29 Deireadh Fómhair, 2025
Blaganna Aistear
Cuirtear inbhuanaitheacht i láthair in Aistear (2024) mar ‘naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ag foghlaim conas aire a thabhairt dóibh féin, do dhaoine eile agus don timpeallacht’. Fiosraítear sa bhlag seo an chaoi ar féidir an inbhuanaitheacht a chleachtadh trí chaidrimh, eispéiris foghlama agus gnáthaimh laethúla. Cuirtear i dtábhacht ann gnéithe den chúram don timpeallacht, mar aon le cothroime, cothromas agus meas, ag taispeáint d’oideoirí conas is féidir leo naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a chumhachtú le tosú ag tuiscint agus ag maireachtáil go hinbhuanaithe.
Tá roghanna maidir le hinbhuanaitheacht soiléir i luachanna, dearcthaí, roghanna agus cleachtais laethúla i ngach suíomh luathbhlianta. Fréamhaithe i ndearcadh Aistear ar naíonáin, lapadáin agus leanaí óga mar fhoghlaimeoirí gníomhaíocha, inniúla agus muiníneacha, cleachtas comhroinnte leo, lena n-oideoirí, lena dteaghlaigh agus lena bpobail is ea inbhuanaitheacht. Baineann sé le timpeallachtaí foghlama a chruthú ina bhfuil cothroime, comhbhá agus freagracht mar chuid den saol laethúil, ar deireadh, ag tacú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun an chaoi a dtéann a ngníomhaíochtaí i bhfeidhm orthu féin, ar dhaoine eile agus ar an domhan timpeall orthu a thuiscint.
Tá caidrimh lárnach don inbhuanaitheacht – chun cruth a chur ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun aire a thabhairt dóibh féin, do dhaoine eile agus don domhan timpeall orthu. Trí idirghníomhaíochtaí laethúla, tosaíonn siad ag tuiscint gnéithe éagsúla den inbhuanaitheacht. Imríonn oideoirí ról ríthábhachtach ag samhaltú cothroime, cothromais agus measa. Cumhachtaíonn eispéiris foghlama laethúla amhail fanacht lena seal, cabhrú le cara, nó tabhairt faoi deara nuair a fhágtar duine amach naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun an tábhacht a bhaineann le cineáltas agus meas a léiriú ar dhaoine eile a aithint.
Is féidir na luachanna sin a fhí i ngnáthaimh laethúla amhail amanna béile, i gcás ina dtagann cothroime agus cothromas chun cinn go nádúrtha. Is féidir le naíonáin comhartha a thabhairt nuair a bhíonn dóthain le hithe nó le hól acu, is féidir le lapadáin méideanna beaga a thabhairt dóibh féin agus teacht ar ais i gcomhair tuilleadh má bhíonn siad fós ocrach, agus is féidir le leanaí óga cabhrú chun bia a ullmhú nó a roinnt. Cothaíonn na nóiméid sin meas ar riachtanais aonair, léirthuiscint ar rogha agus tuiscint ar an tábhacht atá le dramhaíl a sheachaint. Ciallaíonn cothromas freisin riachtanais agus láidreachtaí éagsúla gach naíonáin, lapadáin nó linbh óig a aithint. Trí ghnáthaimh agus eispéiris foghlama a oiriúnú, léiríonn oideoirí gníomhaíocha nach mbaineann cothroime le gach duine ag fáil an mhéid chéanna, ach gach duine ag fáil an mhéid a theastaíonn uathu le bláthú.
Tugann comhpháirtíochtaí le teaghlaigh agus pobail deiseanna luachmhara chun cleachtais inbhuanaithe a shamhaltú. Féadfaidh teaghlaigh gnáthaimh a roinnt amhail ábhair a athúsáid, bianna séasúracha a chócaráil nó siúl chuig an suíomh. Is féidir le suíomhanna grianghraif, físeáin agus scéalta foghlama a roinnt a léiríonn an chaoi a bhfuil inbhuanaitheacht mar chuid den ghnáthamh laethúil – ag tabhairt inspioráid do theaghlaigh chun smaointe den saghas céanna a thriail sa bhaile.
