22 Deireadh Fómhair, 2025
Ábhair na sraithe sinsearaí i dTráinse 3 atá le hathfhorbairt
Mar chuid den athfhorbairt ar an tsraith shinsearach, tabharfar na hábhair i dTráinse 3 isteach sa churaclam do na scoileanna ar fad i mí Mheán Fómhair 2027. Airítear leis na hábhair sin an Eolaíocht Talmhaíochta, Ríomheolaíocht, Grafaic Dheartha agus Chumarsáide, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Matamaitic, Ceol, agus Fisic agus Ceimic. Beidh na hábhair ar fáil le haghaidh comhairliúcháin ar bhonn céimnithe ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 go dtí mí Aibreáin 2026. Tá an dréachtsonraíocht don Ríomheolaíochta foilsithe le haghaidh comhairliúchán poiblí. Beidh an comhairliúchán ar siúl ó Dé Céadaoin, 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí Dé Céadaoin, 26 Samhain 2025.
Tá rannpháirtíocht dhomhain i gceist leis an gcomhairliúchán, le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Mar chuid de, tá CNCM tar éis cuireadh a thabhairt do scoileanna a chuireann Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta ar fáil páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí a mbeidh múinteoirí, scoláirí, agus ceannairí scoile páirteach iontu.
Cuirimid fáilte romhat páirt a ghlacadh agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht. Má tá tú ag freagairt mar dhuine aonair, is féidir leat an suirbhé ar líne a chomhlánú. Má tá tú ag freagairt thar ceann eagraíochta, iarrtar ort an fhoirm aighneachta ar líne a chomhlánú agus í a chur ar ais chuig scconsultations@ncca.ie roimh an 26 Samhain ar 5pm. Nó, seans gur mhaith leat freastal ar an imeacht comhairliúcháin phoiblí a bheidh ar siúl in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain Dé Céadaoin, 11 Samhain 2025. Dúnfar na hiarratais le haghaidh an imeachta seo an 6 Samhain 2025 ar 5pm, agus tá teorainn ar an líon spáis atá ar fáil. Rachfar i dteagmháil leo siúd a bheidh ag freastal air trí ríomhphost tar éis an spriocdháta.
Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán sin le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha na Ríomheolaíochta chun an tsonraíocht a chur i gcrích.
Chun an eolas is déanaí faoi fhorbairtí churaclaim na sraithe sinsearaí a fháil, téigh chuig https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/abhair-agus-creata-faoi-fhorbairt/