Is bunchloch dár gcuid oibre é an comhairliúchán, agus baintear leas mór as aiseolas ón earnáil oideachais agus ón bpobal i gcoitinne inár gcur chuige. Tugaimid faoin gcomhairliúchán ag gach céim den fhorbairt curaclaim, agus deiseanna straitéiseacha agus córasacha á gcur san áireamh chun éisteacht go díreach le hoideoirí luathbhlianta, múinteoirí, ceannairí scoile, tuismitheoirí/caomhnóirí, daoine óga, comhlachtaí bainistíochta, comhlachtaí gairmiúla, agus ceardchumainn múinteoirí. Ar an dóigh sin, úsáidimid réimse cur chuige agus formáidí lena n‑áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, seimineáir ar líne agus i bpearsa, seimineáir ghréasáin, siompóisiamaí, cruinnithe déthaobhacha, fócasghrúpaí, suirbhéanna ar líne agus fóraim eile.
Bain úsáid as na táib thíos le léamh faoi chomhairliúcháin éagsúla a rinneadh mar chuid den athfhorbairt ar churaclam na bunscoile.
-
Comhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile, 2020 - 2022
Foilsíodh Dréachtchreat Curaclaim na Bunscoile i gcomhair comhairliúcháin i bhFeabhra 2020. Rinneadh an comhairliúchán in dhá chéim idir Feabhra 2020 agus deireadh mhí an Mhárta 2022. Ba é aidhm an chomhairliúcháin a chinntiú go gcuirfí ar a gcumas d’aon duine nó eagraíocht ar mhian leo a dtuairimí ar an dréachtchreat a chur in iúl sin a dhéanamh, agus baineadh seo amach trí raon modhanna chun aiseolas a thabhairt.
Cuirtear i láthair sa tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile na torthaí ón bpróiseas comhairliúcháin leathan agus cuimsitheach seo. Is féidir an tuarascáil a léamh anseo:
Foilsíodh dhá cháipéis agus físeán in éineacht leis an tuarascáil seo, lena n-áirítear:
- Tuarascáil theicniúil ina sonraítear na bunfhreagraí ceistneoirí focal ar fhocal
- Tuarascáil ar an gComhairliúchán le Páistí ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
- Achoimre ar na torthaí ón gComhairliúchán le Páistí ar Dhréachtchreat Curaclaim na Bunscoile
Fuarthas 174 aighneacht scríofa san iomlán agus bhí rogha ag an údar cé acu ar mhaith leo go bhfoilseofaí iad nó nár mhaith. Foilsítear thíos na 147 aighneacht scríofa a bhfuarthas toiliú foilsithe ina leith. Féadann tú an tuarascáil faoi na haighneachtaí scríofa a léamh ar leathanaigh 67-76 sa tuarascáil chomhairliúcháin a fhoilsítear sa táb roimhe seo.
Tá difríochtaí móra le sonrú i measc na n-aighneachtaí. Rinneadh iad uile a athbhreithniú agus a chatagóiriú de réir a bpríomhfhócais. Ní hionann sin agus a rá nár phléigh aighneachtaí aonair ach leis an aon phríomhphointe amháin. Bhíothas ag brath ar ghrúpálacha a shainaithint le go mbeadh sé níos fusa dul tríd an líon mór aighneachtaí aonair. Is iad na príomhchatagóirí a tháinig chun cinn as measc an 174 d’aighneachtaí ná:
-
Comhairliúchán le Tuismitheoirí agus Páistí, 2018
Comhairliúchán le Tuismitheoirí
Cuireann barúlacha na dtuismitheoirí go mór le hathbhreithniú agus le hathfhorbairt churaclam na bunscoile. Sa bhliain 2018, reáchtáil CNCM scór seisiún fócasghrúpa le tuismitheoirí na bpáistí sin atá ag freastal ar an mbunscoil. Léigh an tuarascáil anseo.
Comhairliúchán le Páistí
Tá ról tábhachtach ag guthanna na bpáistí fosta san athbhreithniú agus san athfhorbairt ar churaclam na bunscoile. Léigh an tuarascáil anseo ina dtugtar achoimre ghairid ar phróisis chomhairliúcháin inar chuir CNCM guthanna na bpáistí san áireamh maidir le forbairtí curaclaim ar leibhéal na bunscoile.
-
Comhairliúchán ar Struchtúr agus Am, 2016
Comhairliúchán ar Struchtúr agus Am
I mí na Nollag 2016, d’fhoilsigh CNCM dhá shraith moltaí i dtaca leis an gcaoi a bhféadfaí struchtúr difriúil a chur ar churaclam na bunscoile agus leis an gcaoi a bhféadfaí am a úsáid ar fud an churaclaim. Bhí comhairliúchán mór i dtaobh na moltaí ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2017. Tugtar mionléargas ginearálta sa tuarascáil chomhairliúcháin ar an bpróiseas comhairliúcháin go léir.
- Read our consultation proposals for structure and time in the primary curriculum here
- Íoslódáil an Achoimre Feidhmiúcháin anseo
- Tá an Tuarascáil Deiridh ar fáil anseo
- Tá Achoimre Feidhmiúcháin na tuarascála deiridh ar fáil anseo
- Aighneachtaí Scríofa: Comhairliúchán ar Struchtúr an Churaclaim agus Am
Is féidir leat féachaint ar imeachtaí ár gComhdháil Chomhairliúcháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath seo thíos.
-
Tosaíochtaí don Oideachas Bunscoile, 2011
Tosaíochtaí Curaclaim
Foilsíodh cuireadh poiblí ar líne i mí Aibreáin 2011 chun ‘do thuairim a chur in iúl’ faoi thosaíochtaí curaclaim don oideachas bunscoile. Fuarthas 960 freagra ar fad inar sainaithníodh sé thosaíocht don oideachas bunscoile, léigh an tuarascáil anseo.
-
Athbhreithniú ar Churaclam 1999
Thionscain CNCM dhá athbhreithniú ar Churaclam na Bunscoile. Díríodh sa chéad chéim den athbhreithniú ar eispéiris na bpríomhoidí, na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na bpáistí maidir le Béarla; na hAmharcealaíona; agus Matamaitic. Foilsíodh an tuarascáil sa bhliain 2005 agus tá sí le fáil anseo.
Díríodh sa dara céim den athbhreithniú ar eispéiris na bpríomhoidí, na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na bpáistí maidir le Gaeilge; Eolaíocht; agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS). Foilsíodh an tuarascáil sa bhliain 2008 agus tá sí le fáil anseo.
-
Comhairliúcháin Churaclaim Eile
Comhairliúcháin Churaclaim Eile
- Na Bunfhorbairtí: An Tuarascáil Deiridh maidir leis an Tionscnamh, Códú i mBunscoileanna
- Tuarascáil Chomhairliúcháin ar Churaclam Matamaitice na Bunscoile do rang na naíonán sóisearach go rang a dó
- Comhairliúchán i dtaca leis na moltaí maidir le curaclam san Oideachas faoi Reiligiúin agus faoi Chreidimh (ORC) agus Eitic: Tuarascáil Chríochnaitheach
- Comhairliúchán ar Dhréacht-Churaclam Teanga na Bunscoile, Rang a Trí go Rang a Sé