01 Deireadh Fómhair, 2025
Blaganna Aistear
Cuireann Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige (CNCM, 2009; RnahÉ, 2024) béim leanúnach ar luach an tsúgartha agus na n-eispéireas súgartha in oideachas na luath-óige. D’aithin Vygotsky tábhacht an tsúgartha i bhfoghlaim agus i bhforbairt blianta fada ó shin agus thug sé a leanas faoi deara:
‘In play, a child always behaves beyond their daily behaviour; in play, it is as though they are a head taller than themselves’.
Tacaíonn na gnáthaimh agus idirghníomhaíochtaí laethúla i suíomhanna luath-óige le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga agus iad ag tumadh go domhain sa súgradh, rud a chuidíonn leo tuiscint a fháil ar chastacht an domhain mórthimpeall orthu. Mar shampla:
- Isaac sa seomra naíonán, le sceitimíní agus áthas air agus é ag tabhairt faoi deara nuair a imíonn an liathróid síos an feadán, go dtagann sí amach arís ag an taobh eile.
- Síofra sa ghrúpa lapadán, ag cromadh thar an luascán agus ag éirí arís, ag féachaint ar an ngairdín ag dul bun os cionn agus ina cheart arís.
- Aiden sa ghrúpa réamhscoile, ag gearradh pictiúr de tharracóirí as nuachtán agus ag insint dá chairde faoi na gnéithe atá ag gach ceann acu.
Mar oideoir, tugann tú faoi deara a bhfuil á fhoghlaim le linn an tsúgartha agus aithníonn tú an tábhacht a bhaineann le bheith i láthair le linn na n-eispéireas sin, rud a ligeann dóibh forbairt go nádúrtha. Sna samplaí thuasluaite:
- Tá Isaac ag teacht ar thuiscint ar bhuaine ruda agus é ag foghlaim go bhfuil an liathróid fós laistigh den fheadán, fiú mura bhfeiceann sé í. Tá sé ag fiosrú coincheapa ETIM i ngluaiseacht na liathróide agus i gcúis agus éifeacht a ghníomhartha féin.
- Tá Síofra ag forbairt a cuid scileanna oll-luaileacha, a comhordaithe agus a cothromaíochta trína gluaiseachtaí ar an luascán. Tá sí ag cur lena dearcadh saoil agus á scrúdú ar bhealaí difriúla, ag tabhairt faoi deara na cruthanna, dathanna agus toin amuigh faoin aer.
- Tá Aiden ag baint leas as a thoibreacha eolais sa tionscadal, ag insint dá chairde faoi tharracóirí agus faoi shaol na feirme. Tá sé ag forbairt a scileanna teanga agus cumarsáide trína rannpháirtíocht lena chomhscoláirí chomh maith.
Tuigeann Aistear luach na nóiméad súgartha seo go léir mar eispéiris foghlama bhríocha—nóiméid ar chóir a thabhairt faoi deara, a chothú agus a úsáid mar thúsphointe chun foghlaim a leathnú ar bhealach atá taitneamhach agus bríoch do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga.
Taispeánann Aistear an chaoi a bhféadfaí súgradh a chur chun cinn ina mbeadh cumasc de shaorshúgradh, súgradh treoraithe agus eispéiris spraíúla faoi stiúir an oideora. Ní in ord seasta a tharlaíonn seo; ina áit sin, bíonn an gnáthamh laethúil freagrúil do thabhairt faoi deara intinneach na rudaí a thugann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun suntais. Nuair a ullmhaíonn oideoirí timpeallacht foghlama atá tarraingteach, siamsúil agus cuí ó thaobh dúshláin de, is féidir le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga tairbhe a bhaint as deiseanna foghlama saibhre agus iontacha trína saorshúgradh.
Trí eolas maith a bheith acu ar an ngrúpa páistí, is féidir le hoideoirí luach a gcuid eispéireas súgartha a aithint, agus a aithint cén uair le seasamh isteach – chun a súgradh agus a n-idirghníomhaíochtaí a threorú nó chun a bhfoghlaim a fhorbairt. Mar shampla, d’fhéadfadh an méid a leanas a bheith i gceist le súgradh a threorú agus/nó a fhorbairt:
- eispéiris Isaac a chur in iúl i bhfocail nó acmhainní breise a thairiscint dá chluiche.
- ribíní nó criostail a chrochadh sna crainn taobh thiar den luascán ionas go bhféadfaidh le Síofra iontas a dhéanamh de na gluaiseachtaí.
- leabhar faoi tharracóirí a chruthú le Aiden, ag tairiscint scrapleabhair agus gliú dó chun na pictiúir a ghreamú isteach agus a smaointe a bhreacadh síos agus é ag insint dá chairde na nithe is tábhachtaí faoi tharracóirí.
Cothaíonn súgradh faoi threoir na nóiméid seo agus bíonn sé freagrúil freisin don fhéidearthacht atá ann le haghaidh foghlaim bhreise, agus meas i gcónaí á léiriú ar eispéireas an pháiste sa nóiméad sin
Níor cheart go mbreathnófaí ar shúgradh faoi stiúir an oideora mar rud treorach nó mar rud nach bhfuil taitneamhach do na naíonáin, lapadáin agus leanaí óga. Níor cheart é a mheas mar “ghníomhaíocht” do ghrúpa mór ach an oiread. Ina áit sin, léiríonn súgradh faoi stiúir an oideora eolas gairmiúil an oideora agus a intinniúlacht chun freagairt do chearta, spéiseanna agus riachtanais gach naíonáin, lapadáin agus linbh óig. Is féidir é a dhéanamh le páiste amháin nó le grúpa beag, agus daoine eile fós go hiomlán gafa lena gcuid saorshúgartha sa timpeallacht foghlama. Mar shampla, is iad seo a leanas eispéiris faoi stiúir an oideora:
- suí le Isaac le píopaí sa tráidire uisce sa ghairdín agus a léiriú dó conas a rollaíonn na carranna síos agus isteach san uisce, ag cur leis an spéis a léirigh sé roimhe sin.
- cúrsa constaicí beag a chur ar bun do Shíofra ionas gur féidir léi rolladh thar mhataí, ag dreapadh tharstu agus fúthu, agus a scileanna fisiciúla agus a léargais á bhforbairt dá réir.
- féachaint ar ghearrthóg físe faoi shaol na feirme le Aiden agus lena chairde, agus ainmhithe difriúla a aimsiú chun a leagan féin den fheirm a chruthú sa seomra, agus deis a thabhairt dóibh ‘scríobh’ ina leabhar agus pictiúir a tharraingt.
Tá súgradh faoi stiúir an oideora bunaithe ar eolas cruinn ar riachtanais agus ar mhianta do ghrúpa naíonán, lapadán agus leanaí óga, agus ar thuiscint dhomhain a fháil ar chuspóir na n-eispéireas súgartha sin. Trí do chuid eolais agus scileanna gairmiúla a thabhairt chun do róil, léiríonn tú tiomantas luach a chur leis an bhfoghlaim a tharlaíonn trí shúgradh agus trí eispéiris spraíúla. Is é cuspóir Aistear tacú le foghlaim agus le forbairt. Trí spéis agus fiosracht naíonán, lapadán agus leanaí óga a thabhairt faoi deara – agus tuiscint a fháil ar an méid a theastaíonn uathu le dul faoi bhláth agus faoi rath – is féidir le hoideoirí pleanáil agus ullmhú do shúgradh agus eispéiris súgartha bhríocha agus lúcháireacha mar chuid den churaclam.
Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.