12 Samhain, 2025
Blaganna Aistear
Ina gcáil mar ghairmithe gníomhaíocha, tá ról tábhachtach ag oideoirí chun tacú le luathfhoghlaim agus luathfhorbairt naíonán, lapadán agus leanaí óga, chun pleanáil lena n aghaidh agus chun an méid sin a dhoiciméadú, agus sin ar bhealach gníomhach. Leis an mblag seo, fiosraítear conas a chumhachtaítear d’oideoirí le Timthriall Machnamhach na Pleanála agus an Mheasúnaithe ó Aistear nithe a thabhairt faoi deara agus a chothú ina gcleachtas laethúil, freagairt dóibh agus machnamh a dhéanamh orthu. Tugtar cuireadh leis d’oideoirí cuimhneamh ar conas a d’fhéadfaidís a gcuid idirghníomhaíochtaí le naíonáin, lapadáin, leanaí óga agus a gcuid teaghlach a mhoilliú, agus machnamh a dhéanamh ar conas is féidir le beocht teacht sa timthriall sa chleachtas laethúil. Tá an cur chuige a bhaineann le bheith ag plé leis an timthriall machnamhach solúbtha d’aon turas, rud a ligeann d’oideoirí a bheith ag plé leis ar bhealaí lena léirítear comhthéacs leithleach a suímh.
Agus é fothaithe in oideolaíocht mhall chaidreamhach, leis an gcur chuige sin maidir le pleanáil agus measúnú a dhéanamh, cuirtear i gcuimhne d’oideoirí stopadh agus a bheith i láthair, a bhfuil á chur in iúl ag naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a thabhairt faoi deara, a gcuid smaointe agus láidreachtaí a chothú, freagairt go smaointeach, agus machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i gceist leis sin agus iad ag pleanáil dá gcuid foghlama agus forbartha.
Agus úsáid á baint as Téamaí agus Spriocanna Foghlama Aistear mar bhunchloch, déanann oideoirí pleanáil agus measúnú ar bhealaí lena dtógtar curaclam éiritheach atá bunaithe ar fhiosrú a bhfuil fiosracht, ceisteanna agus taiscéalaíochtaí naíonán, lapadán agus leanaí óga curtha mar bhonn eolais faoi. Tríd an timthriall leanúnach sin de rudaí a thabhairt faoi deara agus a chothú, freagairt dóibh agus machnamh a dhéanamh, cuidítear le hoideoirí a bheith i dtiúin le riachtanais, cearta agus ábhair spéise naíonán, lapadán agus leanaí óga.
Breathnaímis ar bhealach níos gaire ar gach céim den timthriall machnamhach agus fiosraímis a bhfuil i gceist leis sa chleachtas laethúil.
- Is éard atá i gceist le tabhairt faoi deara nuair a chuireann an t oideoir am i leataobh féachaint cé na hábhair spéise atá ag an naíonán, ag an lapadán nó ag an leanbh óg, dáiríre, agus a bhfuil á chur in iúl aige nó aice trína chuid nó trína cuid súgartha, gothaí, focal agus caidreamh. Cuimhnigh ar an méid a tharraingíonn aird an oideora – gníomhaíocht athfhillteach, b’fhéidir, scil nua nó focal nua. Sa chleachtas, déanann an t oideoir taifead den tráth a tugadh faoi deara trí chur síos a dhéanamh ar a raibh á dhéanamh nó á chur in iúl ag an naíonán, ag an lapadán nó ag an leanbh óg agus tugann sé nó sí faoi deara na meonta, na scileanna, na dearcthaí, na luachanna nó an t eolas a bhí follasach.
- Is éard atá i gceist le cothú an fhoghlaim atá ag tarlú ag an tráth a aithint, a ainmniú agus a dhearbhú. Is éard atá i gceist leis sin go bpléann an t oideoir ar bhealach fiúntach leis an naíonán, leis an lapadán nó leis an leanbh óg trí idirghníomhaíochtaí lena dtacaítear le ceangal agus fiosracht. Sa chleachtas, déanann an t oideoir an acmhainn foghlama infheicthe. Is é an rud is tábhachtaí go n aithníonn sé nó sí tábhacht an trátha agus go bhfreagraíonn sé nó sí ar bhealaí lena dtacaítear le cearta agus cumas gníomhúcháin an naíonáin, an lapadáin nó an linbh óig.
- Is éard atá i gceist le freagairt pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim agus í a leathnú trí shampla an naíonáin, an lapadáin nó an linbh óig a leanúint. Is iomaí cineál is féidir a bheith i gceist leis sin – trí ghníomhartha beaga, caolchúiseacha scaití, agus trí eispéiris níos intinní tráthanna eile amhail acmhainní nó briogadh difriúil a chur isteach chun tacú le bonn fiosrúcháin nua nó ábhar spéise éiritheach. Sa chleachtas, is féidir go gcruthóidh an t oideoir briogadh freagrúil, go bpleanálfaidh sé nó sí eispéireas leantach, nó díreach go dtairgfidh sé nó sí spreagadh trí mheangadh nó sméideadh. Trí gach freagra treisítear cumas gníomhúcháin agus rannpháirteachas an naíonáin, an lapadáin nó an linbh óig, rud a léiríonn go bhfuil a chuid nó a cuid smaointe agus ábhar spéise luachmhar.
- Maidir le machnamh a dhéanamh, baineann sin le tuiscint a fháil ar an bhfoghlaim a rinneadh. D’fhéadfadh sé go gcuimhneodh an t oideoir ar ar oibrigh go maith agus ar an bhfáth leis sin, ar ar fhoghlaim sé nó sí faoi mheonta, ábhair spéise nó caidrimh an naíonáin, an lapadáin nó an linbh óig agus faoin dóigh a bhféadfadh sé nó sí a chur chuige nó a cur chuige a leathnú nó a oiriúnú an chéad uair eile. Sa chleachtas, ach machnamh a dhéanamh, cibé acu trí mhachnamh ciúin, plé nó nótaí scríofa, tairgtear léargas luachmhar agus cuidítear le pleanáil a mhúnlú amach anseo ar bhealaí fiúntacha, freagrúla.
Is féidir le taifeadadh na foghlama agus na forbartha tarlú ag gach céim den timthriall machnamhach. Is próiseas leanúnach é lena ngabhtar scéal síorathraitheach thuras luathfhoghlama gach naíonáin, lapadáin agus linbh óig, le linn a bheith ag nascadh go fiúntach freisin le Prionsabail agus Téamaí Aistear. Tríd sin, tarraingítear aird ar a gcuid ábhar spéise, fiosruithe, agus meonta, luachanna agus dearcthaí atá á bhforbairt i dteannta samplaí dá gcuid taiscéalaíochtaí, fiosrachta agus eispéireas foghlama. Aon uair is féidir, áirítear guth an naíonáin, an lapadáin agus linbh óig – trína chuid nó trína cuid focal, líníochtaí, péinteálacha nó grianghraf a roghnaigh sé nó sí féin. Cuimhníonn an t oideoir ar conas a threorófar na chéad chéimeanna eile leis an doiciméadú, agus conas a chomhroinnfear é le teaghlaigh nó comhghleacaithe chun tacú le foghlaim agus forbairt leanúnach an naíonáin, an lapadáin nó an linbh óig.
Tá sé tábhachtach cuimhneamh air go mbeidh cuma dhifriúil ar Thimthriall Machnamhach na Pleanála agus an Mheasúnaithe i ngach suíomh luathbhlianta. Tá gach comhthéacs – agus gach grúpa naíonán, lapadán agus leanaí óga – uathúil. Is é an rud is tábhachtaí go bpléann oideoirí leis an timthriall ar bhealaí atá fiúntach agus ábhartha dá gcuid cleachtais laethúil. Trí úsáid a bhaint as a mbreithiúnas gairmiúil chun an timthriall a léirmhíniú, cinntíonn oideoirí go leanann sé de bheith solúbtha, praiticiúil agus freagrúil d’fhírinní an chleachtais laethúil.
Tá acmhainní, samplaí agus treoir chun tacú leis an Timthriall Machnamhach a úsáid á bhforbairt faoi láthair agus beidh siad ar fáil in 2026 – coinnigh súil amach!
Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.