I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach 2015, tugadh sonraíochtaí ábhair isteach i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2019 maidir le Teicneolaíocht Fheidhmeach, an Innealtóireacht, Grafaic agus Teicneolaíocht Adhmaid sa tSraith Shóisearach. Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm luath i 2024 agus cuireadh i gcrích i 2025 é. Bhí sé mar aidhm aige aiseolas a bhailiú, agus a leanas a fhiosrú:
- an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil san ábhar sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
- na gnéithe measúnaithe sna hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
- conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn na sonraíochtaí nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.