- Nuashonruithe ar Fhorbairtí OSPS/OCG Bunscoileanna
- Athbhreithniú ar OCG
- An tSraith Shóisearach
- An tSraith Shinsearach
- Ceisteanna Coitianta
Uasdátú ar an obair de chuid CNCM a d’eascair as an Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna
Bhunaigh CNCM dhá mheitheal forbartha, ceann don bhunscolaíocht agus ceann don iar-bhunscolaíocht, le maoirsiú a dhéanamh ar an obair forbartha sa réimse sin. Tháinig an phríomh-Mheitheal Forbartha le chéile idir Deireadh Fómhair 2020 agus Meitheamh 2022. Déantar achoimre ar na príomhréimsí oibre thíos.
Treoir Eatramhach: Ba í ba thosaíocht d’obair na Meithle Forbartha Bunscoileanna sin an treoir eatramhach maidir le teagasc OSPS/OCG a fhorbairt agus a fhoilsiú chun tacú le múinteoirí agus iad ag dul i ngleic leis an gcuraclam OSPS reatha (1999) ar bhealach muiníneach agus iomlánaíoch. Cuirtear an treoir eatramhach sin ar fáil i bhfoirm uirlisí úsáide ar líne:
Acmhainní: D’oibrigh CNCM i gcomhar leis na seirbhísí tacaíochta forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus le grúpaí ábhartha eile chun iniúchadh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil faoi láthair do OSPS/OCG a chur i gcrích. Ag tógáil ar an obair sin, tá liosta cuimsitheach acmhainní curtha le chéile a foilsíodh mar chuid de na huirlisí úsáide ar líne do OSPS/OCG. Fágfaidh sé seo go mbeidh pointe rochtana ar líne amháin ann le haghaidh acmhainní atá cothrom le dáta. Tabhair cuairt ar na naisc chuig tacair uirlisí ar líne thuas chun rochtain a fháil ar na hacmhainní seo.
Forbairt curaclaim: Moladh sa Tuarascáil go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh.
Cuireadh tús leis an obair ar na sonraíochtaí nua do OSPS agus tús áite á thabhairt don tsraith shóisearach ar dtús, agus ar an tsraith shinsearach agus bunscoileanna ina dhiaidh sin. Forbraíodh cúrsa OSPS nuashonraithe na sraithe sóisearaí agus cuireadh i bhfeidhm é don scoláire a thosaigh an chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2023. Bhí an comhairliúchán ar dhréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte ó Iúil go dtí mí na Samhna, 2023. Foilseofar tuarascáil ar an gcomhairliúchán in 2024.
Chun tuilleadh faisnéise maidir le forbairtí curaclaim a fháil, féach:
Ag leibhéal na bunscoile, tá na forbairtí OSPS mar chuid d’fhorbairtí curaclaim níos leithne. Stiúrann Creatchuraclam na Bunscoile, arna sheoladh ag an Aire Oideachais i mí Márta 2023, treoir na bhforbairtí curaclaim agus leagann sé amach an bealach a gcuirfear an curaclam athfhorbartha i láthair i gcúig réimse curaclaim leathana. Beidh an fhoghlaim agus an teagasc maidir le OSPS mar chuid de réimse curaclaim na Folláine.
Tá comhairliúchán poiblí oscailte anois ar chúig Dhréachtsonraíocht Curaclaim na Bunscoile, lena n‑áirítear Folláine. Beidh an comhairliúchán ar siúl ón 6 Márta go dtí an 7 Meitheamh 2024. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcomhairliúchán, lena n‑áirítear naisc chuig na dréachtsonraíochtaí, cáipéis CCanna agus eolas faoin gcaoi chun páirt a ghlacadh ann, cliceáil here.
Foilseofar tuarascáil ar na gcomhairliúchán go deireanach in 2024 agus cuirfear tús leis an obair ansin chun na sonraíochtaí curaclaim a thabhairt chun críche. Cuirfear Curaclam athfhorbartha na Bunscoile i gcrích in 2025, tar éis faomhadh a fháil ón Aire Oideachais. Sa churaclam deiridh, cuirfear san áireamh an méid a chloisfimid le linn ár gcomhairliúcháin le tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, ceannairí scoile, páistí/daoine óga agus páirtithe leasmhara oideachais eile.
Tá eolas cothrom le dáta maidir le forbairtí curaclaim ar fáil ar an suíomh gréasáin seo agus ar leathanaigh CNCM ar na meáin shóisialta. Is féidir clárú dár nuachtlitir tríd an nasc seo: info@ncca Nuachtlitir | CNCM
Ar iarratas ón Aire Oideachais, rinne CNCM athbhreithniú mór ar OCG i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Cuireadh tús leis an athbhreithniú i mí Meithimh 2018. San athbhreithniú, rinneadh scrúdú ar an gcuraclam OCG, ar an gcur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama, ar thacaíochtaí a bhí ag teastáil, agus ar bhealaí chun an t‑eispéireas OCG a fheabhsú don scoláire.
