Blaganna Aistear

#12: Aistear - Leanann an tAistear ar Aghaidh

03 Meán Fómhair, 2025

Blaganna Aistear


Aistear nuashonraithe (Rialtas na hÉireann, 2024) le cur i bhfeidhm i suíomhanna luath-óige ó mhí Mheán Fómhair 2025. Cad is ciall leis seo d’oideoirí a oibríonn le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga? I rith an chomhairliúcháin agus na bpróiseas forbartha, tháinig príomhtheachtaireacht chun cinn arís agus arís eile: tá gach rud atá ar eolas agat faoi Aistear ábhartha agus tábhachtach go fóill agus muid ag bogadh chun tosaigh. Seasann an Creat nuashonraithe go daingean ar an mbunchloch atá leagtha síos ag an leagan bunaidh de Aistear (2009).

Cén áit ar féidir le hoideoirí tús a chur leis seo? Tá machnamh a dhéanamh ar do dhearcadh ar naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ar cheann de na pointí tosaigh is ríthábhachtaí agus an tuiscint a bheith agat go bhfuil do chaidreamh measúil, cineálta agus tacúil leo agus lena dteaghlaigh, ag cur Fís, Prionsabail agus Téamaí Aistear i gcrích. Tarraingíonn an bhéim a leagtar ar an oideoir gníomhaíoch aird ar do rúin chun a chur ar a gcumas do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a gcearta a aithint agus chun tacú lena gcuid foghlama agus forbartha.

Trí oideolaíocht mhall chaidreamhach a leabú i do ghnáthamh laethúil, cruthaítear spás chun na rudaí tábhachtacha a aithint – agus a aithint gurb ionann iontais naíonán, lapadán agus leanaí óga a chothú, éisteacht lena nguthanna agus a bheith go hiomlán i láthair leo agus Aistear a chur i bhfeidhm. Cuirtear an íomhá den oideoir gníomhach i gcrích nuair atá an mhuinín agat pointí foghlama a aithint – agus na bealaí a mbíonn siad ag teacht leis na hAidhmeanna agus Spriocanna Foghlama leathana agus solúbtha a fheiceáil.

  • Is fiú an t-am a chaitear ag canadh do Josie an leanbh – ag tacú lena haistrithe, ag cothú a folláine agus ag cur a forbartha teanga chun cinn.
  • Trí am a chaitheamh amuigh sa bháisteach, agus an deis a thabhairt do lapadáin a bheith ag léim i locháin uisce lábacha, cothaítear a bhféiniúlacht ghrúpa chomhroinnte, agus cuirtear taitneamh, iontas agus caidreamh leis an dúlra chun cinn.
  • Trí fháilte a chur roimh Daniel cabhrú le Andrew leis an vaigín nua a thógáil tógtar a gcuid muiníne, forbraítear a gcuid scileanna gabhchumais teanga trí threoracha a leanúint agus foghlaimítear faoi conas úsáid shábháilte a bhaint as uirlisí. 

Agus tú ag déanamh machnamh ar do ghnáthamh laethúil, is pointe tosaigh tábhachtach é an sruth a aithint idir saorshúgradh, súgradh faoi threoir agus eispéiris spraíúla faoi stiúir an oideora. Níl siad seo ceaptha le bheith seicheamhach; ach le deiseanna a thabhairt do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga roghanna a dhéanamh maidir lena gcuid súgartha. Ba cheart go dtacóidh do phleanáil lena bhfoghlaim agus lena bhforbairt aonair ar bhealach intinneach.

Díríonn an súgradh faoi threoir agus eispéiris spraíúla faoi stiúir an oideora ar eispéiris foghlama aonair nó i ngrúpaí beaga, a léiríonn suimeanna na naíonán, lapadán agus leanaí óga i do shuíomh, agus atá freagrúil dá riachtanais ag an am céanna. Baineann sé seo le machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an timpeallacht foghlama tarraingteach, fáilteach agus dúshlánach go cuí do gach naíonán, lapadán agus leanbh óg. Cuirtear in iúl dóibh go bhfuil meas agat orthu tríd an spás a ullmhú, múscailtí a leagan amach agus a shocrú le fiosrúchán a dhéanamh orthu, agus trí spás álainn a dhéanamh dóibh – leis an spás a thabhairt dóibh iontas a dhéanamh agus foghlaim faoin domhan thart timpeall orthu. Mar gheall air sin, is féidir leat am a chaitheamh lena gcuid foghlama a stiúradh trí chaidreamh agus comhráite tacúla, nó trí eispéiris spraíúla faoi stiúir an oideora a éascú a bhfuil pleanáil ar bhealach intinneach déanta orthu dírithe ar riachtanais, ar spéiseanna agus ar fhiosracht. Nuair atá an timpeallacht foghlama freagrúil do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga, cuirtear beocht in Aistear trína rannpháirtíocht leis an timpeallacht sin.

De réir mar a théann tú i dtaithí ar Aistear nuashonraithe, tá seans ann go rachaidh tú níos mó i dtiúin leis na rúin taobh thiar de do chleachtas oideolaíochta. B’fhéidir gur chaith sibh am amuigh faoin aer roimhe seo, ach anois is féidir go ndéanfaidh tú nasc idir na heispéiris seo agus an t-oideachas don inbhuanaitheacht – ag foghlaim faoin saol ar an talamh agus faoin saol san uisce. B’fhéidir gur thacaigh tú le haistrithe i do chleachtas i gcónaí, ach anois is féidir leat do rún a ainmniú le hoideolaíocht mhall a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, a chothaíonn caidrimh le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga, agus lena dteaghlaigh. B’fhéidir go ndeachaigh sibh ar shiúlóidí sa pháirc i gcónaí, ach anois, tá ómós áite á fhorbairt agat agus naisc fhiúntacha á dtógáil agat leis an bpobal. Trí cheistiú a dhéanamh ar do rúin d’eispéiris foghlama éagsúla chomh maith le hiad a ainmniú, tacaítear leat mar oideoir gníomhach agus machnamhach agus tú ag smaoineamh ar an gcéad téarma eile a phleanáil.

Agus tú ag leanúint ar aghaidh le do thuras le Aistear, aithin an luach a bhaineann le do ról – mar ghníomhaire an athraithe, mar dhuine ar a bhfuil dualgais orthu agus mar dhuine ar féidir leo dul i bhfeidhm go mór ar shaoil naíonán, lapadán agus leanaí óga. Is é Aistear an scafalra a thacaíonn leat é seo a dhéanamh. Bain sult as an aistear!

Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.