Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais agus Óige faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Gaeilge na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2028. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Gaeilge na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
Céim reatha
Céim 4
Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Tá an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ar oscailt idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 17 Samhain.Amlíne an Ábhair
Taispeánann an amlíne seo na céimeanna atá i gceist le forbairt na sonraíochta. Léiríonn sé na céimeanna atá críochnaithe cheana féin, na céimeanna atá le déanamh fós, agus an chéim ghníomhach reatha.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Rinneadh cuairteanna scoile
Tá CNCM tar éis cuairt a thabhairt ar roinnt scoileanna mar chuid den obair chun aiseolas a bhailiú ar an gcuraclam reatha agus ar fhorbairtí féideartha amach anseo.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Tionóladh an Mheitheal Forbartha
Tionóladh an Mheitheal Forbartha ar an 29 Meán Fómhair agus tá a cuid oibre le críochnú faoin Meán Fómhair, 2027.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Cáipéis Eolais agus Treoir le foilsiú
Foilsítear an Cháipéis Eolais agus Treoir ar líne tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle. Cuireann sí bonn faoi obair na Meithle Forbartha agus cuimsítear taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta inti lena n-áirítear agallaimh le bainistíocht scoile, múinteoirí ábhair agus scoláirí ó roinnt scoileanna.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Tá an comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ar oscailt idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 17 Samhain.
1 DFómh 2025 - 17 Samh 2025
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Foilsítear an tuarascáil ar an gCáipéis Eolais agus Treoir tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle agus foilsítear ar líne í.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Forbairt agus foilsiú na Dréachtsonraíochta Curaclaim
Agus iad faoi threoir ag an Treoir maidir lena cuid oibre agus aiseolas ón gcomhairliúchán ar an gCáipéis Eolais, ullmhaíonn an Mheitheal Forbartha dréachtsonraíocht churaclaim. Foilsítear an Dréachtsonraíocht Churaclaim tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal an bhoird agus faomhadh a fháil ón gComhairle.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Comhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Osclófar an comhairliúchán poiblí ar an dréacht-Sonraíocht Churaclaim a luaithe a bheidh sí ceadaithe ag an gComhairle.
1 MFómh 2026 - 20 DFómh 2025
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim
Tá an Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar an Dréachtsonraíocht Churaclaim faofa ag an mBord agus ag an gComhairle araon agus foilsíodh ar líne í. Baineann an Mheitheal Forbartha úsáid as na torthaí ón Tuarascáil ar an Dréachtsonraíocht leis an tSonraíocht a thabhairt i gcrích.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
An tSonraíocht Churaclaim deiridh faofa ag an gComhairle
Ní mór don Bhord plé a dhéanamh ar an tSonraíocht Churaclaim deiridh agus faomhadh a fháil ón gComhairle sular féidir í a chur ar aghaidh chuig an Aire Oideachais agus Óige lena faomhadh don uair dheireanach.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Faomhadh agus foilsiú an Aire
Tá faomhadh déanta ag an Aire ar an tsonraíocht agus tá sí ar fáil ar curriculumonline.ie
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Amlíne an Ábhair
Foilsíodh treoirlínte chun tacú leis an gComhpháirt Mheasúnaithe sa Bhreis
Forbraíonn CNCM treoirlínte CMB i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus tacaíonn an Roinn Oideachais agus Óige, Oide agus fócasghrúpaí múinteoirí leo.
Céim 4 - Comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir
Bhí an Cháipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta ar fáil do chomhairliúchán poiblí ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 17 Samhain 2025. Tá an comhairliúchán dúnta anois.
Cáipéis eolais agus treoir don athbhreithniú ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta
Tá an tsonraíocht T1 dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta agus ar scoláirí san earnáil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (Gaelcholáistí, Aonaid agus Sruthanna Lán-Ghaeilge). Beidh scoileanna lán-Bhéarla in ann an tsonraíocht T1 a chur ar fáil chomh maith.
Chun dréachtsonraíocht T1 a léamh, cliceáil anseo.
Tá an tsonraíocht T2 dírithe ar scoláirí a bhfuil an Ghaeilge á saothrú acu mar dhara teanga go príomha agus atá i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.
Chun dréachtsonraíocht T2 a léamh, cliceáil anseo.
D’fhaomh Comhairle CNCM dréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta le haghaidh T1 agus T2 i mí na Samhna 2020 i gcomhair comhairliúcháin phoiblí. Seoladh an próiseas comhairliúcháin i mí Feabhra 2021. Chuir an Chomhairle síneadh ama leis an gcomhairliúchán go dtí deireadh mhí na Samhna 2021 mar gheall ar iarratais ó pháirtithe leasmhara agus iad fós ag dul i ngleic le tionchar Covid-19 ar scoileanna.
Ba é cuspóir an chomhairliúcháin ná aiseolas a bhailiú ó mhúinteoirí, tuismitheoirí, scoláirí, eagraíochtaí Gaeilge agus ó pháirtithe leasmhara eile ar an dréachtsonraíochtaí.
Tuarascáil chomhairliúcháin:
Sa tuarascáil chomhairliúcháin ar dhréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 déantar taifeadadh agus tugtar freagra do thuairimí na bpáirtithe leasmhara a bailíodh le linn an chomhairliúcháin fhairsing. Measann sé go mion an t-aiseolas a fuarthas ar na dréachtsonraíochtaí. Sa tuarascáil, freisin, tá aiseolas inti ar na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le sonraíochtaí nua a chur i bhfeidhm agus déantar achoimre ar chúinsí sistéamacha a tháinig chun cinn amhail múnla an tsoláthair churaclaim don Ghaeilge.
Is féidir an tuarascáil a léamh trí chliceáil anseo.
Tugann nóta eolais léargas ginearálta ar an Tuarascáil Chomhairliúcháin agus ar na chéad chéimeanna eile do Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Is féidir an nóta eolais a léamh trí chliceáil anseo.
Mar chuid den chomhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 chuir Ollscoil na Gaillimhe anailís ar shonraí a fuarthas ó aighneachtaí scríofa agus ó shuirbhéanna ar líne i gcrích, agus ioncuireadh san áireamh é i dtuarascáil chomhairliúcháin an CNCM. Tá an tuarascáil faoin anailís a rinne Ollscoil na Gaillimhe ar fáil anseo.
Fáilte go dtí ár mol taighde d'athfhorbairt na sraithe sinsearaí. Anseo gheobhaidh tú léargais bunaithe ar fhianaise mar aon le taighde acadúil chun eolas agus tacaíocht a thabhairt don athfhorbairt leanúnach ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Cuirfidh an stór seo bonn eolais ar fáil d'oideachasóirí, do lucht déanta beartais, agus do pháirtithe leasmhara chun athrú suntasach a threorú agus a spreagadh.
- Teangacha Dúchasacha i gCuraclam An Mheánoideachais Shinsearaigh Peirspictíochtaí Ó Dhlínsí ina bhfuil Próifílí Teangeolaíocha Comhchosúla Lena bhfuil Le Fáil In Éirinn
- Ról na dtéacsanna, an litríocht ina measc, i dtacú le teagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge
- Peirspictíochtaí ar ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (Comhleabhar) i gcomhthéacs Gaeilge na hArdteiste
- Tuairimí maidir le hailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (FTCE) agus an tImleabhar Breise (IB) i gcomhthéacs Ghaeilge na hArdteistiméireachta
- Curaclam Gaeilge na hArdteiste a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha: plépháipéar peirspictíochta