Bhí rannpháirtíocht shuntasach i gceist leis an athbhreithniú, rud a thaispeánann spéis na ndaoine i leith na gné seo den oideachas. Bhí scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, taighdeoirí agus eagraíochtaí páirteach san athbhreithniú, agus iad ag súil le léirthuiscint iomlán a fháil ar riachtanais na ndaoine óga agus t-eispéireas OCG atá acu. Rinneadh an t-athbhreithniú ina dhá chéim.
Tharla an chéad chéim idir mí an Mheithimh 2018 agus mí an Mhárta 2019. Bhí rannpháirtíocht fhorleathan i gceist leis an gcéim seo den chomhairliúchán. Le comhairliúchán leathan mar bhunús, d’ullmhaigh CNCM Dréacht-Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna agus chuir siad tús leis an dara céim den chomhairliúchán ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair 2019. Bunaíodh an comhairliúchán seo ar mholtaí sa dréacht-Tuairisc lena n-áirítear; an chomhairle mholta i gcomhair an chuir chuige OCG amach anseo, moltaí maidir le forbairtí curaclaim sa todhchaí, na coinníollacha riachtanacha le haghaidh OCG éifeachtach agus ceisteanna eile. Bailíodh aiseolas trí shuirbhé ar líne, trí aighneachtaí scríofa agus trí shiompóisiam comhairliúcháin.
Tuairisc ar an Athbhreithniú ar OCG
Páipéar Taighde
Ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe a raibh fonn orthu páirt a ghlacadh san athbhreithniú, d’fhorbair Oll Mark Morgan, Dr Seline Keating agus Dr Bernie Collins, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, páipéar taighde. Soláthraíonn an páipéar comhthéacs stairiúil don athbhreithniú, forléargas ar chuir chuige chomhaimseartha i leith OCG, chomh maith le léargais ar eispéireas na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na scoláirí ar ndóigh.
Guth an Scoláire
D’eagraigh CNCM cruinnithe grúpa fócais le scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile thar 23 scoil. Faightear a gcuid tuairimí sa dréacht-Tuairisc, i gcaibidil 2, lgh. 14-25. De bhreis air sin, d’eagraigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) imeacht comhairliúcháin aon lae, le 77 n-ionadaí de chuid Chomhairle na nÓg i láthair ann. Overview of Consultation with Comhairle na nÓg
Aighneachtaí Scríofa
Is cuid thábhachtach de phróiseas comhairliúcháin CNCM iad aighneachtaí scríofa.
Chun rochtain a fháil ar fhorbairtí reatha i dtaca leis an tSraith Shóisearach, cliceáil here.
Chun rochtain a fháil ar fhorbairtí i dtaca leis an tSraith Shinsearach, cliceáil here.
Cad iad na bearta atá déanta ó foilsíodh tuairisc an athbhreithnithe ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) (Eanáir 2019)?
Bunaíodh dhá Mheitheal Forbartha, ceann bunscoile agus ceann iar-bhunscoile, ag eascairt as an bhfoilseachán den Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Bhí sé mar thosaíocht ag na grúpaí sin an treoir le haghaidh múineadh OSPS/OCG a fhoilsiú agus tacú le múinteoirí agus iad ag dul i ngleic leis an gcuraclam reatha ar bhealach muiníneach agus iomlánaíoch.
Cuirtear an treoir sin ar fáil i bhfoirm tacair uirlisí ar líne:
Primary SPHE Toolkit
Junior Cycle SPHE Toolkit
Senior Cycle SPHE Toolkit
Moltar sa Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh.
Chun tuilleadh faisnéise maidir le forbairtí curaclaim a fháil, féach:
Primary SPHE developments
Junior Cycle SPHE developments
Senior Cycle SPHE developments
Cad atá á mhúineadh faoi láthair i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna in Éirinn maidir le OSPS/OCG?
Tá an tOideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) á mhúineadh ar an gcuraclam le 25 bliain anuas, agus tá Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) mar chuid thábhachtach de.
Is féidir breathnú ar churaclaim OSPS ach cliceáil ar an nasc iomchuí:
Primary SPHE curriculum
Junior Cycle SPHE short course
Senior Cycle SPHE framework
Cén chéim ag a bhfuil forbairt curaclaim OSPS?
Thosaigh an obair maidir leis an gcuraclam OSPS a athfhorbairt leis an tsraith shóisearach. Forbraíodh cúrsa OSPS nuashonraithe na sraithe sóisearaí agus bíonn sé á úsáid ag gach scoláire a thosaigh an chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2023. Bhí an comhairliúchán ar dhréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte ó Iúil go dtí mí na Samhna, 2023. Foilseofar tuarascáil ar an gcomhairliúchán in 2024.
Ag leibhéal na bunscoile, tá na forbairtí OSPS mar chuid d’fhorbairtí curaclaim níos leithne. Primary Curriculum Framework, arna sheoladh ag an Aire Oideachais i mí Márta 2023, treoir na bhforbairtí curaclaim agus leagann sé amach an bealach a gcuirfear an curaclam athfhorbartha i láthair i gcúig réimse curaclaim leathana. Beidh an fhoghlaim agus an teagasc maidir le OSPS mar chuid de réimse curaclaim na Folláine.
Tá comhairliúchán poiblí oscailte anois ar chúig Dhréachtsonraíocht Curaclaim na Bunscoile, lena n‑áirítear Folláine. Beidh an comhairliúchán ar siúl ón 6 Márta go dtí an 7 Meitheamh 2024. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcomhairliúchán, lena n‑áirítear naisc chuig na dréachtsonraíochtaí, cáipéis CCanna agus faisnéis faoin gcaoi chun páirt a ghlacadh ann, cliceáil here
Cad iad na hábhair a mhúinfear san OSPS agus ag cén aois a mhúinfear iad?
Déantar liosta na dtopaicí agus cathain a mhúinfear iad a phlé agus a shocrú trí ghnáthphróisis CNCM. Áirítear le struchtúir CNCM Grúpaí Forbartha don bhunscolaíocht, don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach. Tá na Grúpaí Forbartha seo déanta suas de mhúinteoirí, cigirí ón Roinn Oideachais, agus ionadaithe eile ar pháirtithe leasmhara. Cinneann na Grúpaí Forbartha an curaclam agus na topaicí atá le háireamh leis. Comhairliúcháin, taighde agus dea-chleachtas idirnáisiúnta is bonn leis na cinntí sin. I measc na bprionsabal treorach le haghaidh na nGrúpaí Forbartha go léir beidh feasacht ann gur chóir na topaicí a mhúineadh ar bhealach atá aois-oiriúnach, íogair agus incriminteach.
Cé a bhíonn tionchar acu ar fhorbairtí churaclam OSPS?
In CNCM, déanann na Boird agus Grúpaí Forbartha an obair ar fhorbairt an churaclaim ar son na Comhairle. Chun bonn láidir, ionadaíoch agus freagrúil a sholáthar dá hobair ar fhorbairt an churaclaim, bunaíonn CNCM grúpaí forbartha chun tabhairt faoi thascanna sonracha i réimsí curaclaim nó in ábhair. Is iad páirtithe oideachais a cheapann comhaltaí na nGrúpaí Forbartha agus bíonn ionadaithe ó mhúinteoirí, ó bhainistíocht scoileanna, ó thuismitheoirí agus ó páirtithe leasmhara eile san áireamh leo.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na grúpaí a bhíonn bainteach i bhforbairt curaclaim, cliceáil ar an nasc thíos:
Boards and Development Groups | NCCA
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnú agus tá taighde, dea-chleachtas agus díospóireacht mar bhonn ag an gcomhairle sin, mar aon le comhairliúchán fairsing leis an bpobal, scoileanna, páirtithe leasmhara san oideachas agus páirtithe eile. Tá comhairliúchán, lena n-áirítear suirbhéanna ar líne and grúpaí fócais, ina chuid lárnach d’obair an CNCM
Agus curaclam nuashonraithe á fhorbairt, cuirtear eolas amach maidir le comhairliúcháin trí www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).
Cén chaoi a bhféadfaidh tuismitheoirí/caomhnóirí nó daoine aonair leasmhara páirt a ghlacadh i bhforbairt curaclaim OSPS?
Is iad na tuismitheoirí príomhoideachasóirí a gcuid páistí agus is comhpháirtithe tábhachtacha iad sa phróiseas oideachais a tharlaíonn laistigh de scoileanna. Cinntíonn CNCM go mbíonn tuismitheoirí páirteach i gcomhráite agus i gcomhairliúcháin phoiblí sa chaoi is go mbeidh siad in ann a gcuid tuairimí maidir le forbairtí a chomhroinnt.
Éascaítear é sin ar shlite éagsúla — trí chruinnithe le grúpaí ionadaíocha, trí chomhairliúchán poiblí, lena n-áirítear cruinnithe ar líne agus fócasghrúpaí. Foilseofar comhairliúcháin phoiblí trí www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).
Cá háit ar féidir liom teacht ar eolas cothrom le dáta ar fhorbairt curaclaim in OSPS agus i réimsí eile?
Tá eolas cothrom le dáta maidir le comhairliúcháin OSPS agus forbairtí eile ar fáil ar www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA). D’fhéadfá clárú dár nuachtlitir here.