Innealtóireacht

Tugann staidéar ar an Innealtóireacht deis don scoláire ról agus tionchar na hinnealtóireachta ina sheomra ranga, ina phobal agus sa domhan i gcoitinne a fheiceáil. Ach staidéar a dhéanamh ar an innealtóireacht, beidh deis ag an scoláire feidhmiú mar innealtóir agus meon innealtóireachta a fhorbairt. Ar feadh na dtrí bliana, forbróidh agus úsáidfidh an scoláire scileanna éagsúla, lena n-áirítear nósanna oibre sábháilte, bainistíocht tionscadal, eagrúchán, réiteach fadhbanna agus teicnící innealtóireachta.

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach 2015, tugadh sonraíochtaí ábhair isteach i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019 maidir le Teicneolaíocht Fheidhmeach, an Innealtóireacht, Grafaic agus Teicneolaíocht Adhmaid sa tSraith Shóisearach. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm luath i 2024 agus cuireadh i gcrích i 2025 é. Bhí sé mar aidhm aige aiseolas a bhailiú, agus a leanas a fhiosrú:

  • an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil san ábhar sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
  • na gnéithe measúnaithe sna hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
  • conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn na sonraíochtaí nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.

 

Forbróidh an scoláire an tuiscint choincheapúil, na scileanna disciplín agus an t-eolas ábhair a theastaíonn chun fadhbanna san fhíorshaol a iniúchadh agus a réiteach, trí thimpeallacht atá dírithe ar thascanna go príomha.

I gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2019 nó ina dhiaidh sin beidh feidhm le sonraíocht Innealtóireachta na Sraithe Sóisearaí. Le tacú leis an tsonraíocht, cuirfear Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí d’Obair Scoláirí ar fáil. Cuirfear ar fáil iad ar www.curriculumonline.ie.

Tabharfar isteach an tsonraíocht le haghaidh Innealtóireacht na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta i mí Mheán Fómhair 2017. 

Déantar iniúchadh sa pháipéar cúlra agus sa tuarascáil chomhairliúcháin d’ábhair Theicneolaíochta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair Teicneolaíochta sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear, agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.

.