Tionscadal Chonairí na Sraithe Sinsearaí

Tá CNCM ag tabhairt faoi obair le scoileanna chun moltaí a fhorbairt maidir le conairí solúbtha tríd an tsraith shinsearach

Tá áthas ar CNCM a bheith ag obair go díreach le scoileanna chun moltaí a fhorbairt a fheabhsóidh na roghanna atá ag gach scoláire chun dul chun cinn tríd an tsraith shinsearach. Trí oibriú go díreach le scoileanna, is dóichí go mbeidh na moltaí freagrúil do riachtanais na scoláirí agus ag an am céanna bunaithe ar shaol na scoile mar atá.

An tAthbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Taifeadadh agus tugadh freagra sa Tuarascáil Chomhairleach ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara a bailíodh le linn an athbhreithnithe ceithre bliana ar an gcaoi a bhféadfaí an tSraith Shinsearach a fhorbairt chun freastal ar riachtanais ár ndaoine óga amach anseo. Tháinig comhthuiscint shuntasach chun cinn as an athbhreithniú sin, go háirithe cuspóir agus fís athnuaite d’oideachas na sraithe sinsearaí. Bhí fonn láidir ann freisin conairí comhtháite níos solúbtha a fhorbairt do gach scoláire chun teacht leis an gcuspóir agus leis an bhfís leathan do shraith shinsearach athfhorbartha. Táthar ag súil go bhfaighidh an Tionscadal Conairí seo bealaí chun na roghanna atá ag gach scoláire chun dul tríd an tsraith shinsearach a leathnú agus chun cabhrú leis an gcuspóir agus leis an bhfís seo a thabhairt chun críche le haghaidh gach scoláire.

Amlíne an tionscadail

Céim reatha

Céim 3: Mapáil curaclaim

Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Agus iad ag forbairt ar an bhfoghlaim a rinneadh go dtí sin, shainaithin na scoileanna raon comhpháirteanna curaclaim a d’fhéadfaí tacú ar an mbealach ab fhearr leis an raon éagsúil  spéiseanna, láidreachtaí, riachtanas agus uaillmhianta atá ag na scoláirí inár scoileanna..
Curtha i gcrích
Téacs reatha
Téacs todhchaí
Eochair Eolais
Bealtaine 2025 - Meán Fómhair 2027

Moltaí a chruthú do chonairí

Céim 1: Céim an ionduchtúcháin agus na scópála
1 Beal 2025 - 21 MFómh 2025
Phase 2: Próifílí na Scoláirí a Chur le Chéile
21 MFómh 2025 - 19 Samh 2025
Cruinniú 1 den Líonra
From 26 Samh 2025
Céim 3: Mapáil curaclaim
27 Samh 2025 - 27 Márta 2026
Cruinniú 2 den Líonra
23 Márta 2026 - 26 Márta 2026
Céim 4: Forbairt conairí
29 Márta 2026 - 29 Beal 2026
Cruinniú 3 den Líonra
From 10 MFómh 2026
Moltaí maidir le conairí
29 Beal 2026 - 2 Samh 2026

Comhairliúchán ar an bPáipéar Conairí

Comhairliúchán
2 Samh 2026 - 1 Feabh 2027
Tuarascáil ar an gcomhairliúcháin ar an bPáipéar Conairí
1 Feabh 2027 - 1 Aib 2027

Amlíne an tionscadail

Léiríonn an amlíne seo céimeanna an Tionscadail Conairí mar chuid d'athfhorbairt na sraithe sinsearaí.

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Céim 1: Céim an ionduchtúcháin agus na scópála

Bailiú sonraí: feasacht a mhúscailt i scoileanna

Thacaigh CNCM le scoileanna chun aiseolas a bhailiú óna gcuid múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí faoi na conairí i rith na sraithe sinsearaí. An Fhoireann Conairí Scoile, ina raibh múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí agus ceannairí scoile, rinne siad machnamh cúramach ar an aiseolas sin.

