Cláir na Sraithe Sinsearaí

Soláthraítear clár na hArdteistiméireachta ar cheithre bhealach. Tá deis ag an scoláire idirbhliain a dhéanamh idir an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach.

Freastalaíonn oideachas na Sraithe Sinsearaí ar dhaltaí san aoisghrúpa 15 go 19 mbliana d'aois. Cuimsíonn sí Idirbhliain roghnach, a leanann díreach tar éis na Sraithe Sóisearaí.  Le linn na dá bhliain dheireanacha den tSraith Shinsearach, glacann daltaí le ceann de cheithre chlár: an Ardteistiméireacht Bhunaithe (ATB), Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT), an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) nó Clár Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí (CFL1anna/CFL2anna).