Foilsiú an Churaclaim Bhunscoile Athfhorbartha

Foilsiú an Churaclaim Bhunscoile Athfhorbartha

22 Meán Fómhair, 2025

Foilsiú an Churaclaim Bhunscoile Athfhorbartha

D’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, Curaclam na Bunscoile athfhorbartha inniu do gach bunscoil agus scoil speisialta. Tá Curaclam Bunscoile athfhorbartha i ndiaidh a bheith foilsithe agus tabharfar isteach i ngachbunscoil agus gach scoil speisialta é sna blianta amach romhainn. San áireamh leis an gcuraclam táCreatchuraclam na Bunscoile agus sonraíochtaí do chúig réimse curaclaim. 

I gCreatchuraclam na Bunscoile leagtar amach cineál, struchtúr agus inneachar anchuraclaim. Is bonn é le haghaidh foghlama, teagaisc agus measúnaithe ar ardchaighdeán dogach páiste. Rud atá tábhachtach, is é is aidhm dó bunchloch láidir a leagan síos do gach páistele go mbeidh siad faoi bhláth agus faoi rath, agus tacaíonn sé leo barr a gcumais a bhaint amachmar dhaoine aonair agus mar bhaill de phobail agus den tsochaí. 

Tacaítear leis an gcuraclam trí thacair uirlisí curaclaim ar líne le haghaidh múinteoirí. Cuireann Tacar Uirlisí ar líne Churaclam na Bunscoile tacaíochtuileghabhálach ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoileagus iad ag obair leis an gcuraclam.

Bhain taighde, comhairliúchán, plé agus dlúth-chomhoibriú le scoileanna le forbairt an churaclaim. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi ar forbraíodh an curaclam úr, tabhair cuairt ar https://ncca.ie/ga/bunscoil/bunfhorbairti/curaclam-na-bunscoile-a-athbhreithniu-agus-a-athfhorbairt/

Is féidir teacht ar níos mó eolais ar Churaclam Bunscoile athfhorbartha https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/primary/