- Sonraíocht
- Tuairisc ar Chur i bhFeidhm Luath
- Forbairt Ábhair
- An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Foghlaim, teagasc, measúnú
Foilsíodh sonraíocht athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí i mBealtaine 2025. Rinneadh leasuithe ar an tsonraíocht mar fhreagra ar aiseolas ón Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí. Baineann an tsonraíocht athbhreithnithe leis an gcohórt scoláirí a thosóidh an chéad bhliain in 2026 agus le gach cohórt scoláirí ina dhiaidh sin.
Is é aidhm na Sonraíochta do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí inniúlacht chumarsáideach teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, úsáideoir bunúsach) den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach: Foghlaim, teagasc, measúnú (FTCE) agus an tImleabhar a ghabhann leis (CV FTCE) agus a thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.
Tá na sonraíochtaí do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, na treoirlínte measúnaithe agus ábhair thacaíochta bhreise le fáil anseo.
I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua do Nuatheangacha Iasachta i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017 mar chuid de Chéim 3 de thabhairt isteach sonraíochtaí nua ábhair. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Feabhra agus Márta 2023 chun aiseolas a bhailiú agus chun na nithe seo a leanas a mheas agus a fhiosrú:
- an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil sna hábhair sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
- gnéithe measúnaithe de na hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
- conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn an tsonraíocht nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.
D’aimsigh an tuarascáil ar chur i bhfeidhm luath de Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí láidreachtaí agus dúshláin. Mar fhreagairt ar na dúshláin a aimsíodh sa tuarascáil, tionólfaidh CNCM Meitheal Forbartha chun leasuithe beartaithe ar an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta a chur chun cinn. Is féidir an tuarascáil iomlán agus an treoir a léamh thíos.
I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua do Nuatheangacha Iasachta i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017 mar chuid de Chéim 3 de thabhairt isteach sonraíochtaí nua ábhair. Foilsíodh sonraíocht athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí in 2025. Is féidir teacht ar an dá shonraíocht anseo.
Forbairtí 2015–2016
Forbraíodh an tSonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí (2017) in 2015–2016. Tugtar breac-chuntas ar an bpróiseas forbartha thíos.
Déantar iniúchadh sa cháipéis eolais agus tuarascáil chomhairliúcháin do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.
- Cáipéis Eolais do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí
- Treoir do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí
Tá ionadaithe i Meitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe na meithle forbartha anseo.
- Tuairisc ó Chruinniú 1 agus 2 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 3 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 4 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 5 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 6 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
Forbairtí 2023–2024
Rinneadh athbhreithniú ar an tSonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí (2025) in 2023–2024. Tugtar breac-chuntas ar an bpróiseas forbartha thíos.
Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Feabhra agus Márta 2023. Mar fhreagairt ar na moltaí a leagadh amach sa tuarascáil, tionóladh Meitheal Forbartha i mí Eanáir 2024 chun leasuithe molta ar an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta a chur chun cinn. Is féidir teacht ar an tuarascáil iomlán agus an treoir thíos.
Tá ionadaithe i Meitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, ina measc comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe na meithle forbartha thíos:
- Tuairisc ó Chruinniú 1 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 2 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 3 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 4 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an dréachtsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ón 3 Bealtaine go dtí an 10 Lúnasa 2024. Is féidir an tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí a léamh thíos:
Chabhraigh an t‑aiseolas ón gcomhairliúchán sin le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí chun an tsonraíocht a thabhairt chun críche. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe na meithle forbartha thíos:
- Tuairisc ó Chruinniú 5 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
- Tuairisc ó Chruinniú 6 de Mheitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta
Mar bhonn eolais faoin tsonraíocht churaclaim do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí tá aidhmeanna agus prionsabail oideachasúla an Fhráma Tagartha Chomónta Eorpaigh (FTCE) agus an tImleabhar a ghabhann leis (CV FTCE).
Céard iad FTCE agus CV FTCE?
Foilsíodh An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Foghlaim, Teagasc, Measúnú (FTCE), in 2001, agus tá sé mar chuid d’obair leanúnach Chomhairle na hEorpa* chun oideachas ionchuimsitheach ardchaighdeáin a chinntiú mar cheart gach saoránaigh. Foilsíodh an tImleabhar a ghabhann leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach: Foghlaim, teagasc, measúnú CV FTCE in 2020, agus nuashonraíonn sé an FTCE agus cuireann sé leis. Leagadh amach é le bheith mar chreat cuimsitheach agus neodrach go hoideolaíoch le haghaidh teagasc, foghlaim agus measúnú teanga. Glacann sé seasamh nuálach maidir le bheith ag breathnú ar fhoghlaimeoirí mar úsáideoirí teanga agus mar ghníomhaithe sóisialta agus ag breathnú ar theanga mar mhodh cumarsáide seachas mar ábhar atá le staidéar.
Céard é an cur chuige dírithe ar ghníomh (AOA)?
