Tá nuashonrú déanta ar Threoir Chleachtais Aistear Síolta!

Anois, léiríonn Treoir Chleachtais Aistear Síolta leagan 2024 de Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige. Chuir iniúchadh nuashonraithe maidir leis na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir Síolta agus Aistear bonn eolais faoin obair seo a rinneadh ar an Treoir Chleachtais.

22 Deireadh Fómhair, 2025

Tá nuashonrú déanta ar Threoir Chleachtais Aistear Síolta!

Is é atá in Síolta ná creat cáilíochta náisiúnta na hÉireann d’oideachas na luath-óige, agus is é atá in Aistear ná creatchuraclam luath-óige na hÉireann do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga. Oibríonn oideoirí luathbhlianta leis an dá cheann ina suíomhanna luathbhlianta.

Tar éis an nuashonrú a rinneadh ar Aistear, bhí sé tábhachtach cuimhneamh ar an ngaol leanúnach idir an dá chreat. D’oibrigh Feidhmeannas CNCM agus Foireann Tionscnaimh Náisiúnta Síolta Aistear le chéile chun an t-iniúchadh a nuashonrú – rinne CNCM den chéad uair in 2009 é – ina tarraingíodh aird ar a gcuid cosúlachtaí agus difríochtaí. Dóibh siúd atá ag obair leis an dá chreat, cé acu oideoirí, meantóirí nó páirtithe leasmhara eile, is acmhainn chabhrach é an t-iniúchadh a thacaíonn le tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-ailíníonn Aistear agus Síolta lena chéile, agus ar na difríochtaí atá eatarthu.

Chuir iniúchadh 2024 bonn eolais faoin nuashonrú a rinneadh ar Threoir Chleachtais Aistear Síolta, acmhainn ghairmiúil a dearadh chun cabhrú le hoideoirí Síolta agus Aistear a úsáid le chéile go héifeachtach. Tacaíonn an Treoir Chleachtais le machnamh, pleanáil agus cleachtas laethúil thar raon réimsí. Tá sé d’aidhm aici tacú le cleachtas ardchaighdeáin ceartbhunaithe a bhfuil Síolta agus Aistear mar bhonn faoi.

Áirítear sé cholún cleachtais le príomhghnéithe na Treorach Cleachtais: Timpeallachtaí Foghlama, Caidrimh agus Idirghníomhaíochtaí, Súgradh, Comhpháirtíochtaí agus Ceangail, Aistrithe, agus Pleanáil agus Measúnú. Áirítear le gach colún uirlisí féinmheastóireachta, treoracha d’oideoirí agus samplaí de chleachtas spreagúil ó shuíomhanna luathbhlianta.

Tá an Treoir Chleachtais Aistear Síolta nuashonraithe mar chuid den suíomh gréasáin nua Scileanna a Chothú agus is féidir leat féach thart air anseo