Obair le Scoileanna - Céim 2

Foghlaim tuilleadh faoi chéim 2 den tionscnamh scoilbhunaithe.

Níos mó eolais faoi Chéim 2

Bhí sé mar aidhm ag Céim 2 den tionscnamh eispéireas múinteoirí atá ag tosú ag obair le códú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil ina seomraí ranga a ghabháil. Dhírigh an obair freisin ar thuiscint a fháil ar na buntáistí féideartha a bhaineann le códú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus ríomhaireacht fhisiciúil (códú inláimhsithe) a mhúineadh trí chur chuige oideolaíochta spraíúil agus tionscadalbhunaithe.

Bunaithe ar Chéim 1, bhí 25 scoil bhreise páirteach i gCéim 2 nár thug isteach códú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil ina  seomraí ranga go fóill. 

Tharla an dara céim den tionscnamh idir Bealtaine 2018 agus Feabhra 2019.

Ní raibh na múinteoirí a ghlac páirt eolach ar chódú agus/nó smaointeoireacht ríomhaireachtúil ina seomraí ranga roimhe seo, nó ní raibh siad tar éis iad a mhúineadh.

Roghnaíodh 25 scoil agus cuimsíodh scoil uirbeach DEIS, scoil tuaithe DEIS, scoil sa Ghaeltacht, Gaelscoil, scoil a bhfuil ranganna speisialta inti, scoil bheag tuaithe agus scoil mhór uirbeach.

Bhí idir rang na naíonán sóisearach go dtí an rang a sé i seomraí ilghráid agus aonghráid sna ranganna.

Páiste ag obair ar ríomhaire sa rang