Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Innealtóireacht na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Innealtóireacht na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
Bhí an Dréachtsonraíocht do Innealtóireacht na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí ón 03 Márta go dtí an 02 Bealtaine 2025.
Is éard a bhí i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Rinne CNCM teagmháil le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe ina raibh múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu.
Chabhraigh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Mheiatheal Forbarth Innealtóireacht na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar go críochnaitheach í agus sula bhfoilseofar í.
Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán seo foilsithe anois.
Aighneachtaí Scríofa a Fuarthas:
- Abtech Precision Ireland Ltd - Aidan Mullane
- Acentryx Limited
- Alpha Spec Ltd
- ASTI - Moira Leydon, Assistant General Secretary, Education and Research
- AWP Engineering Ltd
- Bikar Metals
- Bolger Engineering - Paul Collins
- Caragh Precision - Edward Kenny
- Dromone Engineering Limited - William Egenton
- Engineering Industries Ireland - IBEC
- Engineering Technology Teachers Association - ETTA
- Flynn Engineering - Jeremiah B. Flynn C Eng. FIEI I.Eng. FIET UK
- IDEA (Irish Development Education Association) Formal Education Working Group
- Kent Stainless - Michael Holton Kent Stainless
- Killala Precision Components Ltd - Noel McHale
- Mann Engineering Ltd
- N&E Precision - Noel Farrell
- National Council for Special Education – NCSE - Jane McGuirk & Patrick Murphy
- O'Neill Industrial Ltd
- Penn Engineering - Ian Murphy
- Precision Tooling Machining Association - PTMA
- Reilly Plastics Ltd - Bernard Hoey
- Rev 1 Precision Engineering
- SCHUNK Ireland
- Shannon Precision Engineering
- Slaney Precision Ltd
- Smithstown Light Engineering - Gerard King
- Specialty Cutting Tools Ltd - Derek Whyte
- Takumi Precision Engineering - Donal Galligan
- Technical Engineering & Tooling Services Ltd. - TEG - Tommy Kelly
- The Engineering Technology Group – Ireland - Ciaran Fletchmoore
- Total Precision Ltd - Shane Kelly
- WorldWise Global Schools
Ba é an chéad chéim in athfhorbairt na hArdteistiméireachta ná páipéar Cúlra a fhorbairt agus achoimre don athbhreithniú ar an ábhar.
Thionóil comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athfhorbairt ón 8ú Aibreán go dtí an 17ú Bealtaine 2024 agus foilsíodh tuarascáil ar an gcomhairliúchán i mí Mhéan Fómhair 2024.
Tháinig an mheitheal forbartha do Innealtóireacht na hArdteistiméireachta le chéile ar an 27 Feabhra 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.
- Cruinniú 1: 27 Feabhra 2024
- Cruinniú 2: 10 Aibreán 2024
- Cruinniú 3: 07 Bealtaine 2024
- Cruinniú 4: 17 Meán Fómhair 2024
- Cruinniú 5: 10 Deireadh Fómhair 2024
- Cruinniú 6: 16 Deireadh Fómhair 2024
- Cruinniú 7: 12 Samhain 2024
- Cruinniú 8: 27 Samhain 2024
- Cruinniú 9: 11 Nollaig 2024
- Cruinniú 10: 13 Eanáir 2025
- Cruinniú 11: 28 Eanáir 2025
- Cruinniú 12: 9 Bealtaine 2025
- Cruinniú 13: 15 Bealtaine 2025