Tíreolaíocht

Cuireadh tús le forbairt sonraíochta nua le haghaidh Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha. 

Ba é an chéad chéim in athfhorbairt Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta ná páipéar Cúlra a fhorbairt agus achoimre don athbhreithniú ar an ábhar.

Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 8ú Aibreán go dtí an 17ú Bealtaine 2024 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Mhéan Fómhair 2024.

Bhí an Dréachtsonraíocht do Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí ón 24 Feabhra go dtí an 25 Aibreán 2025. 

•    Dréachtsonraíocht do Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta 

Is éard a bhí i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Rinne CNCM teagmháil le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe ina raibh múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu. 

Chabhraigh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Mheiatheal Forbartha Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar go críochnaitheach í agus sula bhfoilseofar í. 

Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán seo foilsithe anois.