Léann Clasaiceach

Tá sé d’aidhm le Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí cur le forbairt léirthuisceana do shibhialtachtaí clasaiceacha na Gréige agus na Róimhe agus teangacha na Sean-Ghréigise agus na Laidine. Spreagtar an scoláire sa tsonraíocht leis féin a chur in iúl, cuirtear féinmhuinín agus féinmhachnamh chun cinn, músclaítear a shamhlaíocht, spreagtar íogaire ilchultúrtha, agus dá bhrí sin, tacaítear le forbairt an duine iomláin.

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach 2015, tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua d’Oideachas Reiligiúnach, Léann Clasaiceach agus Léann Giúdach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm luath i 2024 agus cuireadh i gcrích i 2025 é. Bhí sé mar aidhm aige aiseolas a bhailiú, agus a leanas a fhiosrú:

  • an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil san ábhar sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
  • na gnéithe measúnaithe sna hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
  • conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn na sonraíochtaí nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.

 

  • Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Chur i bhFeidhm Luath Chéim 5 de Shonraíochtaí Ábhar na Sraithe Sóisearaí An tOideachas Reiligiúnach, an Léann Clasaiceach agus an Léann Giúdach

Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a theastaíonn chun dul i ngleic leis na sibhialtachtaí uathúla sin, agus trína dhéanamh sin, forbróidh sé an litearthacht amhairc, na scileanna criticiúla agus an teanga atá riachtanach le dul i ngleic le domhan ilchineálach na linne seo. 

Beidh feidhm le siollabas Staidéar Clasaiceach, Laidin agus Shean-Ghréigis an Teastais Shóisearaigh don scoláire a thosóidh sa chéad bhliain roimh mhí Mheán Fómhair 2019.

Is féidir féachaint orthu sin anseo: 

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017. 

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin do Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.