Curaclam Teanga na Bunscoile

Fiosraigh forbairtí i gcuraclam teanga na bunscoile.

Páipéir Thaighde 2020:

Déantar athbhreithniú sna páipéir thaighde seo ar Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge i Scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla i bhfianaise na forbartha curaclaim agus beartais in Éirinn ó 1878 go dtí an t-am i láthair. Catagóirítear an t-athbhreithniú in dhá chuid bunaithe ar na tréimhsí 1878-1971 agus 1971 go dtí an t-am i láthair. Déantar iniúchadh sna páipéir ar fhorbairt na gcur chuige comhaimseartha oideolaíochta i leith fhoghlaim an dara teanga, chomh maith le saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga i rith na tréimhse sin.

Learning and Teaching Irish in English-Medium Schools Executive Summary for Parts 1 and 2

Learning and Teaching Irish in English-Medium Schools 1878-1971 (Part 1)

Learning and Teaching Irish in English-Medium Schools 1971-Present (Part 2)

Páipéir Thaighde 2019:

Promoting Oral Language Development in the Primary School: Cuirtear i dtábhacht sa pháipéar taighde an taighde is nuaí i limistéar fhorbairt na teanga béile agus cuirtear i dtábhacht oideolaíocht éifeachtach chun forbairt na teanga béile a chur chun cinn i mbunscoileanna

Improving Reading Comprehension in the Primary Classes: Déantar cur síos sa pháipéar taighde seo ar a bhfuil i gceist le tuiscint na léitheoireachta a fheabhsú agus déantar moltaí ann le páistí bunscoile a chumasú chun bheith in ann í a thuiscint ar leibhéal inniúil.

Disciplinary Literacy in the Primary School: Is é is cuspóir don pháipéar seo coincheap na hinniúlachta disciplín a mhíniú, lena cur i gcomhthéacs laistigh d’fhoghlaim na litearthachta agus chun sraith moltaí a thabhairt maidir le teagasc san inniúlacht disciplín i mbunscoileanna na hÉireann.

Writing Pedagogy in the Senior Classes: Is é is cuspóir don pháipéar seo athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde agus ar chleachtas le déanaí i ndáil le hoideolaíocht na scríbhneoireachta agus chun  príomh-mholtaí don chleachtas a chur i dtábhacht.

Tuarascálacha Taighde: 

Tá Tuarascálacha Taighde thíos agus podchraoltaí bainteach leo chun tacú le forbairt Curaclaim Teanga nua i gcomhair bunscoileanna:

Tá Achoimrí Feidhmeacha sa cháipéis a leanas le haghaidh na dtrí thuarascáil taighde thuas:

Effective Language Teaching: Sainaithniodh sa staidéar seo cleachtaidh a mheastar atá éifeachtach i gcomhair foghlaimeoirí dara teanga i gcomhthéacs cosúil le bunscoileanna in Éirinn.

Literacy in Early Childhood and Primary Education (3-8 years) Play Literacy in Early Childhood and Primary Education (3-8 years) Literacy in Early Childhood and Primary Education (3-8 years)

Effective Language Teaching: A Synthesis of Research Play Effective Language Teaching: A Synthesis of Research Effective Language Teaching: A Synthesis of Research

Oral Language in Early Childhood and Primary Education (3-8 years) Play Oral Language in Early Childhood and Primary Education (3-8 years) Oral Language in Early Childhood and Primary Education (3-8 years)

Towards an Integrated Language Curriculum for Early Childhood and Primary Education Play Towards an Integrated Language Curriculum for Early Childhood and Primary Education Towards an Integrated Language Curriculum for Early Childhood and Primary Education

Presented by Prof.Jim Cummins, University of Toronto

Cliceáil anseo le haghaidh foireann ábhar atá ar fáil chun tacú le Curaclam na Bunscoile 

Comhairliúchán ar dhréacht-Churaclam Teanga na Bunscoile/draft Primary Language Curriculum do rang a trí go rang a sé:

Comhairliúchán ar dhréacht-Churaclam Teanga na Bunscoile/draft Primary Language Curriculum do rang a trí go rang a sé ón 19 Feabhra go dtí an 4 Bealtaine. Úsáideadh réimse leathan formáidí sa chomhairliúchán lenar áiríodh ceistneoirí ar líne, aighneachtaí i scríbhinn, fócasghrúpaí, seimineáir chomhairleacha, obair le scoileanna agus cruinnithe le páirtithe leasmhara. Tharla comhairliúchán suntasach go díreach leis na scoileanna, múinteoirí agus páistí, trí Líonra Teangacha na mBunscoileanna. Bhí scoileanna ó fud fad na tíre ag pleanáil agus ag múineadh an dréachtchuraclaim idir mí na Samhna 2017 agus mí Aibreáin 2018.

Ag tarraingt ar thorthaí an chomhairliúcháin, leanfar ar aghaidh leis an obair ar fhorbairt an churaclaim, le béim ar cheithre chéim na sonraíochta. Tá bailchríoch á cur leis an gcuraclam, agus cuirfear ar fáil do scoileanna é i bhfómhar 2019.

Ba mhaith le CNCM buíochas ar leith a ghabháil le gach duine a rannchuidigh leis an bpróiseas comhairliúcháin. Do na príomhoidí agus múinteoirí sa líonra scoileanna, do gach duine a chríochnaigh an ceistneoir ar líne, dóibh siúd a d’fhreastail ar na seimineáir chomhairleacha phoiblí agus do na grúpaí páirtithe leasmhara uile a rannchuir nó a chuidigh le himeachtaí a éascú, gabhaimid buíochas libh go léir as bhur n-am agus bhur n-aiseolas réasúnta. Gheobhaidh tú sonraí faoin bpróiseas comhairliúcháin agus na torthaí sa rannóg foilseachán ar ár suíomh agus anseo.

Comhairliúchán ar dhréacht-Churaclam Teanga na Bunscoile do naíonáin shóisearacha go rang a dó/draft Primary Language Curriculum for junior infants to second class

Reáchtáladh an comhairliúchán ar an dréacht-churaclam do naíonáin shóisearacha go rang a dó in Earrach 2014. Gheobhaidh tú sonraí faoin bpróiseas comhairliúcháin agus na torthaí sa rannóg foilseachán ar ár suíomh anseo.