Cuireann Oideachas Sóisialta agus Imshaoil le tuiscint agus le forbairt na bpáistí ar na gnéithe agus próisis stairiúla, thíreolaíocha agus sochaí den saol, gnéithe agus próisis atá ceangailte le chéile.
Tacaíonn sé le feasacht na bpáistí ar an domhan, lena léirthuiscint dó agus lena dtuiscint air trí bheith ag foghlaim faoin éagsúlacht shaibhir pobal: a n-eispéiris, a gcultúir, a gcreidimh agus a dtimpeallachtaí ag amanna éagsúla, in áiteanna éagsúla agus i gcúinsí éagsúla. Cabhraíonn sé le páiste tuiscint a fhorbairt ar na timpeallachtaí daonna agus nádúrtha agus an caidreamh idir eatarthu.
Trí Oideachas Sóisialta agus Imshaoil, forbraíonn páistí na dearcthaí, na coincheapa, na meonta, an t-eolas, na scileanna, agus na luachanna a spreagann iad agus a chumasaíonn iad le bheith ina saoránaigh eolacha agus ghníomhacha a chuireann todhchaí níos inbhuanaithe chun cinn. Déantar é seo ar bhealach níos fiúntaí agus níos cumhachtaithe trí shainaithint, iniúchadh agus imscrúdú gníomhach na bpáistí ar dhúshláin agus ar dheiseanna áitiúla, náisiúnta agus domhanda, san am atá thart agus san am i láthair. Dá réir sin, tagann páistí ar thuiscint agus ar léirthuiscint ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí bunúsacha mar chaomhnóirí an phláinéid seo.
Meitheal Forbartha Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI) Bunscoile
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh Oideachas Sóisialta agus Imshaoil a chur i gcrích go luath in 2025.
Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha OSI san obair seo. Tá ainmnithe ar an Meitheal Forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.
Le haghaidh níos mó faisnéise ar phróisis forbartha CNCM agus ar chomhaltaí na meithleacha forbartha, tabhair cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.
Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ón Meitheal Forbartha OSI Bunscoile thíos.
- Cruinniú 1 Nollaig 2022
- Cruinniú 2 Eanáir 2023
- Cruinniú 3 Feabhra 2023
- Cruinniú 4 Márta 2023
- Cruinniú 5 Bealtaine 2023
- Cruinniú 6 Bealtaine 2023
- Cruinniú 7 Meán Fómhair 2023
- Cruinniú 8 Deireadh Fómhair 2023
- Cruinniú 9 Samhain 2023
- Cruinniú 10 Nollaig 2023
- Cruinniú 12 Deireadh Fómhair 2024
- Cruinniú 13 Samhain 2024
- Cruinniú 14 Samhain 2024
- Cruinniú 15 Nollaig 2024
- Cruinniú 16 Eanáir 2025
- Cruinniú 17 Meán Fómhair 2025
Thug Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath faoi athbhreithniú litríochta córasach ar son CNCM chun tacú le forbairt sonraíochta d’Oideachas Sóisialta agus Imshaoil.
> Literature Review for Social and Environmental Education
D’oibrigh CNCM i gcomhpháirtíocht le Hub na nÓg agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY), chun dul i gcomhairle le páistí maidir le todhchaí na Tíreolaíochta agus na Staire mar chuid den réimse curaclaim; Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte. Cuireann an tuarascáil i láthair dearcthaí, tuairimí, smaointe agus moltaí na bpáistí atá rannpháirteach sa chomhairliúchán. Forbraíodh leagan atá feiliúnach do pháistí chomh maith agus comhroinneadh é le scoileanna na bpáistí.
Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil thíos faoi na dréachtsonraíochtaí ab ábhar don chomhairliúchán sin agus faoi thorthaí an chomhairliúcháin: