Blaganna Aistear

#18: Meonta in Aistear

26 Samhain, 2025

Blaganna Aistear

Tá príomhról ag meonta chun an chaoi a bpléann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga leis an bhfoghlaim agus leis an saol a mhúnlú. In Aistear (2024), déantar cur síos ar mheonta mar ‘tréithe carachtair’ agus áirítear an claonadh iontu freagairt do staideanna ar bhealaí saintréitheacha. Tá meonta amhail neamhspleáchas, fiosracht, dianseasmhacht, muinín, cruthaitheacht, spraíúlacht, cur chuige dearfach i leith na foghlama, muintearas agus folláine mar an bhunchloch chun go mbeidh naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ina bhfoghlaimeoirí gníomhaíocha, inniúla agus muiníneacha. Cé go bhfuil tábhacht le scileanna agus eolas, seasann meonta do conas a fhoghlaimítear – spreagtar inspreagadh, rannpháirteachas agus idirghníomhaíocht leo. In Aistear tarraingítear aird ar an tábhacht a bhaineann le meonta dearfacha a chothú ón mbreith, trí chaidrimh agus eispéiris fhiúntacha. Fiosraímis conas is féidir le tacaíocht a bheith á tabhairt do mheonta foghlama dearfacha a bheith mar chuid den chleachtas laethúil.

  • Bíonn an fhiosracht ó nádúr i naíonáin nuair a thagann siad ar an saol. Óna míonna is luaithe, breathnaíonn siad, síneann siad, blaiseann siad, agus freagraíonn siad don domhan thart orthu. Is féidir le hoideoirí meonta dearfacha a chothú trí thimpeallachtaí slána, freagrúla a chruthú agus caidrimh a chothú. Mar shampla, agus tacaíocht á tabhairt d’fhiosracht agus do mhuinín, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh oideoir naíonán faoi deara nuair a shíneann siad a lámh amach chun teagmháil le móibíl chrochta. Agus miongháire á dhéanamh, deir siad “D’aimsigh tú an réalta dhearg! An maith leat an chaoi a mbogann sí?” Ciceálann an naíonán go tógtha agus síneann siad arís. Ag an bpointe sin, spreagtar an naíonán chun bheith ag fiosrú agus tosaíonn siad ar bheith níos muiníní agus iad ag idirghníomhú leis an saol thart orthu.
  • Bíonn lapadáin diongbháilte agus fiosrach ó nádúr. Déanann siad teorainneacha a thástáil, cuireann siad ceisteanna agus is mian leo rudaí a dhéanamh ina n aonar. Cuidítear lena gcuid meonta a neartú ach na hiompraíochtaí sin a spreagadh. Mar shampla, nuair a thacaítear le neamhspleáchas agus buanseasmhacht, d’fhéadfadh oideoir lapadán ag a bhfuil iarracht á déanamh a mbróga a chur orthu a thabhairt faoi deara. Fanann an t oideoir go foighneach, agus misniú á thairiscint seachas gníomhú róthapa. “Tá tú ag obair chomh dian sin ar do chos a chur isteach! Coinnigh ort, tá tú nach mór ann.” Leis an gcur chuige sin, cuirtear buanseasmhacht chun cinn agus cothaítear braistint gnóthachtála.
  • Bíonn smaointeoireacht agus scileanna sóisialta a éiríonn níos casta i gcónaí á bhforbairt ag leanaí óga. Éiríonn a gcuid meonta níos sofheicthe trí shúgradh, idirghníomhaíochtaí agus comhráite. Mar shampla, agus tacaíocht á tabhairt do chur chuige dearfach a fhorbairt i leith foghlama, pléann oideoir le leanbh óg ag a bhfuil damhán alla tugtha faoi deara sa limistéar lasmuigh agus a deir, “Is mian liom níos mó a fhoghlaim faoi dhamháin alla.” Freagraíonn an t oideoir trí chuidiú leis an leanbh faisnéis a chuardach i leabhar dúlra. Tarraingíonn an leanbh líon damhán alla agus comhroinneann siad a bhfuil foghlamtha acu le grúpa beag cairde. Tríd an eispéireas sin, cothaítear meon fiosrúcháin agus dúil sa léann.

Bíonn tionchar ag meonta ar an gcaoi a dtéann naíonáin, lapadáin agus leanaí i ngleic le daoine eile, a n-idirghníomhaíonn siad le daoine eile, agus a mbreathnaíonn siad orthu féin mar fhoghlaimeoirí. Má bhíonn naíonán, lapadán nó leanbh óg muiníneach, fiosrach agus athléimneach, is mó seans go rachaidh siad i riosca, go gcuirfidh siad ceisteanna agus go bpléifidh siad go fiúntach le heispéiris foghlama. 

Sa luath óige, ní mhúintear meonta go díreach. Ina ionad sin, cothaítear iad trí chaidrimh dhearfacha, timpeallachtaí cumasúcháin agus eispéiris spraíúla agus fhiúntacha. Bíonn príomhról ag oideoirí chun meonta foghlama dearfacha a shamhaltú, a threorú agus a spreagadh trí oideolaíocht mhall chaidreamhach – agus luach á chur ar an tábhacht a bhaineann le bheith i láthair go mothúchánach agus go fisiciúil san am i láthair. Cibé acu atá a ladhracha á n aimsiú ag naíonán, atá lapadán ag déanamh iarrachta a gcóta a zipeáil, nó atá leanbh óg ag fiafraí cén fáth a bhfuil an spéir gorm, gach tráth tairgtear deis chun tacú le meon lena múnlófar an t am i láthair agus an todhchaí dóibh. Ní mór d’oideoirí a bheith intinneach ina gcuid cleachtais – agus na bealaí uathúla a gcuireann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a meonta méadaitheacha in iúl á dtabhairt faoi deara agus á gcothú, agus freagairt á tabhairt acu dóibh sin agus machnamh á dhéanamh acu orthu. Ar an dóigh sin, ní hamháin go mbíonn oideoirí ag tacú lena gcuid foghlama agus forbartha; bíonn siad ag cuidiú leo a bheith faoi bhláth agus faoi rath.

Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.

Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.