15 Deireadh Fómhair, 2025
Blaganna Aistear
Le hAistear (2024) dírítear as an nua ar chearta, inbhuanaitheacht agus ionchuimsiú – rud a neartaíonn ceangail fhiúntacha le pobail áitiúla. Tá áit ar leith ag naíonáin, lapadáin agus leanaí óga sna pobail sin agus is cúis áthais agus dóchais iad i saol na ndaoine thart orthu. Cé nach ndéanann meangadh gáire nuair a chroitheann naíonán i mbugaí lámh ort? Nó cé nach mothaíonn gríosaithe nuair a chloistear lapadán ag sciotaíl le linn a bheith ag slaparnach i lochán uisce? Agus nach tógáil croí é leanaí óga a fheiceáil agus bruscar á phiocadh suas acu le hoibrithe deonacha na mBailte Slachtmhara?
Le hAistear tugtar cuireadh chun naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a chothú mar rannpháirtithe gníomhacha, muiníneacha ina gcuid pobal. Nuair a oibríonn oideoirí luathbhlianta agus teaghlaigh le chéile, is féidir leo timpeallachtaí ionchuimsitheacha a chruthú ina mothaíonn an uile dhuine go bhfeictear iad, go n éistear leo agus go bhfuil meas orthu.
Tuigeann oideoirí gníomhaíocha a gcomhthéacs áitiúil agus is féidir leo bealaí fiúntacha a shainaithint chun ceangail phobail a chothú. Tá aithne acu ar na seanchaithe áitiúla, orthu sin a bhfuil a gcroí istigh sa dúlra, ar fheirmeoirí agus ar dhíograiseoirí stairiúla atá in ann an t eolas atá acu ar an oidhreacht áitiúil, flóra agus fána, a chomhroinnt. Ach plé leis na glórtha pobail sin cothaítear ionbhá, maoirseacht agus grá don fhoghlaim ar feadh an tsaoil – rud atá fréamhaithe i gceangal leis an mbaile, leis an gcultúr agus leis an bpobal. Tríd sin cothaítear tuiscint dhomhain ar ómós áite.
Mar shampla, is féidir le hoideoirí ceangail a neartú leis an bpobal áitiúil ach:
- cuireadh a thabhairt do sheantuismitheoirí agus do mhuintir scéalta a chomhroinnt faoina gcuid post, caitheamh aimsire nó traidisiún cultúrtha. Trí chuairteanna rialta a thabhairt ar árais seanóirí nó ionaid phobail tugtar deiseanna do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga caidrimh a chothú le daoine fásta níos sine – agus scéalta, amhráin agus cluichí á malartú ó ghlúin go glúin.
- fáiltiú roimh chuairteoirí ón bpobal áitiúil – amhail feirmeoirí a thabharfadh uan nó cearc leo, b’fhéidir, nó seirbhísí cosúil leis na Gardaí, dochtúir, comhraiceoirí tine agus oibrithe poist. Spreag iad chun prapaí ón bhfíorshaol a thabhairt, prapaí is féidir le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a fhiosrú trí theagmháil agus súgradh. Is féidir le hoideoirí an t eispéireas foghlama a leathnú ach ‘mionphobal’ a chruthú laistigh den suíomh, agus róil a bhfuil cur amach orthu cosúil le siopadóir, dochtúir, múinteoir, tiománaí bus á léiriú le héidí agus prapaí.
- naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a thabhairt amach chun bualadh le daoine sa phobal. Siúil timpeall ceantair áitiúla cosúil leis an linn chun lachain a fheiceáil agus foghlaim faoina n itheann siad (cuimhnigh nach ndéanann arán maitheas dóibh!) Beannaigh do chomharsana, siúlóirí madraí, siopadóirí agus tiománaithe bus. Tabhair comharthaí, foirgnimh agus fuaimeanna áitiúla faoi deara – amhail cloig na heaglaise, soilse tráchta nó gáire san áit súgartha chun comhráite a spreagadh agus feasacht luath ar shaol an phobail a chothú.
- cuairt a thabhairt ar ghairdín an phobail áitiúil agus an seans á thabhairt do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga athruithe séasúracha a thabhairt faoi deara agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí praiticiúla – ag cur uisce ar na plandaí, ag tochailt cré, ag baint fiailí agus ag buain torthaí agus glasraí.
- leabhair grianghraf nó boird taispeána a dhéanamh faoin bpobal trí úsáid a bhaint as íomhánna d’áiteanna (páirceanna, stadanna bus, scoileanna), ainmhithe (froganna, éin, coiníní) agus daoine sa phobal (comhraiceoirí tine, oibrithe poist, siopadóirí) a bhfuil cur amach orthu. Fiosraigh iad sin go rialta le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun comhrá agus fiosracht a spreagadh. Trí ghrianghraif de naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a áireamh agus iad amuigh sa phobal, cuidítear leo breathnú orthu féin mar rannpháirtithe gníomhacha sa saol áitiúil.
- gréasán casta na gcúlraí agus na bpobal a léirítear ina suíomh a cheiliúradh. Soláthair acmhainní ionchuimsitheacha – amhail leabhair, bábóga, ceol, lipéid agus earraí bia – lena léirítear cultúir agus teangacha teaghlach sa suíomh. Úsáid focail Ghaeilge amhail súgradh agus comhrá i ngnáthaimh laethúla, i dteannta príomhthéarmaí ó theangacha baile na leanaí. Úsáid idirghníomhaíochtaí duine le duine, comhráite súgartha bréige agus grúpaí beaga chun cuidiú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga tuiscint a fháil air go bhfeictear a gcuid scéalta, pobal agus glórtha, go n éistear leo agus go bhfuil meas orthu.
Is éard atá ríthábhachtach féachaint leis go mbeidh eispéiris phobail caidreamhach, céadfach agus fiúntach – agus iad á gcoimeád gairid, sábháilte agus freagrúil do rithimí agus ábhair spéise naíonán, lapadán agus leanaí óga. Is éard atá i gceist leis sin tuiscint ar mheitheal (spiorad pobail de theacht le chéile) a chothú agus imeacht ón bpobal a fheiceáil, agus sin amháin, chuig páirt ghníomhach a ghlacadh ann.
Trí na heispéiris sin, mothaíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga go bhfuil siad luachmhar agus tosaíonn siad ar mhuintearas, freagracht agus cumas gníomhúcháin láidir a fhorbairt – mar shaoránaigh dhomhanda atá fréamhaithe i ngrá áitiúil.
Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.