Tá taithí leathan ar na healaíona ina bunchuid do pháistí i rith na bunscolaíochta ar fad. Léiríonn agus síneann na hEalaíona tuiscint na bpáistí, a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht trí réimse leathan eispéireas.

Is féidir le heispéiris den sórt sin aird gach páiste a tharraingt, inspioráid a thabhairt dóibh agus iad a shaibhriú, ag gríosú na samhlaíochta agus á spreagadh lena gcumas cruthaitheach agus a gcumas chun iad féin a chur in iúl a bhaint amach. Cuireann Ealaín, Drámaíocht agus Ceol deiseanna ar fáil d'eispéiris leathana sna healaíona, lena n-áirítear na hamharcealaíona, ealaíona na meán agus damhsa, a bhfuil ról luachmhar acu in eispéireas páistí ar óige. Cuidíonn eispéiris den sórt sin leo páirt iomlán a ghlacadh ina bpobal agus sa tsochaí trí chéile.

Cé go bhfuil comhphróiseas cruthaitheach ag Ealaín, Drámaíocht agus Ceol, tá a chuid eolais, a choincheapa agus a scileanna féin ag gach ceann acu agus tá luach ann féin ag gach ceann acu. Trí leas a bhaint as níos mó ná ábhar amháin, is féidir foghlaim i bhfoirmeacha ealaíne eile a fheabhsú agus a fhorbairt trí chur chuige comhtháite maidir le hOideachas Ealaíon.

Cláraigh chun an nuacht is déanaí a fháil ar obair churaclaim agus mheasúnaithe agus ar imeachtaí ó CNCM.

 

Meitheal Forbartha Oideachas Ealaíon Bunscoile

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh Oideachas Ealaíon Bunscoile a chur i gcrích go luath in 2025.

Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha Oideachas Ealaíon Bunscoile san obair seo. Tá ionadaithe ar an Meitheal Forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.

Le haghaidh níos mó faisnéise ar phróisis forbartha CNCM agus ar chomhaltaí na meithleacha forbartha, tabhair cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.

Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ón Meitheal Forbartha Oideachas Ealaíon Bunscoile thíos.

 

Rinne Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, athbhreithniú litríochta thar ceann CNCM chun tacú le forbairt sonraíochta don Oideachas Ealaíon. 

Bhí ócáid chomhairliúcháin curaclaim dar teideal ‘Oideachas Ealaíon agus Curaclam na Bunscoile’ ar siúl i gCill Chainnigh ar an 26 Deireadh Fómhair 2022. Rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus Coláiste Ealaíon na Boirne an t-imeacht seo a chomheagrú. Dearadh an t-imeacht le hoiriúnú ar an múnla Oideachas dár bPobail ar Scála Náisiúnta (BEACONS) arna fhorbairt ag an gComhairle Mhúinteoireachta, agus
a bhí mar chuid de staidéar píolótach dar teideal Staidéar Píolótach ar Shamhail Rannpháirtíochta Pobail Scoile Áitiúil chun
Bonn Eolais a chur faoi Cheapadh Polasaí Oideachais, le tacaíocht ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE). 

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine.  Tá tuilleadh faisnéise ar fáil thíos faoi na dréachtsonraíochtaí ab ábhar don chomhairliúchán sin agus faoi thorthaí an chomhairliúcháin: 

Comhairliúchán 2024 ar Réimsí Curaclaim