Obair le Scoileanna - Céim 1

Foghlaim tuilleadh faoi chéim 1 den tionscnamh scoilbhunaithe.

Níos mó eolais faoi Chéim 1

Bhí dhá chéim i gceist leis an Tionscnamh Códú i mBunscoileanna. Bhain 15 bhunscoil le Céim 1 agus díríodh ar a gcleachtas i ndáil le códú a dhoiciméadú.

Ba é cuspóir foriomlán na hoibre seo a gcuid scéalta, samplaí de ghníomhaíochtaí ranga agus cleachtais scoile uile a roinnt mar thacaíocht do scoileanna eile a bhfuil suim acu sa réimse seo.

Chuir na samplaí sin bonn eolais ar fáil maidir le forbairt ábhar chun tacú le scoileanna eile agus iad ag tabhairt isteach códú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil mar chuid de Chéim 2 den tionscnamh.

Cuireadh tús le Céim 1 den tionscnamh i Meán Fómhair 2017 le gairm oscailte do scoileanna páirt a ghlacadh.

Ghlac na scoileanna sa chéim seo leis go luath nó bhí eolas agus taithí acu roimhe seo ar chódú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil a mhúineadh i seomra ranga bunscoile.

Bhí cúig scoil déag rannpháirteach agus cuimsíodh scoil DEIS, scoil tuaithe DEIS, scoil sa Ghaeltacht, Gaelscoil, scoil a bhfuil ranganna speisialta inti, scoil bheag tuaithe agus scoil mhór uirbeach.

Bhí idir rang na naíonán sóisearach go dtí an rang a sé i seomraí ilghráid agus aonghráid sna ranganna.

Páiste ag obair ar ríomhaire sa rang