Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar an Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine ón 6 Márta go dtí an 7 Meitheamh 2024.
Bailíodh roinnt mhaith aiseolais le linn an chomhairliúcháin. Bhí ionchur ag raon leathan rannpháirtithe trí mhodhanna éagsúla, lena n-áirítear fócasghrúpaí, cruinnithe déthaobhacha, comhdháil chomhairliúcháin, Líonraí Scoileanna, ceistneoirí agus aighneachtaí scríofa. Chuathas i gcomhairle le páistí ó scoileanna ar fud na tíre freisin. Rinneadh anailís ar an aiseolas go léir ina dhiaidh sin agus úsáid á baint as modheolaíochtaí a bhí oiriúnach don chineál aiseolais, agus foilsíodh an dá thuarascáil chomhairliúcháin thíos dá bharr.
Report on the consultation on the Draft Primary Curriculum Specifications
Consultation with Children on the Draft Primary Curriculum Specifications
Chomh maith leis sin, foilsítear dhá cháipéis bhreise in éineacht leis an gcéad tuarascáil, lena n‑áirítear:
Technical Report detailing the original verbatim questionnaire responses
Written Submissions for which consent to publish was received
Gabhaimid buíochas le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán. Leis na torthaí ón gcomhairliúchán cuireadh bonn eolais faoi chur chun críche na sonraíochtaí curaclaim. Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise faoi na dréachtsonraíochtaí ab ábhar don chomhairliúchán sin sna táib thíos.
Is féidir leat teacht ar na cúig Dhréachtsonraíocht a bhaineann le Curaclam na Bunscoile thíos, chomh maith le físeáin ghearra faisnéise a thugann intreoir do gach doiciméad.