Trí nascadh leis an bpobal áitiúil nó trí chuairt a thabhairt ar ghairdíní pobail, leabharlanna áitiúla, nó idirghníomhú le comharsana níos sine, cabhraítear le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga comhbhá a fhorbairt agus a thuiscint go mbaineann siad le pobal níos leithne, idirnasctha.
Léiríonn timpeallachtaí foghlama inbhuanaithe cearta, riachtanais agus spéiseanna naíonán, lapadán agus leanaí óga. D’fhéadfadh roinnt suíomhanna obair ealaíne a thaispeáint ar thaispeántais le cúil heiseán in ionad cinn lannaithe. B’fhéidir go mbeadh buta uisce ar fáil le huisce a chur ar phlandaí, buataisí báistí a shruthlú nó an tráidire uisce a líonadh. B’fhéidir go mbeadh limistéar cruthaitheach líonta le hábhair athchúrsáilte oscailte a fháiltíonn roimh fhiosracht agus taiscéalaíocht. B’fhéidir go bhfiosródh naíonáin ciseáin chiste le rudaí sábháilte, nádúrtha amhail spúnóga adhmaid, scuaba agus fabraicí, féadfaidh lapadáin gabhdáin a shórtáil lena n-athchúrsáil agus féadfaidh leanaí óga luibheanna a fhás nó óstáin frídíní a chruthú. Fáiltíonn na timpeallachtaí seo atá pleanáilte go cúramach roimh naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun fiosrú, roghanna a dhéanamh agus rannchuidiú go bríoch leis an inbhuanaitheacht. Arna threorú ag oideolaíocht mhall chaidreamhach, tugtar am agus spás d’oideoirí chun cleachtas inbhuanaithe i ngníomh a shamhaltú. Tacaíonn an cur chuige seo le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga le tabhairt faoi deara conas a úsáidtear agus a athúsáidtear ábhar chun luathghnáthaimh chúraim agus freagrachta a fhorbairt.
Is féidir tosú le gníomhartha beaga, machnamhacha i ngnáthaimh laethúla chun an inbhuanaitheacht a leabú. Nuair a fheiceann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga daoine fásta – oideoirí, teaghlaigh nó baill den phobal – ag tabhairt aire don domhan agus dóibh siúd mórthimpeall orthu trí ábhair a athúsáid, ag déanamh múirín de dhramhaíl bhia nó ag múchadh soilse, tosaíonn siad ag tuiscint go mbíonn tionchar ag gach cinneadh ar dhaoine agus ar an bpláinéad. Féadfaidh athruithe simplí teachtaireachtaí cumhachtacha a sheoladh maidir le cleachtas inbhuanaithe. Roghanna bríocha uile iad bibí éadach agus ceirtlíní in-nite a úsáid in áit cinn aonuaire, ábhair nádúrtha nó athchúrsáilte a roghnú le haghaidh eispéiris foghlama agus taispeáintí agus bheith aireach maidir le foinsí bia agus séasúracht. Cuirtear in iúl leis na gníomhartha laethúla seo an smaoineamh go bhfuil acmhainní tábhachtach agus go bhfuil dlúthnasc idir cúram don timpeallacht agus cúram dúinn féin agus daoine eile.
Trí chleachtais inbhuanaithe a fhí i gcaidrimh, in eispéiris foghlama agus gnáthaimh laethúla, cumhachtaíonn oideoirí naíonáin, lapadáin agus leanaí óga le feiceáil go bhfuil a nguthanna agus a roghanna tábhachtach. Trí thimpeallachtaí foghlama machnamhacha, caidrimh fhreagrúla agus comhpháirtíochtaí bríocha cabhraíonn oideoirí le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun tuiscint a fháil ar a nasc le daoine, áit agus an pláinéad.
Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.