Tacaíonn Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) le hacmhainn na bpáistí tuiscint a fháil ar an domhan mórthimpeall orthu agus dul i ngleic leis go hiomlán.

Is í an Mhatamaitic is bonn leis an eolaíocht, teicneolaíocht agus innealtóireacht agus is é atá inti ná staidéar ar na gaolta, ar na ceangail agus ar na patrúin atá timpeall orainn. Tá dlúthcheangal idir an eolaíocht agus an teicneolaíocht agus innealtóireacht agus cuireann siad ar chumas páistí tairbhe a bhaint as a bheith ag foghlaim faoi theicneolaíochtaí traidisiúnta, faoi theicneolaíochtaí comhaimseartha agus faoi theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, agus as a bheith ag obair leo.

Agus próiseas deartha innealtóireachta á úsáid acu, faigheann páistí deiseanna chun réitigh ar fhadhbanna san fhíorshaol a spreagadh trí thurgnamhaíocht agus imscrúdú spraíúil. Cuireann fiosrú eolaíochta ar chumas páistí freisin suim a chur sa domhan bitheolaíoch, ábharach agus fisiciúil, agus tuiscint air a fhorbairt, ach coincheapa agus próisis eolaíochta a chíoradh agus a fhiosrú.

Cláraigh chun an nuacht is déanaí a fháil ar obair churaclaim agus mheasúnaithe agus ar imeachtaí ó CNCM. 

Meitheal Forbartha Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) Bunscoile

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh oideachas ETIM a chur i gcrích go luath in 2025.

Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha Oideachas ETIM san obair seo. Tá ainmnithe ar an Meitheal Forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.

Le haghaidh níos mó faisnéise ar phróisis forbartha CNCM agus ar chomhaltaí na meithleacha forbartha, tabhair cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.

Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ó Mheitheal Forbartha Oideachas ETIM thíos.

 

Thug Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi léirmheas litríochta córasach thar ceann CNCM chun tacú le forbairt sonraíochta d’Oideachas ETIM. 

Tharla an ócáid chomhairliúcháin curaclaim dar teideal ‘Oideachas ETIM agus Curaclam na Bunscoile’ i mBaile Átha Luain ar an 15 Samhain 2022. Rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus Coláiste Ealaíon na Boirne an t-imeacht seo a chomheagrú. Dearadh an t-imeacht le hoiriúnú ar an múnla Oideachas dár bPobail ar Scála Náisiúnta (BEACONS) arna fhorbairt ag an gComhairle Mhúinteoireachta, agus a bhí mar chuid de staidéar píolótach dar teideal Staidéar Píolótach ar Shamhail Rannpháirtíochta Pobail Scoile Áitiúil chun Bonn Eolais a chur faoi Cheapadh Polasaí Oideachais, le tacaíocht ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE). 

Tá Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile a foilsithe anois.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi Churaclam Matamaitice na Bunscoile anseo.

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine.  Tá tuilleadh faisnéise ar fáil thíos faoi na dréachtsonraíochtaí ab ábhar don chomhairliúchán sin agus faoi thorthaí an chomhairliúcháin: 

Comhairliúchán 2024 ar Réimsí Curaclaim