Tacaíonn folláine le forbairt shóisialta, mhothúchánach agus fhisiciúil na bpáistí anois agus amach anseo. Cuireann sí ar chumas páistí féinfheasacht agus féineolas a fhorbairt, scileanna saoil a thógáil agus braistint láidir a fhorbairt go bhfuil dlúthbhaint acu lena scoil, lena bpobal agus leis an tsochaí níos leithne. Chun na scileanna agus na meonta sin a fhorbairt, tá sé tábhachtach do pháistí a dtuiscint eiticiúil féin ar an domhan a fhorbairt.
Spreagann oideachas luachanna machnamh ar roghanna, deiseanna a iniúchadh, agus tiomantas do fhreagrachtaí. Spreagfar páistí le luach a chur ar a bhfuil i gceist le bheith i do shaoránach gníomhach, le cearta agus freagrachtaí i gcomhthéacsanna áitiúla agus níos leithne.
Tugann folláine deiseanna struchtúrtha do pháistí a bheith chomh folláin agus is féidir, go fisiciúil agus go mothúchánach. Tarlaíonn sé sin ach iad a spreagadh le tabhairt faoi ghníomhaíocht choirp agus roghanna a bhfuil bonn eolais fúthu a dhéanamh i dtaca le slí mhaireachtála shláintiúil. Ina theannta sin, tacaíonn folláine le páistí chun luach a chur ar chaidrimh dhearfacha agus shláintiúla le daoine eile. Cuid de sin is ea tuiscint a fháil ar ghnéasacht an duine atá cothrom agus ceangailte le gné an chaidrimh agus le gné na mothúchán.
Meitheal Forbartha Oideachas Folláine
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh Oideachas Folláine a chur i gcrích go luath in 2025.
Beidh ról lárnach ag an Meitheal Forbartha Oideachas Folláine san obair seo. Tá ainmnithe ar an Meitheal Forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.
Le haghaidh níos mó faisnéise ar phróisis forbartha CNCM agus ar chomhaltaí na meithleacha forbartha, tabhair cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.
Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ón Meitheal Forbartha Oideachas Folláine Bunscoile thíos.
- Cruinniú 1 Nollaig 2022
- Cruinniú 2 Eanáir 2023
- Cruinniú 3 Feabhra 2023
- Cruinniú 4 Márta 2023
- Cruinniú 5 Aibreán 2023
- Cruinniú 6 Meán Fómhair 2023
- Cruinniú 7 Deireadh Fómhair 2023
- Cruinniú 8 Samhain 2023
- Cruinniú 9 Nollaig 2023
- Cruinniú 10 Eanáir 2024
- Cruinniú 11 Deireadh Fómhair 2024
- Cruinniú 12 Samhain 2024
- Cruinniú 13 Nollaig 2024
- Cruinniú 14 Eanáir 2025
- Cruinniú 15 Meitheamh 2025
Thug Coláiste Mhuire Gan Smál faoi léirmheas litríochta córasach ar son CNCM chun tacú le forbairt sonraíochta don Fholláine.
D’oibrigh CNCM i gcomhpháirtíocht le Hub na nÓg agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY), chun dul i gcomhairle le páistí maidir le todhchaí an Chorpoideachais agus OSPS mar chuid de réimse curaclaim na Folláine. Cuireann an tuarascáil i láthair dearcthaí, tuairimí, smaointe agus moltaí na bpáistí atá rannpháirteach sa chomhairliúchán. Forbraíodh leagan atá feiliúnach do pháistí chomh maith agus comhroinneadh é le scoileanna na bpáistí.
- Consultation with children on the future of Physical Education and Social, Personal, and Health Education as part of the curriculum area of Wellbeing
- Child-friendly report
Chuir CNCM athbhreithniú i gcrích ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta i mbunscoileanna agus in iar‑bhunscoileanna. Tugadh faoi thaighde agus comhairliúchán, agus foilsíodh treoir i bhfoirm tacair uirlisí ar líne sna sála air sin.
Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil thíos faoi na dréachtsonraíochtaí ab ábhar don chomhairliúchán sin agus faoi thorthaí an chomhairliúcháin: