Teicneolaíochtaí Feidhmeacha

Tabharfaidh staidéar ar na Teicneolaíochtaí Feidhmeacha deis don scoláire a chuid scileanna teicneolaíochta, a eolas agus a léirthuiscint a fhorbairt. Baintear sin amach ach dul i ngleic le réimse leathan ábhar agus córas, agus tuiscint á forbairt ag an am céanna ar phrionsabail an chlaochlaithe fuinnimh chun réitigh a fháil ar fhadhbanna praiticiúla. Ar feadh na dtrí bliana, beidh saoirse ag an scoláire dearadh agus smaointeoireacht chóras a fhiosrú, chomh maith le cleachtais dearaidh chun smaointe a iniúchadh, a ghiniúint agus a bheachtú, agus breith a dhéanamh ag an am céanna ar thionchar comhshaoil, geilleagrach agus eiticiúil na réiteach a dtagann sé orthu.

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach 2015, tugadh sonraíochtaí ábhair isteach i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019 maidir le Teicneolaíocht Fheidhmeach, an Innealtóireacht, Grafaic agus Teicneolaíocht Adhmaid sa tSraith Shóisearach. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm luath i 2024 agus cuireadh i gcrích i 2025 é. Bhí sé mar aidhm aige aiseolas a bhailiú, agus a leanas a fhiosrú:

  • an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil san ábhar sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
  • na gnéithe measúnaithe sna hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
  • conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn na sonraíochtaí nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.

 

Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a theastaíonn chun tabhairt go cruthaitheach faoi chur chuige bunaithe ar dhearadh i leith fadhbanna teicneolaíochta ó lá go lá a réiteach, agus aird ar an tionchar ar acmhainní nádúrtha agus ar an gcomhshaol.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Teicneolaíochtaí Feidhmeacha na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Theicneolaíochtaí Feidhmeacha na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017. 

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin d’ábhair Theicneolaíochta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair Teicneolaíochta sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear, agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.