Is í teachtaireacht mhodheolaíochta FTCE ná gur cheart go mbeadh foghlaim teanga dírithe ar chur ar chumas na bhfoghlaimeoirí gníomhú i gcásanna fíorshaoil, iad féin a chur in iúl agus tascanna éagsúla a chur i gcrích. Mar sin, is é an critéar molta le haghaidh measúnú ná cumas cumarsáideach san fhíorshaol, maidir le contanaim cumais (Leibhéil A1-C2). Tugann sé sin le fios gur gníomhartha a stiúrann an próiseas teagaisc agus foghlama, agus go bhfuil an próiseas sin dírithe ar ghníomhartha. Moltar go soiléir ann freisin pleanáil siar ó riachtanais chumarsáideacha fíorshaoil na bhfoghlaimeoirí, agus mar sin, go bhfuil ailíniú ann idir curaclam, teagasc agus measúnú.
Cén chuma a bhíonn ar AOA sa seomra ranga?
Ag leibhéal an tseomra ranga, tá roinnt impleachtaí a bhaineann leis an gcur chuige dírithe ar ghníomh a thabhairt isteach. Tugtar le fios nuair a bhreathnaítear ar fhoghlaimeoirí mar ghníomhaithe sóisialta go bhfuil siad le bheith páirteach sa phróiseas foghlama. Tugtar le fios freisin go bhfuil an ghné shóisialta a bhaineann le foghlaim teanga agus úsáid teanga le haithint, is é sin an idirghníomhaíocht idir an ghné shóisialta agus an duine aonair i bpróiseas na foghlama. Tugtar le fios nuair a bhreathnaítear ar fhoghlaimeoirí mar úsáideoirí teanga go bhfuil úsáid fhairsing le baint as an sprioctheanga sa seomra ranga – go bhfuiltear le foghlaim chun an teanga a úsáid le hais a bheith ag foghlaim faoin teanga amháin (mar ábhar). Nuair a bhreathnaítear ar fhoghlaimeoirí mar dhaoine ilteangacha, ilchultúrtha ligtear cead dóibh úsáid a bhaint as a n‑acmhainní teangeolaíochta uile nuair is gá, spreagadh a thabhairt dóibh chun cosúlachtaí agus rudaí comhchosúla a fheiceáil idir teangacha agus cultúir mar aon le difríochtaí. Thar aon rud eile, tugann an cur chuige dírithe ar ghníomh le fios go bhfuil tascanna fiúntacha, comhoibríocha le déanamh sa seomra ranga, ina ndíreofar go príomha ar tháirge nó toradh éigin (ar nós turas a phleanáil, póstaer a dhéanamh, blag a chruthú, féile a dhearadh).
Céard é ról an fhoghlaimeora agus an mhúinteora sa phróiseas seo?
Tá comhchruthú na céille (trí idirghníomhú) i lár an phróisis foghlama agus teagaisc sa scéim thuairisciúil FTCE agus sa chur chuige dírithe ar ghníomh. Tá impleachtaí soiléire aige sin don seomra ranga. In amanna, beidh an idirghníomhaíocht sin idir an múinteoir agus an foghlaimeoir/na foghlaimeoirí, ach in amanna, beidh gné chomhoibríoch ag baint leis, idir na foghlaimeoirí iad féin. Is dócha go léireofar an comhthéacs, an traidisiún oideolaíochta sa chomhthéacs sin agus leibhéal inniúlachta na bhfoghlaimeoirí atá i gceist sa chothromú cruinn idir an treoir mhúinteoir-láraithe agus an idirghníomhaíocht chomhoibríoch sin idir na foghlaimeoirí i ngrúpaí beaga. I sochaithe éagsúla an lae inniu, d’fhéadfadh go mbeadh cruthú na céille ar siúl ar fud teangacha agus d’fhéadfadh sé a fhágáil go mbeadh ar na foghlaimeoirí/an t‑úsáideoir leas a bhaint as a scileanna ilteangacha agus ilchultúrtha.**
Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil maidir le FTCE agus CV FTCE?
Tá acmhainní forbartha ag Comhairle na hEorpa chun príomhchoincheapa tábhachtacha a mhíniú amhail an cur chuige dírithe ar ghníomh, an t‑ilteangachas, foghlaimeoirí teanga mar ghníomhaithe sóisialta agus idirghabháil. Is féidir na hacmhainní sin, chomh maith le hábhair eile chun tacú le húsáid FTCE a fháil anseo: https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/
Tá ábhair thacaíochta bhreise forbartha ag CNCM maidir leis an gcur chuige dírithe ar ghníomh a chur i bhfeidhm. Is féidir teacht ar na hábhair sin anseo: Nuatheangacha Iasachta | Curaclam ar Líne
* Is eagraíocht idir-rialtasach pholaitíochta í Comhairle na hEorpa, a bunaíodh in 1949 agus a bhfuil a ceanncheathrú bhuan in Strasbourg na Fraince. Is é an misean atá aici ná an daonlathas, cearta an duine agus an ceartas a chinntiú san Eoraip. Inniu freastalaíonn sí ar 700 milliún duine i 46 stát. Tá sé mar aidhm ag Comhairle na hEorpa Eoraip níos fearr a thógáil, bunaithe ar luachanna comhroinnte, lena n‑áirítear an chaoinfhulaingt, agus meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus teanga. Is féidir tuilleadh eolais maidir le hobair Chomhairle na hEorpa, chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a chaomhnú a chur chun cinn, a fháil anseo: https://www.coe.int/en/web/language-policy/home
** Foinse: https://rm.coe.int/common-european-framework-of-reference-for-languages-learning-teaching/16809ea0d4; lch 29)