird ar a gcuid saineolais, a spéiseanna taighde reatha agus roimhe seo, a dtaithí nó a rannpháirtíocht i bpróisis athraithe curaclaim, a gcuid eolais agus/nó a dtaithí ar chórais oideachais, agus an cur amach atá acu ar chomhthéacs na hÉireann.
Is iad seo a leanas an ceathrar atá ar an bpainéal:
- An tOllamh James Spillane, Northwestern University
- An tOllamh Louise Hayward, Ollscoil Ghlaschú
- An tOllamh Dominic Wyse, Coláiste na hOllscoile, Londain
- An Dr Thomas Walsh, Ollscoil Mhá Nuad.
Go dtí seo, tá an painéal ag comhoibriú le CNCM agus le páirtithe leasmhara chun fiosrú a dhéanamh ar thopaicí ar nós ‘cumas gníomhúcháin agus solúbthacht', 'ailíniú agus comhleanúnachas beartais', 'oideolaíocht agus measúnú' agus 'coinníollacha a shaothrú chun tacú le hathrú'.
Is doiciméad comhoibríoch é ó Chuspóir go Cleachtas a eascraíonn as obair CNCM leis an bPainéal Comhairleach (Bunscoil) agus tá sé mar aidhm aige tacú le páirtithe leasmhara dul i ngleic le ‘smaointe móra’ an athraithe curaclaim.
Forbraíodh sraith físeán gearr ina bhfuil na príomhsmaointe sa doiciméad freisin. Is féidir leat rochtain a fháil orthu sin laistigh den doiciméad féin agus thíos.
BEACONS (Oideachas a Bheathú do Phobail ar Scála Náisiúnta)
I mí an Mhárta 2022, d’óstáil CNCM imeacht BEACONS i gcomhar leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Thug an ócáid seo deis do réimse páirtithe leasmhara, lena n-áirítear leanaí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus comhlachtaí náisiúnta, teacht le chéile agus a ndearcthaí, a dtuairimí agus a smaointe maidir le todhchaí Churaclam na Bunscoile in Éirinn a roinnt.
Is féidir breathnú ar thuairisc agus físeán a léiríonn gníomhaíochtaí an lae thíos.
Cliceáil ar lár na híomhá BEACONS thíos chun an físeán a fheiceáil.
Rinne CNCM Fóram Scoileanna a bhunú, rud a chuimsigh gréasán de bhunscoileanna, scoileanna speisialta, iar-bhunscoileanna agus réamhscoileanna as gach cearn den tír. Táthar tar éis é seo a shíniú anois go dtí 60 scoil agus, le chéile, léiríonn siad seo an éagsúlacht shaibhir de comhthéacsanna scoileanna in Éirinn. Tagann múinteoirí, ceannairí scoile agus cleachtóirí réamhscoile le chéile san Fhóram d’fhonn athbhreithniú agus athfhorbairt an churaclaim bunscoile a threorú agus chun cabhrú lena mhúnlú. Mar a dúirt múinteoir ainmnithe amháin, is ionann an Fóram Scoileanna agus spás inar féidir machnamh a dhéanamh ar cheisteanna móra, mar shampla, cé na rudaí san oideachas a measaimid iad a bheith luachmhar, cad é an cuspóir atá leo, cén chaoi ar cheart páistí a theagasc agus cad é ba cheart a theagasc dóibh, cé na nithe atá tábhachtach sa chomhthéacs reatha againn agus cén sórt riachtanas a bheadh ann sa todhchaí?