Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais agus Óige faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2028. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Nuatheangacha Iasachta na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
Céim reatha
Céim 4
Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Tá an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ar oscailt idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 17 Samhain.Amlíne an Ábhair
Taispeánann an amlíne seo na céimeanna atá i gceist le forbairt na sonraíochta. Léiríonn sé na céimeanna atá críochnaithe cheana féin, na céimeanna atá le déanamh fós, agus an chéim ghníomhach reatha.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Rinneadh cuairteanna scoile
Tá CNCM tar éis cuairt a thabhairt ar roinnt scoileanna mar chuid den obair chun aiseolas a bhailiú ar an gcuraclam reatha agus ar fhorbairtí féideartha amach anseo.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Tionóladh an Mheitheal Forbartha
Tionóladh an Mheitheal Forbartha ar an 29 Meán Fómhair agus tá a cuid oibre le críochnú faoin Meán Fómhair, 2027.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Cáipéis Eolais agus Treoir le foilsiú
Foilsítear an Cháipéis Eolais agus Treoir ar líne tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle. Cuireann sí bonn faoi obair na Meithle Forbartha agus cuimsítear taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta inti lena n-áirítear agallaimh le bainistíocht scoile, múinteoirí ábhair agus scoláirí ó roinnt scoileanna.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Tá an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ar oscailt idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 17 Samhain.
1 DFómh 2025 - 17 Samh 2025
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Foilsítear an tuarascáil ar an gCáipéis Eolais agus Treoir tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle agus foilsítear ar líne í.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Forbairt agus foilsiú na Dréachtsonraíochta Curaclaim
Agus iad faoi threoir ag an Treoir maidir lena cuid oibre agus aiseolas ón gcomhairliúchán ar an gCáipéis Eolais, ullmhaíonn an Mheitheal Forbartha dréachtsonraíocht churaclaim. Foilsítear an Dréachtsonraíocht Churaclaim tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an dréacht-Sonraíocht Churaclaim a luaithe a bheidh sí ceadaithe ag an gComhairle.
1 MFómh 2026 - 20 DFómh 2025
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Tá an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim faofa ag an mBord agus ag an gComhairle araon agus foilsíodh ar líne í. Baineann an Mheitheal Forbartha úsáid as na torthaí ón Tuarascáil ar an Dréachtsonraíocht leis an tSonraíocht a thabhairt i gcrích.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
An tSonraíocht Churaclaim deiridh faofa ag an gComhairle
Ní mór don Bhord plé a dhéanamh ar an tSonraíocht Churaclaim deiridh agus faomhadh a fháil ón gComhairle sular féidir í a chur ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Óige lena faomhadh don uair dheireanach.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Faomhadh agus foilsiú an Aire
Tá faomhadh déanta ag an Aire ar an tsonraíocht agus tá sí ar fáil ar curriculumonline.ie
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Foilsíodh treoirlínte chun tacú leis an gComhpháirt Mheasúnaithe sa Bhreis
Forbraíonn CNCM treoirlínte CMB i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus tacaíonn an Roinn Oideachais agus Óige, Oide agus fócasghrúpaí múinteoirí leo.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
- Forbairt Ábhair 2025 - 2028
- Nótaí cruinnithe 2025 - 2028
- Athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath: Liotuáinis, Polainnis agus Portaingéilis na hArdteiste
Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Nuatheangacha Iasachtana na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt Nuatheangacha Iasachtana na hArdteistiméireachta de. Bhí an Cháipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Nuatheangacha Iasachta na hArdteistiméireachta ar fáil do chomhairliúchán poiblí ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 17 Samhain 2025.
Cáipéis Eolais agus Treoir don Athbhreithniú ar Nuatheangacha Iasachta na hArdteistiméireachta
-
mar atá an curaclam á chur i bhfeidhm agus mar a d’fhéadfaí é a fheabhsú
-
eispéireas an scoláire ar fhoghlaim agus measúnú
-
mar a bhíonn múinteoirí ag obair leis an gcuraclam.