Seoladh Churaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, TD, Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile ar an 22 Meán Fómhair i Scoil Mhuire Gan Smál, Inse Chór, Baile Átha Cliath 8. Cuimsíonn an curaclam iomlán na cúig shonraíocht churaclaim agus Creatchuraclam na Bunscoile.

22 Deireadh Fómhair, 2025

Seoladh Churaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Tagann seoladh an churaclaim bunscoile athfhorbartha sna sála ar ualach mór oibre a rinne Comhairle CNCM, a struchtúir ionadaíochta agus a fhoireann. Is iad múinteoirí, ceannairí scoile, páistí, tuismitheoirí, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara ar fud earnáil an oideachais a thacaigh leis an obair sin agus a rinne eolas di.

Treoróidh an curaclam, a chuimsíonn Creatchuraclam na Bunscoile agus na cúig shonraíocht churaclaim, obair na múinteoirí agus na gceannairí scoile agus iad ag soláthair oideachas ar ardchaighdeán do gach páiste ó rang na naíonán sóisearach go dtí rang a sé sna blianta amach romhainn. Déanann an curaclam forbairt ar láidreachtaí Churaclam na Bunscoile 1999 chun bunchloch láidir a leagan síos do gach páiste ionas go mbeidh siad faoi bhláth agus faoi rath. Agus é á chur i bhfeidhm, éilítear fócas athnuaite ar fhís an churaclaim, lena chinntiú go ndéantar foghlaim, teagasc agus measúnú a mhúnlú d’aon ghnó chun tacú le hionchuimsiú, rannpháirteachas, dul chun cinn agus forbairt iomlánaíoch.

Tacóidh tacair uirlisí curaclaim ar líne, arna bhforbairt ag CNCM, leis an gcuraclam. Soláthróidh na tacair uirlisí sin treoir do mhúinteoirí chun tacú le dul chun cinn fhoghlaim na bpáistí agus iad ag dul ar aghaidh ó chéim go céim.

Áirítear na nithe seo a leanas leis na tacair uirlisí:

  • Treoir maidir le gnéithe tábhachtacha an bhunoideachais amhail measúnú agus pleanáil scoile / seomra ranga.
  • Samplaí d’fhoghlaim na bpáistí ar fud réimsí agus ábhair an churaclaim.
  • Ábhair thacaíochta do mhúinteoirí a sholáthraíonn samplaí de chuir chuige oideolaíochta éifeachtacha chun eispéiris foghlama dhoimhne a chothú agus chun ceangail leis an mbaile agus leis an bpobal a spreagadh

Tá roinnt ábhair ar fáil cheana féin sna tacair uirlisí ar líne agus cuirfear leo sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Is féidir rochtain a fháil ar na tacair uirlisí ar líne ar https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/primary/ 

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir leis an obair chun an curaclam a athfhorbairt anseo.

Is féidir leat Ciorclán 0067/2025 a léamh chun eolas cruinn a fháil maidir leis an gcuraclam agus leis na pleananna le haghaidh a chur i bhfeidhm.