1 Beal 2025 - 21 MFómh 2025

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Phase 2: Próifílí na Scoláirí a Chur le Chéile

le haghaidh gach scoile sa líonra

D’fhorbair gach Foireann Conairí Scoile raon próifílí scoláire chun spéiseanna, láidreachtaí, riachtanais agus uaillmhianta na scoláirí ina scoil a léiriú.

21 MFómh 2025 - 19 Samh 2025

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Cruinniú 1 den Líonra

le foghlaim óna chéile

Tháinig Foirne Conairí Scoile le chéile i bPáirc an Chrócaigh le foghlaim óna chéile, tuilleadh a fhoghlaim faoin gcomparáid idir an córas s’againne agus dlínsí eile agus machnamh a dhéanamh ar athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a chuirfeadh feabhas ar an eispéireas do na scoláirí uile sa tsraith shinsearach.

From 26 Samh 2025

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Céim 3: Mapáil curaclaim

Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Agus iad ag forbairt ar an bhfoghlaim a rinneadh go dtí sin, shainaithin na scoileanna raon comhpháirteanna curaclaim a d’fhéadfaí tacú ar an mbealach ab fhearr leis an raon éagsúil  spéiseanna, láidreachtaí, riachtanas agus uaillmhianta atá ag na scoláirí inár scoileanna..

27 Samh 2025 - 27 Márta 2026

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Cruinniú 2 den Líonra

Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Tagann Foirne Conairí Scoile le chéile i suíomhanna réigiúnacha le teacht ar chomhaontú faoin rogha comhpháirteanna curaclaim a d’fhéadfadh tacú ar an mbealach ab fhearr leis an raon éagsúil  spéiseanna, láidreachtaí, riachtanas agus uaillmhianta atá ag na scoláirí inár scoileanna.

23 Márta 2026 - 26 Márta 2026

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Céim 4: Forbairt conairí

Conairí Comhtháite Solúbtha a mheas

Déanann gach Foireann Conairí smaoineamh ar an gcaoi a bhféadfadh a scoil struchtúr a chur ar an 2 bhliain dheireanacha den tsraith shinsearach chun conairí níos solúbtha agus níos comhtháite a chur ar fáil do scoláirí, ag freastal ar an rogha ábhar, modúl agus comhpháirteanna a tháinig chun cinn as Céim 3 ar bhealaí réadúla agus indéanta. 

29 Márta 2026 - 29 Beal 2026

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Cruinniú 3 den Líonra

Moltaí maidir le conairí comhtháite solúbtha a fhorbairt

Tagann an Fhoireann Conairí le chéile chun smaoineamh a dhéanamh ar na moltaí is oiriúnaí maidir le conairí chun tacú leis an raon spéiseanna, láidreachtaí, riachtanas agus uaillmhianta a bhíonn ag scoláirí ar fud na scoileanna uile agus le bheith ag teacht leis an gcuspóir agus leis an bhfís do shraith shinsearach athfhorbartha. 

From 10 MFómh 2026

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Moltaí maidir le conairí

Páipéar Conairí

Cuirfear na moltaí faoi bhráid Chomhairle CNCM. Faoi réir a bhformheasa, cuirfear na moltaí ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí. 

29 Beal 2026 - 2 Samh 2026

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar an bPáipéar Conairí

Rannpháirtíocht fhairsing leis na páirtithe leasmhara uile chun a dtuairimí agus a léargais a bhailiú.

2 Samh 2026 - 1 Feabh 2027

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

Amlíne an tionscadail

Tuarascáil ar an gcomhairliúcháin ar an bPáipéar Conairí

Tuarascáil ar an gcomhairliúcháin ar an bPáipéar Conairí

Déantar an tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar an bPáipéar Conairí a scríobh agus a chur faoi bhráid na Comhairle.

1 Feabh 2027 - 1 Aib 2027

Céim reatha:

Céim 3: Mapáil curaclaim - Comhpháirteanna den churaclam a athshamhlú

I mí an Mhárta 2025, cuireadh Léiriú Spéise amach chuig gach scoil le bheith rannpháirteach sa tionscadal. Roghnaíodh trí scoil déag agus úsáid á baint as cuir chuige samplála breithiúnais agus samplála ionadaíche. Bhí an tsampláil bhreithiúnais bunaithe ar fhreagraí ar an Léiriú Spéise, lenar cinntíodh gur cuimsíodh scoileanna sonracha a raibh saintréithe uathúla nó saineolas uathúil acu. Leis an tsampláil ionadaíoch cinntíodh go raibh na scoileanna a roghnaíodh ina léiriú ar an daonra níos leithne, rud a dhéanann tograí amach anseo níos infheidhme ar an raon scoileanna. 

I gcás inar rath a bhí ann leis an tsampláil ionadaíoch i bhformhór na gcritéar, níor chomhlíon na scoileanna a roghnaíodh na critéir maidir le bheith ina scoil bheag (faoi bhun 350 scoláire). Ag cruinniú den Bord um Sheachadadh Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí, sainaithníodh go mbeadh sé ina thairbhe don tionscadal scoil bheag a bheith san áireamh.  Tar éis an t-éileamh a mheas, sainaithníodh scoil agus cuireadh leis an tionscadal í.

Tábla 1 – Liosta ar na scoileanna a ghlac páirt i dtionscadal Chonairí na Sraithe Sinsearaí

Beech Hill College St. Kevin’s Community College
Villiers School Deele College
Scoil Chuimsitheach Chiaráin  St. Mary’s Secondary School
Cross and Passion College Pobalscoil na Tríonóide
Stepaside Educate Together Secondary School Glanmire Community College
Temple Carrig Secondary School Beneavin De La Salle College
Enniscorthy Community College St. Killian's College

Tá ról lárnach ag Scoileanna ár Líonra maidir le tograí a fhorbairt ar mhaithe le sraith shinsearach níos solúbtha, níos ionchuimsithí agus níos céillí. Tá Nascmhúinteoir ceaptha ag gach uile scoil a ghníomhaíonn mar an príomhtheagmhálaí le CNCM, a dhéanann comhordú ar chúrsaí cumarsáide, a dháileann ábhair agus a éascaíonn gníomhaíochtaí rannpháirtíochta. Cuireann na scoileanna Foireann Conairí Scoile ar bun freisin arb iondúil go mbíonn sí comhdhéanta de bheirt scoláirí, tuismitheoir amháin, an Nascmhúinteoir agus ball de bhainistíocht na scoile. Cinntíonn an fhoireann sin go ndéantar ionadaíocht do dhearcthaí éagsúla agus cuireann sí le suirbhéanna, fócasghrúpaí, agus pléití machnamhacha. 


Taobh amuigh den fhoireann sin, tá coinne leis go dtabharfaidh na scoileanna rannpháirt dá bpobal níos leithne, lena n-áirítear scoláirí, tuismitheoirí, agus baill foirne eile agus úsáid á baint as uirlisí arna gcur ar fáil ag CNCM chun aiseolas a bhailiú. Ar feadh an tionscadail, coinníonn na scoileanna a gcuid neamhspleáchais fad is a bhíonn siad ag comhoibriú go dlúth le CNCM. Cuireann siad léargais ar fáil atá bunaithe ar a gcomhthéacsanna féin chun bonn eolais a chur faoin tionscadal seo. 


Tugtar tacaíocht láidir do scoileanna a ghlacann páirt i dtionscadal Chonairí na Sraithe Sinsearaí chun cuidiú leo a bheith rannpháirteach go hiomlán agus go muiníneach. Gníomhaíonn an Nascmhúinteoir i ngach scoil mar an príomhtheagmhálaí le CNCM agus cuidíonn siad chun gníomhaíochtaí a chomhordú. Rud atá tábhachtach, tá rochtain ag an Nascmhúinteoir ar Oifigeach Oideachais tiomnaithe ó CNCM dá scoil. Cuireann an tOifigeach Oideachais tacaíocht dhíreach ar fáil ar feadh an tionscadail, lena n-áirítear teagmháil rialta, cuidiú le pleanáil, agus cuairteanna scoile chun bualadh leis an Nascmhúinteoir agus leis an bhFoireann Conairí Scoile. Le cuidiú chun na costais a chlúdach, faigheann gach scoil deontas €2,000 freisin. Ina theannta sin, cuirtear teimpléid ar fáil do scoileanna le haghaidh suirbhéanna agus fócasghrúpaí agus nuashonruithe rialta. Fágann an tionscadal go mbíonn scoileanna in ann oibriú ar bhealaí a n-oireann dá gcomhthéacs féin, fad is a bhíonn siad ag nascadh le scoileanna eile freisin trí chruinnithe líonra. Cuidíonn an tacaíocht sin le scoileanna smaointe a chur le chéile, aiseolas a chomhroinnt, agus cur le todhchaí oideachas na sraithe sinsearaí a mhúnlú.

Céim 1: Bealtaine 2025 - Meán Fómhair 2025

Gach ceann de na ceithre scoil déag a bhí rannpháirteach i dtionscadal Chonairí na Sraithe Sinsearaí, bhí cruinnithe acu ina gcuid scoileanna le CNCM. 
Bhí an chéad chuairt ina hionduchtú ar an gclár agus cuimsíodh idir an nascdhuine is Oifigeach Oideachais a sannadh don scoil agus an Leas-Phríomhfheidhmeannach, Barry Slattery, a dhéanann maoirseacht ar an tionscadal. Roimh a gcéad chuairt, chuaigh na scoileanna i mbun suirbhéanna chun léargais a thabhairt le chéile ó scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí chun eolas a bhailiú le cuidiú chun an plé a scafláil agus spreagthach a chur ar fáil do na fócasghrúpaí ar feadh an tionscadail. 

Céim 2: Meán Fómhair 2025 - Samhain 2025

Díríonn an dara céim do na ceithre scoil déag ar mhachnamh níos doimhne ar chohóirt a scoláirí agus catagóirí a gcohórt ina gcuid scoileanna. Déanann an Fhoireann Conairí Scoile agus an tOifigeach Oideachais athbhreithniú ar na léargais a bailíodh go dtí sin agus trí úsáid a bhaint as an eolas sin, tosaíonn na scoileanna ar phróifílí na scoláirí a chur le chéile ar fud trí chatagóir chohóirt: ailínithe go maith, ailínithe go páirteach, agus mí-ailínithe.

Déanann nascdhuine na scoile, ag obair lena bhfoireann, Próifílí na Scoláirí a fhorbairt chun gach ceann de na trí chatagóir chohóirt a ghabháil. Raon idir trí agus sé phróifíl. Déantar na Próifílí Scoláirí sin a roinnt agus a bheachtú ansin roimh an gcéad Chruinniú den Líonra Scoileanna ar an 26 Samhain. Cuirtear punann de Phróifílí na Scoláirí le chéile chun an éagsúlacht ar fud na gceithre scoil déag a ghabháil.

Tá an obair sin deartha chun dearadh an chéad chruinnithe den Líonra Scoileanna a mhúnlú agus chun bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile de mhapáil curaclaim agus forbairt conairí.

Céim 3: Nollaig 2025 - Feabhra 2026

Agus iad ag forbairt ar an bhfoghlaim a rinneadh go dtí sin, shainaithin na scoileanna raon comhpháirteanna curaclaim a d’fhéadfaí tacú ar an mbealach ab fhearr leis an raon éagsúil  spéiseanna, láidreachtaí, riachtanas agus uaillmhianta atá ag na scoláirí inár scoileanna.

 

Céim 4: Márta 2026 - Meán Fómhair 2026

Déanann gach Foireann Conairí smaoineamh ar an gcaoi a bhféadfadh a scoil struchtúr a chur ar an 2 bhliain dheireanacha den tsraith shinsearach chun conairí níos solúbtha agus níos comhtháite a chur ar fáil do scoláirí, ag freastal ar an rogha ábhar, modúl agus comhpháirteanna a tháinig chun cinn as Céim 3 ar bhealaí réadúla agus indéanta.