Cuireann foghlaim teangacha ar chumas pháistí an domhan mórthimpeall orthu a thuiscint agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine eile. Is iomaí cineál cumarsáide atá ann is minic go mbíonn sí ilmhódach. Ach éagsúlacht mhór téacsanna a léamh, cothaítear tuiscint páistí do litríocht ó chultúir éagsúla agus an taitneamh a bhaineann siad aisti.
Cuireann teanga ar chumas páistí a bheith rannpháirteach ó thaobh na mothúchán de, go sóisialta, go cognaíoch, go samhlaíoch agus go haeistéitiúil i gcaidrimh agus in eispéiris chultúrtha. Ach deiseanna a chur ar fáil do pháistí a bheith cruthaitheach trí theanga, is mó seans a bheidh ann go mbainfidh siad taitneamh as a bheith ag foghlaim teanga.
Aithnítear sa churaclam na haistir foghlama teanga ar a bhfuil gach páiste sa Bhéarla, agus sa Ghaeilge agus i dteangacha eile. Lena chois sin tugann sé aitheantas d’éagsúlacht teangacha, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ina measc, a úsáidtear i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na hÉireann agus baintear leas as an éagsúlacht chéanna. Tacaítear le nuatheangacha iasachta a thabhairt isteach i gCéimeanna 3 agus 4 mar chuid d’athfhorbairt an churaclaim, ag tógáil diaidh ar ndiaidh ar an eolas agus feasacht ar theangacha agus cultúir agus ag dul ar aghaidh ó shamhail feasachta teanga chuig samhail inniúlachta i g C éim 4.
- Meitheal Forbartha Teanga Bhunscoile
- Curaclam Teanga na Bunscoile
- Nuatheangacha Iasachta
- An Béarla mar Theanga Bhreise
- Taighde
- Comhairliúchán
Meitheal Forbartha Teanga Bhunscoile
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht nua le haghaidh oideachas Teanga a chur i gcrích go luath in 2025.
Beidh príomhról sa saothar sin ag Meitheal Forbartha na Bunscoile. Tá an Mheitheal Forbartha comhdhéanta d’ainmnithe ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.
Le tuilleadh faisnéise a fháil faoi phróisis forbartha CNCM agus faoi chomhaltaí na meithleacha forbartha, gabh chuig Boird agus Meithleacha Forbartha.
Is féidir nótaí ó chruinniú Mheitheal Forbartha na Bunscoile a rochtain thíos.
- Cruinniú 1 - Nollaig 2022
- Cruinniú 2 - Eanáir 2023
- Cruinniú 3 - Feabhra 2023
- Cruinniú 4 - Márta 2023
- Cruinniú 5 - Márta 2023
- Cruinniú 6 - Aibreán 2023
- Cruinniú 7 - Bealtaine 2023
- Cruinniú 8 - Meán Fómhair 2023
- Cruinniú 9 - Deireadh Fómhair 2023
- Cruinniú 10 - Samhain 2023
- Cruinniú 11 - Nollaig 2023
- Cruinniú 12 - Eanáir 2024
- Cruinniú 13 - Deireadh Fómhair 2024
- Cruinniú 14 - Samhain 2024
- Cruinniú 15 - Samhain 2024
- Cruinniú 16 - Nollaig 2024
- Cruinniú 18 - Meán Fómhair 2025
- Cruinniú 19 - Deireadh Fómhair 2025
- Cruinniú 20 - Nollaig 2025
Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi fhorbairtí NTI inár gcáipéis Ceisteanna Coitianta: Frequently asked questions about the introduction of Modern Foreign Languages to the Primary Language Curriculum
- Primary Curriculum Review and Redevelopment Background paper - Integrating modern foreign languages in a redeveloped primary curriculum (2019)
- Modern Languages in the Primary School Curriculum: Feasibility and Futures (2008)
- Report on the feasibility of Modern Languages in the Primary School Curriculum (2005)
- Modern Languages in Primary Schools: Teacher Guidelines (2001)
- Pilot project on modern languages in the primary school: Draft Curriculum Guidelines (1999)
Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Athfhorbartha na Bunscoile
Mar chuid de Déanann Teangacha Nasc: Straitéis na hÉireann do Theangacha Iasachta san Oideachas 2017-2026 (An Roinn Oideachais, 2017), choimisiúnaigh CNCM páipéar cúlra ar chomhtháthú féideartha na nuatheangacha iasachta i gcuraclam athfhorbartha na bunscoile. Léigh an páipéar cúlra anseo.
Teanga Chomharthaíochta sa Churaclam Príomhshrutha
Tugtar faisnéis sa tuarascáil taighde seo ar sholáthar curaclaim don teanga chomharthaíochta i sé dhlínse idirnáisiúnta. Déantar scrúdú ann ar fhaisnéis atá bainteach le gach earnáil – luath-óige, bunscoileanna and iar-bhunscoileanna.
Déantar scrúdú sa tuarascáil:
- ar an bhfís atá mar bhonn faoi Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a ionchuimsiú sa churaclam príomhshrutha
- ar áit agus eagraíocht na Teanga Comharthaíochta sa churaclam
- na céimeanna forbartha i bhfoghlaim na Teanga Comharthaíochta
- ar mheasúnú agus ar phleanáil le haghaidh dul chun cinn
- ar na príomháisitheoirí agus ar an oideolaíocht a thacaíonn le foghlaim na Teanga Comharthaíochta.
Tacóidh an fhaisnéis sa tuarascáil seo le curaclam Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a fhorbairt in Éirinn. Tá sé ceaptha le bunús fianaise a chur ar fáil, seachas samplaí ‘dea‑chleachtais’ a chur chun cinn.
Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil thíos faoi na dréachtsonraíochtaí ab ábhar don chomhairliúchán sin agus faoi thorthaí an chomhairliúcháin: