I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach 2015, tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua d’Oideachas Reiligiúnach, Léann Clasaiceach agus Léann Giúdach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm luath i 2024 agus cuireadh i gcrích i 2025 é. Bhí sé mar aidhm aige aiseolas a bhailiú, agus a leanas a fhiosrú:
- an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil san ábhar sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
- na gnéithe measúnaithe sna hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
- conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn na sonraíochtaí nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.
- Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath Chéim 5 de Shonraíochtaí Ábhar na Sraithe Sóisearaí An tOideachas Reiligiúnach, an Léann Clasaiceach agus an Léann Giúdach
Tá sé d’aidhm ag Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí cumas an scoláire a fhorbairt chun ceisteanna brí, cuspóra agus caidreamh a fhiosrú, cabhrú leis an scoláire tuiscint, meas agus léirthuiscint a bheith aige do léiriú creideamh daoine eile, agus plé agus machnamh a éascú ar an éagsúlacht creideamh agus luachanna a chuireann bonn eolais faoi chinnteoireacht agus slite maireachtála freagracha.
I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2018, beidh feidhm le siollabas Oideachas Reiligiúin (2000).
I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain in 2019 nó ina dhiaidh, beidh feidhm leis an tsonraíocht nua don Oideachas Reiligiúnach. Cliceáil anseo le híoslódáil
Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí na Bealtaine 2017.
Tá an cháipéis eolais d’Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sóisearaí agus an tuarascáil comhairliúcháin a chuir bonn eolais faoi fhorbairt na sonraíochta le fáil anseo
Tá ainmnithe ó réimse páirtithe leasmhara oideachais i nGrúpa Forbartha an Oideachais Reiligiúnaigh.
Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe an ghrúpa forbartha thíos.