Léann na nGiúdach

Tá sé mar aidhm ag Léann Giúdach na Sraithe Sóisearaí cur ar chumas an scoláire a gcuid eolais agus tuisceana stairiúla, litríochta, cultúrtha agus creidimh a leathnú.

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach 2015, tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua d’Oideachas Reiligiúnach, Léann Clasaiceach agus Léann Giúdach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm luath i 2024 agus cuireadh i gcrích i 2025 é. Bhí sé mar aidhm aige aiseolas a bhailiú, agus a leanas a fhiosrú:

  • an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil san ábhar sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
  • na gnéithe measúnaithe sna hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
  • conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn na sonraíochtaí nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.

 

  • Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath Chéim 5 de Shonraíochtaí Ábhar na Sraithe Sóisearaí An tOideachas Reiligiúnach, an Léann Clasaiceach agus an Léann Giúdach