- Cláir Foghlama Leibhéal 1: Aonaid Tosaíochta Foghlama
- Cláir Foghlama Leibhéal 2: Aonaid Tosaíochta Foghlama
- Athbhreithniú ar Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2
Ceapadh Cláir Foghlama Leibhéal 1 na Sraithe Sóisearaí (CFL1SS) do ghrúpa scoláirí ar leith. Is mó seans go mbeidh moill forbartha shuntasacha ag gabháil dóibh ar fud roinnt réimsí lena n-áirítear scileanna foghlama, cumarsáide, teanga agus oiriúnaitheacha. Tá seans ann go bhfuil na scoláirí sin a bhfuil an leibhéal seo riachtanais acu ag freastal ar scoileanna speisialta, ar scoileanna príomhshrutha ina bhfuil rang speisialta nó ar scoileanna príomhshrutha agus sainaithnítear iad a bheith ar an leibhéal Tacaíocht do Dhaltaí Áirithe de Chontanam na Tacaíochta (CnT). Is samhail mheasúnaithe agus idirghabhála réitigh fadhbanna é Contanam na Tacaíochta atá leanúnach agus céimnithe, a thacaíonn leis an scoláire i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha trína n-oideachas foirmiúil.
Tá sé Aonad Tosaíochta Foghlama (ATFanna) ag croílár gach CFL1SS. Sainaithnítear agus forbraítear go follasach sna hAonaid Tosaíochta Foghlama seo na príomhréimsí foghlama a theastaíonn chun na scoláirí a ullmhú dá saol amach anseo. Cé go gcuirtear iad i láthair mar aonaid astu féin, nuair a úsáidtear mar chuid de chlár foghlama iad, idirnascann agus forluíonn na hAonaid Tosaíochta Foghlama seo. Tá na sé ATFanna liostaithe thíos:
-
Cumarsáid, Teanga agus Litearthacht
-
Cúram Pearsanta agus Folláine
-
A bheith rannpháirteach i bPobal
-
Uimhearthacht
-
Na healaíona
-
Corpoideachas
Ceapadh Cláir Foghlama Leibhéal 2 na Sraithe Sóisearaí (CFL2SS) do scoláirí a gcuireann a bpróifíl foghlama bac orthu tabhairt faoi chuid de churaclaim Leibhéal 3 na sraithe sóisearaí nó na curaclaim ar fad. Is mó seans go mbeidh moilleanna forbartha ag gabháil dóibh ar fud roinnt réimsí lena n-áirítear scileanna foghlama, cumarsáide, teanga agus oiriúnaitheacha. Má tá siad ag freastal ar scoil phríomhshrutha, aithneofar go mbeidh na scoláirí ag an leibhéal Tacaíocht do Dhaltaí Áirithe de Chontanam na Tacaíochta (CoS). Is samhail mheasúnaithe agus idirghabhála réitigh fadhbanna é Contanam na Tacaíochta atá leanúnach agus céimnithe, a thacaíonn leis an scoláire i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha trína n-oideachas foirmiúil.
Tá cúig Aonad Tosaíochta Foghlama ag croílár gach CFL2SS. Ullmhaítear na scoláirí do dheiseanna, do fhreagrachtaí agus d’eispéireas na sraithe sinsearaí, do thaithí shaol agus oibre duine fásta agus d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Cuirtear i láthair iad mar aonaid astu féin ach nuair a úsáidtear iad i gcláir foghlama comhtháthófar agus forbrófar iad i réimse leathan comhthéacsanna foghlama. Tá na cúig ATFanna liostaithe thíos:
- Cumarsáid agus litearthacht
- Uimhearthacht
- Cúram pearsanta
- Maireachtáil i bpobal
- Scileanna Saoil
I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne an CNCM athbhreithniú ar Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 chun aiseolas a bhailiú chun meastóireacht a dhéanamh ar:
- eispéiris an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe laistigh de na Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2
- conas is féidir le torthaí an athbhreithnithe tacú le hobair forbartha curaclaim agus measúnaithe sa tsraith shinsearach.
Léirítear sa tuarascáil seo aiseolas ó mhúinteoirí, tuismitheoirí, ceannairí scoile, daltaí agus páirtithe leasmhara níos leithne maidir le tabhairt isteach agus achtú na gClár Foghlama Leibhéal 1: Treoirlínte do Mhúinteoirí agus na Cláir Foghlama Leibhéal 2: Treoirlínte do Mhúinteoirí.
Tá an tuarascáil ar fáil thíos:
Ceann de na gníomhartha a d'eascair as an athbhreithniú seo ná athmheasúnú a dhéanamh ar an Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) ag Ullmhú don Obair. Reáchtáladh comhairliúchán ar dhréacht athbhreithnithe le teideal oibre Scileanna don Saol go luath in 2025. Tá an dréacht PLU ar fáil thíos:
Tá an tuarascáil chomhairliúcháin ar fáil thíos: